Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

1 Eoin 2 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil II An uile ṗeacaḋ tre laige, atáid liaiġiste re tuillteanas Ċríosd.

1 A ċlann ḃeag, sgríoḃuim na neiṫese ċuguiḃ, ionnus naċ déunaḋ siḃ peacaḋ. Agus má rinne éinneaċ peacaḋ, atá aḃcóidiġ aguinn a ḃfoċair a Naṫar, Iósa Críosd an firéún.

2 Agus is eision an réiḋteaċ air son ar bpeacuiġne: ní ar son ar bpeacuiġne aṁáín, aċd air son an doṁuin uile mar an gcéudna.

3 Agus is as so is deiṁin linn aiṫne do ḃeiṫ aguinn air, dá gcoiṁéudam a aiṫeanta.

4 An tí a deir, Atá aiṫne agum air, agus naċ ccoiṁéudann a aiṫeanta, as bréugaċ é, agus ní ḃfuil fírinne ann.

5 Aċd an tí ċoiṁéudas a ḃríaṫar, as ann atá gráḋ Dé ar na ċoiṁlíonaḋ go fírinneaċ: as so aiṫniġmíd sinn féin do ḃeiṫ annsan.

6 An tí a deir go ḃfuil sé na ċoṁnuiġe annsan atá dfíaċuiḃ air síuḃal, réir mar do ṡiuḃaíl seision.

7 A ḋearḃráiṫre, ní háiṫne núaḋ sgríoḃum ċuguiḃ, aċd an tseanáiṫne do ḃí aguiḃ ó ṫosuiġ.

8 A rís, sgríoḃuim áiṫne núaḋ ċuguiḃ, noċ atá fírinneaċ annsan agus ionnuiḃse: óir atá an dorċadas ag imṫeaċd ṫoruinn, agus atá an solas fírinneaċ a nois ag soillsiuġaḋ.

9 An tí a deir é féin do ḃeiṫ sa tsolas, agus ḟúaiṫiġeas a ḋearḃráṫair, atá sé sa dorċadus gus a nois.

10 An tí ġráḋuiġeas a ḋearḃráṫair atá sé na ċoṁnuiġe sa tsolas, agus ní ḃfuil oilḃéim ann.

11 Aċd an tí ḟuáiṫiġeas a ḋearḃráṫair atá sé a ndorċadas, agus siuḃluiḋ sé a ndorċadas, agus ní eadair sé cá háit a ngaḃann, do ḃríġ gur ḋall an corċadas a ṡúile.

12 Sgríoḃuim ċuguiḃ, a ċlann ḃeag, do ḃríġ go ḃfuilid ḃur bpeacuiḋ ar na maiṫeaṁ ḋíḃ ar son a anmasan.

13 Sgríoḃuim ċuguiḃ, a aiṫreaċa, do ḃríġ gur ab aiṫne ḋíḃ an tí atá ann ó ṫosuiġ. Sgríoḃuim ċuguiḃ, a ogánaċa, do ḃríġ go rugaḃair buáiḋ ar an droċ spioruid. Sgríoḃuim ċuguiḃ, a leanba beaga, do ḃríġ gur an aiṫne ḋíḃ an Taṫair.

14 Do sgríoḃ mé ċuguiḃ, a aiṫreaċa, do ḃriġ gur ab aiṫne ḋíḃ an tí ata ann ó ṫosuiġ. Do sgríoḃ mé ċuguiḃ, a ógánaċa, do ḃríġ go ḃfuil siḃ láidir, agus go ḃfuil bríaṫar Dé na coṁnuiġe ionnuiḃ, agus go rugaḃair buáiḋ ar an droċ spioruid.

15 Ná tuguiḋ gráḋ don tsáoġal, ná do na neiṫiḃ atá sa tsáoġal. Dá dtuguiḋ neaċ ar biṫ gráḋ don tsáoġal, ní ḃfuil gráḋ a Naṫar ann.

16 Oír gaċ ní atá sa tsáoġal, mar atá ainṁían na colla, agus ainṁían na súl, agus úaḃar na beaṫa, ní ó Naṫair atáid síad, aċd is ón tsáoġal atáid.

17 Agus atá an sáoġal ag imṫeaċd ṫoruinn, agus a ainṁían: aċd an tí do ní toil Dé mairiḋ sé go siorruiḋe.

18 A leanba beaga, atá a naimsir ḋeiġeanaċ ann: agus aṁuil do ċúalaḃair go dtiucfaḋ an tainticríosd, atáid a nois ċeana morán daintícríosduiḃ ar néirġe ann; ar a naiṫniġemíd a naimsir ḋeiġeanaċ do ḃeiṫ a laṫair.

19 Do ċúadar amaċ as ar measgne, oir ní raḃadar ḋínn: óir dá mbéidís dínn, dfanfaidís go deiṁin má ráon rinn: aċd dimṫiġeadar uainn, ionnus go maḋ follas naċ dínne íad uile.

20 Giḋeaḋ atá ungaḋ aguiḃse ón Neaċ Náoṁṫa, agus atá eólus aguiḃ ar na huile neiṫiḃ.

21 Ní huime sgríoḃ mé ċuguiḃ do ḃríġ go raiḃ siḃse ainḃfiosaċ sa ḃfirinne, aċd ar a naḋḃar go ḃfuil a eólus aguiḃ, agus naċ ḃfuil bréug ar biṫ ón ḃfírinne.

22 Cía atá na ḃréugaire aċd an tí ṡéunus gur ab é Iósa is Críosd ann? A sé so an tainticríosd, noċ ṡéunus an Taṫair agus an Mac.

23 Giḋ bé ṡéunas an Mac, ní ḃfuil an Taṫair aige: giḋ bé adṁuiġeas an Mac atá an Taṫair aige mar an gcéudna.

24 Uime sin coṁnuiġeaḋ an ní do ċúalaḃair ó ṫosuiġ ionnuiḃ. Dá gcoṁnuiġiḋ an ní do ċúalaḃair ó ṫosuiġ ionnuiḃ, biáiḋ siḃse mar an gcéudna ḃur gcóṁnuiġe sa Ṁac, agus sa Naṫair.

25 Agus a sé so an geallaḋ do ġeall sé ḋúinn, eaḋon an ḃeaṫa ṁarṫannaċ.

26 Do sgríoḃ me na neiṫese ċuguiḃ a dtimċioll na druinge ḃíos da ḃur meallaḋ.

27 Aċd atá an tungaḋ do ġlacaḃair úaḋsan na ċoṁnuiġe ionnuiḃ, agus ní ḃfuil na riaċdanus oruiḃ neaċ ar biṫ ḃur múnaḋ: aċd mar ṁuineas an tungaḋ sin siḃ a dtáoḃ na nuile neiṫeann, agus as fírinneaċ é, agus ní ḃfuil bréug ann, agus do réir mar do ṁúin sé siḃ, do ḋéunuiḋ siḃ coṁnuiġ annsan.

28 Agus a nois, a ċlann ḃeag, déunuiġ coṁnuiġe annsan; ionnas, an tan ḟoillseóċar é, go mbiáḋ dánaċd aguinn, agus naċ mbiáiḋ náire oruinn na ḟiaḋnuise an tan ṫiucfas sé.

29 Más feasaċ siḃ eision do ḃeiṫ fíréunta, bíoḋ fios aguiḃ gur úaḋasan ġeintear gaċ áon leanas don ḟiréuntaċd.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan