1 Eoin 1 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil I Cumann ḋuine ré Día, 6 ar na ḋearḃaḋ le beaṫa ṡoillier ġlan. 1 An ní do ḃí ann ó ṫús, an ní do ċúalamar, an ní do ċonncamar ré ar súiliḃ féin, an ní air ar ḟéuċamar, agus do ġlacadar ar láṁa, a dtáoḃ Ḃréiṫre na beaṫa; 2 (Oír do foillsiġeaḋ an ḃeaṫa, agus do ċonncamairne, agus do nimid dfíaḋnuise, agus foillsiġemid díḃse an ḃeaṫa ṁarṫannaċ úd, noċ do ḃí ag a Naṫair, agus atá ar na foillsuġaḋ ḋúinne;) 3 A ní do ċonncamar agus do ċúalamar atámáoid ḋá ḟoillsiuġaḋ ḋiḃse, ionnus go mbíaḋ cumann aguiḃse mar an gcéudna rinne: agus ar gcumainne fós ris a Naṫair, agus ré na Ṁac Iósa Críosd. 4 Agus sgríoḃamáoid na neiṫese ċuguiḃ, ċum ḃur ngáirdeaċais do ḃeiṫ iomlán. 5 Agus a sí so an teaċdaireaċd do ċúalamar úaḋsan, agus ḟoillsiġeamáoid ḋíḃse, eaḋon gur solas é Día, agus naċ ḃfuil dorċadus ar biṫ ann. 6 Dá nabram go ḃfuil cumann aguinn ris, agus sinn ag siuḃal a ndorċadus, do nímid bréug, agus ní leanmáoid an ḟírinne. 7 Aċd da siuḃlam sa tsolas, aṁuil atá seision sa tsolas, atá cumann aguinn ré ċéíle, agus glanuiḋ fúil Iósa Críosd a Ṁicsion sinn ó nuile ṗeacaḋ. 8 Dá nabram naċ ḃfuil peacaḋ oruinn, atámuid dár meallaḋ féin, agus ní ḃfuil an ḟirinne aguinn. 9 Dá nadṁam ar bpeacuiḋ, atá seision fírinneaċ agus ceart re ar bpeacuiġ do ṁaiṫeaṁ ḋúinn, agus ré ar nglanaḋ ó anuile neaṁḟiréuntaċd. 10 Dá nabram naċ dearnamar peacaḋ, bréugnuiḋmíd eisean, agus ní ḃfuil a ḃríaṫar ionnuinn. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society