1 Eoin 4 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil IV An teagasg adṁuiġeas Críosd na Ṁac Dé, na Ṡlánuiġṫeóir ḋáoine, agus na ḟear múinte na firinne, gur ó Ḋía atá. 1 A ċairde, na creidiġ gaċ éin spiorad, aċd dearḃuiḋ na spioruid an ó Ḋía atáid: óir do ċúadar morán dfáiḋiḃ fallsa amaċ fán doṁan. 2 Is as so is aiṫeanta ḋíḃ Spiorad Dé: gaċ spiorad adṁuiġeas go dtainic Iósa Críosd a gcoluinn, is ó Ḋía atá sé. 3 Aċd gaċ Sbíoruid naċ adṁuiġeann go dtáinic Iósa Críosd a gcoluinn ní ó Ḋía atá sé: aċd a sé sbiorad a nainnticríosd é, air a gcúalaḃair iomráḋ go dtiucfaḋ sé; agus atá sé a nois ċeana sa doṁan. 4 A ċlann ḃeag, as ó Ḋía atá siḃse, agus rugaḃair buáiḋ orrṫasan: óir as mó an tí atá ionnuiḃse, na an tí atá sa doṁan. 5 As don tsáoġal íadsan: uime sin laḃruid neiṫe sáoġalta, agus do ḃeir an sáoġal éisdeaċd dóiḃ. 6 As ó Ḋía atámuidne: an tí atá a neólas Dé éisdiġ sé rinn; an tí naċ ḃfuil ó Ḋía ní éisdeann sé rinn. Is as so aiṫniġemid sbiorad na fírinne, agus sbiorad an tseaċráin. 7 A ċáirde, bíoḋ gráḋ aguinn dá ċéile: óir as ó Ḋía tig an graḋ; agus giḋ bé neaċ ġráḋuiġeas atá sé ar na ġeineaṁuin ó Ḋía, agus is aiṫniḋ ḋó Día. 8 An tí naċ gráḋuiġeann ní ḃfuil eólas Dé aige; óir as gráḋ é Día. 9 An so do foillsiġeaḋ gráḋ Dé ḋúinne, eaḋon gur ċuir sé úaḋa a éinġin Ṁic air a tsáoġal, ċum go mairfeaḋ sinne ṫríd. 10 As ann so atá an gráḋ, ní hé go dtugamairne gráḋ do Ḋía, aċd go dtug seision gráḋ ḋúinne, agus gur ċuir úaḋ a Ṁac féin na ioḋbairt réitiġ air son ar bpeacuiġne. 11 A ċáirde, má ġráḋuiġ Día sinne mar sin, atá dfíaċuiḃ oruiḃe mar an gcéudna a ċéile do ġráḋuġaḋ. 12 Ní ḟacuiḋ éinneaċ Día riaṁ. Dá raiḃ gráḋ aguinn dá ċéile, atá Día na ċóṁnuiġe ionnuinn, agus atá a ġráḋ go diongṁálta ionnuinn. 13 Is as so aiṫniġemíd sinn do ḃeiṫ ar gcóṁnuiġe annsan, agus eisean ionnuinne, do ḃríġ go dtug sé ḋuinn tioḋluice na Sbioruide. 14 Agus do ċonncamar agus do níomuid dfíaḋnuise gur ċuir an Taṫair an Mac úaḋ, na Ṡlánaiġṫeóir an doṁuin. 15 Giḋ bé aídṁeóċas gur ab é Iósa Mac Dé, atá Día na ċoṁnuiġe ann, agus eision a Ndía. 16 Agus do aiṫneaṁar agus do ċreideamar an gráḋ atá ag Día ḋúinn. Is gráḋ é Día; agus an tí ċoṁnuiġeas a ngráḋ, coṁnuiġe sé a Ndía, agus Día annsan. 17 As tríd so atá an gráḋ ar na ċoiṁlíonaḋ ionnuinne, ionnus go mbíaḋ dánaċd aguinn a ló an ḃreiṫeaṁnuis, do ḃríġ gur do réir mar atá seision, atámuidne fós sa tsáoġalsa. 18 Ní ḃfuil eagla sa ngráḋ; aċd cuiriḋ an gráḋ diongṁálta eagla amaċ úaḋ: óir atá pían aig an neagla. Uime sin giḋ bé ar a mbí eagla ní ḃfuil sé diongṁálta a ngráḋ. 19 Ḃeirmíd gráḋ ḋósan, do ḃríġ gur ġráḋuiġ sé sinn ar tús. 20 Dá nabra éinneaċ, atá gráḋ agum air Ḋía, agus fúaṫ ḃeiṫ aige air a ḋearḃráṫair, is bréugaċ é: Oír cionnas is éidir don tí naċ gráḋuiġeann a ḋearḃráṫair do ċonnairc sé, gráḋ ṫaḃairt do Ḋía naċ ḃfacuiḋ sé? 21 Agus atá a náiṫese aguinn úaḋsan, An tí ġráḋuiġeas Día go nġráḋuġaḋ sé a ḋearḃtáṫar mar an gcéudna. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society