Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

1 Eoin 5 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil V Gur cóṁarṫa graḋ Dé, graḋ ḃeiṫ ar ċloinn Dé agus coiṁead a aiṫeanta, noċ atá sáiḋeanta tar an seinreaċd.

1 Giḋ bé ċreideas gur ab é Iósa an Críosd atá sé ar na ṫuismeaḋ ó Ḋía: agus gaċ áon ġraḋuiġeas an tuismiġṫeóir gráḋuiḋe se mar an gcéudna an tí do tuismeaḋ úaḋ.

2 As air so aiṫniġeamáoid go ḃfuil gráḋ aguinn do ċloinn De, an tan ḃíos gráḋ do Ḋía aguinn, agus ċoiṁéudamáoid a aiṫeanta.

3 Oír a sé so gráḋ Dé, eaḋon sinne do ċoiṁéud a aiṫeantaḋ: agus ní ḃfuilid a aiṫeanta trom.

4 Oír beíriḋ gaċ ní atá ar na ṫuismeaḋ ó Ḋía buáiḋ ar an tsáoġal: agus a sí so an ḃuáiḋ rug buáiḋ ar a tsáoġal, eaḋon ar gcreideaṁne.

5 Cía ḃeireas buáiḋ ar a tsáoġal, aċd an tí ċreideas gur ab é Iósa Mac Dé?

6 A sé so an tí ṫáinic tré uisge agus tré ḟuil, Iósa Críosd; ní tré uisge aṁáin, aċd tré uisge agus tré ḟuil. Agus a se an Spiorad do ní dfíaḋnuise, gur fírinne an Spiorad.

7 Oír atá tríur ar neaṁ do ní fíaḋnuise, an Taṫair, an Bríaṫar, agus an Sbiorad Náoṁ: agus atáid an tríursa na náon.

8 Agus atá tríur ar an dtalaṁ do ní fíaḋnuise, an sbiorad, agus an tuisge, agus an ḟuil: agus tigid an tríursa ré ċéile ar áon ní.

9 Dá ngaḃam ċuguinn fíaḋnuise dáoineaḋ, as mó na sin fíaḋnuise Dé: óir a sí so fíaḋnuise Dé noċ do rinne sé dfíaḋnuise a dtáoḃ a Ṁic.

10 An tí ċreideas a Mac Dé atá an ḟíaḋnuise aige ann féin: an tí naċ ccreideann Día do rinne sé bréugaċ é; do ḃríġ nar ċréid sé don ḟiaḋnuise noċ do rinne Día a dtáoḃ a Ṁic.

11 Agus a sí so an ḟíaḋnuise sin, go dtug Día an ḃeaṫa ṁarṫannaċ ḋúinne, agus is ann a Ṁac atá an ḃeaṫasa.

12 An tí agá ḃfuil an Mac aige atá an ḃeaṫa aige; an tí ag naċ ḃfuil Mac Dé ní ḃfuil an ḃeaṫa aige.

13 Do sgríoḃ mé na neiṫese ċuguiḃse a ḋream ċreideas a nainm Ṁic Dé; ċum a ḟeasa do ḃeiṫ aguiḃ go ḃfuil an ḃeaṫa ṁarṫannaċ aguiḃ, agus ionnus go gcreidfeaṡ siḃ a nainm Ṁic Dé.

14 Agus a sé so an dóṫċas atá aguinn as, éaḋon, ma íarrmuid éinne air do réir a ṫola, go néisdeann sé rinn:

15 Agus má atá a ḟios aguinn go néisdeann sé sinn, fá gaċ ní dá sirmíd, atá a ḟios aguinn go ḃfuilid na híarratais do íarramar air ar faġáil aguinn.

16 Dá ḃfaiciḋ éinneaċ a ḋearḃráṫair ag peacuġaḋ a bpeacaḋ naċ ḃfuil ċum báis, íarraiḋ sé, agus do ḃéura sé beaṫa don tí naċ déun peacaḋ ċum báis. Ata peacaḋ ann ċum báis: ní air a ṡon sin a deirim leis guíḋe.

17 As peacaḋ gaċ uile eugcóir: giḋeaḋ atá peacaḋ ann naċ ḃfuil ċum báis.

18 Atá a ḟios aguinn gaċ neaċ atá ar na ṫuismeaḋ ó Ḋía naċ bpeacuiġeann sé; aċd an tí atá ar na ṫuismeaḋ ó Ḋía, bí coiṁéudaċ air féin, agus ní ḃeanann an droċ spiorad ris.

19 Atá a ḟios aguinn gur ab ó Ḋía atámuid, agus go ḃfuil an sáoġal uile na luiḋe sa nolc.

20 Aċd atá a ḟios aguinn go dtáinic Mac Dé, agus go dtúg sé tuigse ḋúinn, ris an Día ḟíre daiṫniuġaḋ, agus atamuid sa Día ḟíre sin, ann a Ṁac Iósa Críosd. A sé so an fír-Ḋía, agus an ḃeaṫa ṁarṫannaċ.

21 A ċlann ḃeag, coiṁéuduiġ siḃ féin air ioḋaluiḃ. Amén.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan