Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

1 Chum Timóteuis 6 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil VI Luċd na teaguisg eattrom, 4 do ṡeaċna, 6 aċd éadail na diaġaċd do gnoṫuġaḋ.

1 Tugaḋ gaċ a ḃfuil do ṡearḃḟoġantuiġuiḃ faói ċuing meas gur fiu a maiġisdreaġa a nuile onóir dfaġáil, ionnus naċ ḃfuiġeaḋ aimn Dé agus a ṫeagusg sgannail.

2 Agus an dream agá ḃfuilid maiġisdreaḋa deaġċreidṁeaċa, ná bíoḋ tarcuisne aca orrṫa do ḃríġ gur dearḃráiṫre íad; aċd go maḋ móide ḋéanuid seirḃis, do ḃríġ go ḃfuilid síad deaġċreidṁeaċ gráḋaċ, agus pártaċ sa dtioḋlacaḋ. Múin agus teaguisg na neiṫese.

3 Dá dtaḃruiḋ áoinneaċ aṫarraċ teaguisg úaḋa, agus naċ dtaḃair áonta do ḃriaṫruiḃ falláin, bríaṫra ar Dtíġearna Iósa Críosd, agus don teagusg atá réir ḋiaġaċda;

4 Atá sé uáiḃreaċ gun fios áoinneiṫe aige, aċd é ar sáoḃ céille a dtimċeall ċeasdann agus imreasan focal, tré na dtig miosguis, connsbóid, anċaint, droċ ḃaraṁla,

5 Diosbóireaċd ċíapálaċ ḋaóineaḋ truáilliġ na ninntinn, agus atá dealuiġṫe ris a nfírinne, agus ṡaóileas gur díaġaċd a néudáil: dealuiḋ ré na saṁuil sin do ḋaóiniḃ.

6 Giḋeaḋ is éudáil mór an díaġaċd maille ré neaċ ḃeiṫ sásdaḋ ré na staid féin.

7 Oír ní ṫugamar ní ar biṫ linn air a tsáoġal, is follas fós naċ féidir linn éinní ḃreiṫ as.

8 Uime sin an feaḋ atá bíaḋ agus éudaċ aguinn ar fáġail go maḋ lór linn é.

9 Aċd an dream lér mían ḃeiṫ saiḋḃir tuitid síad a gcáṫuġaḋ agus a ndul, agus a niomad ainṁían éigcéilliḋe díoġḃalaċa, naċ ṁúċas daóine a sgríos agus a milleaḋ.

10 Oír a sé gráḋ a nairgid fréuṁ na nuile olc: noċ ar mbeiṫ do ḋruing áiriġe ḋá ṡauntuġaḋ, do ċúadar ar seaċrán ón gcreideaṁ, agus do ṫolladar íad féin ṫríoṫaḋ ré hiomad dóilġis.

11 Aċd tusa, óglaóiċ Dé, seaċuin na neiṫese; agus lean dfíréuntaċd, do ḋíaġaċd, do ċreideaṁ, do ġráḋ, dfoiġid, agus do ċeannsaċd.

12 Déun coṁrac maiṫ sa gcreideaṁ, beir greim ar an mbeaṫa ṁarrṫannuiġ, ċum ar goireaḋ ṫú, agus ar a ndearnuíḋ tú adṁáil mnhaiṫ a láṫair ṁoráin dfíaġnuiḃ.

13 Aiṫním ḋíot ḃfíaḋnuisi Dé ḃéoḋuiġeas na huile neiṫe, agus Iósa Críosd, noċ do rinne fíaḋnuisi agus adṁáil ṁaiṫ a láṫair Ṗuinc Ṗíolaid:

14 Na haiṫeantasa do ċoiṁéud gan ċáiḋ, gan loċd, go teaċd ar Dtíġearna Iósa Críosd:

15 Noċ ḟoillseoċas na ám féin, an tí atá beannuiġe eaḋon an Coíṁḋe cúṁaċdaċ na áonar, Rí na ríġṫeaḋ, agus Tíġearna na dtíġearnaḋ;

16 Agá ḃfuil an neaṁmarḃṫaċd na áonar féidir dáonneaċ a roċduin; náċ ḃfácuiḋ duine ríaṁ, agus naċ ḃféudann ḟaicsin: onóir agus cúṁaċd síorruiḋe ḋó. Amen.

17 Fogair don druing atá sáiḃḃir sa tsáoġalsa, gan ḃeiṫ áirdinntinneaċ, ná a muiniġin do ċur a sáiḋḃreas neaṁbuáin, aċd sa Día ḃeó do ḃeir ḋúinne go sáiḋḃir na huile neiṫer ċum a ccaiṫṁe;

18 Máiṫ do ḋéunaṁ, ḃeiṫ sáiḋḃir a ndéaġoibriġṫiḃ, éusguiḋ fá na gcuid do ṫaḃair úaṫa, agus do róinn maille ré cumann;

19 Císde ċur a dtaisge ar ḟondaimeint ṁaiṫ ḋóiḃ féin ré haġuiḋ na haimsire atá ċum teaċda, ċum na béaṫa marrṫannuiġ do ġnóḋuġaḋ ḋóiḃ.

20 O a Ṫimotéuis, coiṁéid an ní fágḃaḋ táoḃ riot, agus seaċain cíapáil ḃríaṫar neaṁḋíaġa gan éifeaċd, agus conntrarrḋaċd ealaḋan náċ ḃfuil aċd na haínm ealaḋna:

21 Noċ ar mbeiṫ do ḋruing áiriġe ḋá hadṁáil do ċúadar ar seaċrán a dtimċioll an ċreidiṁ. Grása maille riot. Amén.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan