Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

1 Eoin 3 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil III Gurab suáiḃneas ċíuinn Dé, graḋ, agus gníoṁ ġlan.

1 Tuguiḋ dá ḃur naire, créd é méud an ġráḋa tug an Taṫair ḋúinne, as a ngoirfiḋe clann Dé ḋínn: is uime so naċ aiṫniḋ don tsáoġal sinn, do ḃríġ naċ aiṫniḋ ḋó eisean.

2 A ċáirde, as clann do Ḋía sinn a nois, aċd ní léir fós créd ḃus sinn: giḋeaḋ atá a ḟios aguinn, an tan ḟoillséoċar eision, go mbíam cosṁuil ris; óir do ċífeam é do réir mar atá sé.

3 Agus gaċ neaċ agá ḃfuil an ṁuniġinse aige annsan, glanuiḋ sé é féin, do réir mar atá seisíon glan.

4 Giḋ bé neaċ do ní peacaḋ sáruiġe sé an reaċd mar an gcéudna: óir a sé as peacaḋ ann sáruġaḋ an reaċda.

5 Agus atá a ḟios aguiḃ gur ab uime do foillsiġeaḋ eision ċum ar bpeacuiġne do ċur ar gcúl; agus ní ḃfuil peacaḋ ar biṫ annsan.

6 Giḋ bé neaċ ċóṁnuiġeas annsan, ní ṗeacuiġeann sé: giḋ bé neaċ do ní peacaḋ ní ḟacuiḋ sé eision, agus ní raiḃ aiṫne aige air.

7 A ċlann ḃeag, ná meallaḋ éinneaċ siḃ: an tí leanas do nfíréuntaċd as firéun é, do réir mar atá seision ná ḟiréun.

8 An tí do ní peacaḋ, as ón díaḃal atá sé; óir atá an díaḃal ag déunaṁ peacuiġ ó ṫosaċ. As ċuige so do foillsiġeaḋ Mac Dé, ionnus go sgaóilfeaḋ sé oibreaċa an díaḃail.

9 Giḋ bé neaċ ġeintear ó Ḋía ní ḋéuna sé peacaḋ; óir do ní a ṡíolsan coṁnuiġe ann: agus ní héidir leis peacaḋ do ḋéunaṁ, do ḃríġ go ḃfuil sé ar na ġeineaṁuin ó Ḋía.

10 Is as so aiṫeantar clann Dé, agus clann an díaḃail: giḋ bé naċ leanann do nfíréuntaċd ní ó Ḋía atá sé, ná an tí naċ dtaḃair gráḋ ḋá ḋearḃraṫair.

11 Oír a sí so an teaċdaireaċd do ċúalaḃair ó ṫosuiġ, eaḋon sinne do ṫaḃairt gráḋ ḋá ċéile.

12 Ní do nós Ċáin, noċ do ḃí ón droċ spioruid, agus do ṁarḃ a ḋearḃráṫair. Agus créd é an taḋḃar fár ṁarḃ sé é? Do ḃríġ go raḃadar a oibreaċa féin go holc, agus oíbreaċa a ḋearḃráṫar fíreunta.

13 A ḋearḃráiṫre, na bíoḋ íongnaḋ aguiḃ, fá ḟúaṫ ḃeiṫ ag an tsáoġal oruiḃ.

14 Atá a ḟios aguinne gur haṫruiġeaḋ sinn ó ḃás go beaṫa, do ḃríġ go ḃfuil gráḋ aguinn air na dearḃráiṫriḃ. An tí naċ gráḋuiġeann a ḋearḃraṫair cóṁnuiġe sé a mbás.

15 Giḋ bé neaċ ḟúaṫuiġeas a ḋearḃráṫair as fear dúnṁarḃṫa é: agus atá a ḟios aguiḃ naċ déunann an ḃeaṫa marṫannaċ coṁnuiġe a ḃfear dúnṁarḃṫa ar biṫ.

16 Is as so is aiṫniġ ḋúinn gráḋ Dé, gur ċuir sé a anum síos air ar soinne: uime sin atá dfíaċuiḃ oruinne ar nanmanna do ċur síos ar son ar ndearḃraiṫreaċ.

17 Agus giḋ bé agá ḃfuil maóin an tsáoġailse, agus do ċí a ḋearḃráṫair a ríaċdanas, agus naċ déun trúaiġe ḋó, cionnus ċoṁnuiġeas graḋ Dé ann?

18 A ċlann ḃeag, nár ab a mbréiṫir, ná a dteanguiḋ ḃías ḃur ngráḋ; aċd a ngníoṁ agus a ḃfírinne.

19 Agus aiṫniġeamaóid as so gur don ḟírinne sinn, agus do ḃéuram air ar gcroiḋṫiḃ ḃeiṫ deiṁniġṫe na ḟíaḋnuisesion.

20 Oír dá ndáoruiḋ ar gcroiḋe sinn, as mó fós Día ná ar gcroiḋe, agus atá fios na nuíle neiṫeann aige.

21 A ċáirde, muna ndáoruiġ ar gcroiḋe sinn, as éidir linn ḃeiṫ dána ar Ḋía.

22 Agus gaċ ní ṡirmid, do ġeiḃmíd úaḋ é, do ḃríġ go gcoiṁéudamaóid a aiṫeanta, agus go ndéunamaóid na neiṫe ar a ḃfuile gean aige.

23 Agus a sí so a áiṫne, Go ccreidfeaḋ sinne a nainm a Ṁic Iósa Críosd, agus a ċéile do ġráḋuġaḋ, réir na háiṫne tug seision dúinn.

24 Oír an tí ċoiṁéudas a aiṫeanta coṁnuiġe sé ann, agus eisean annsan. Agus is as so aiṫniġemíd eisean do ḃeiṫ na ċoṁnuiġe íonnuinn, as an Sbioruid tug sé ḋúinn.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan