1 Chum Timóteuis 5 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil V Móḋ ṫaḃarta na naċṁasan: 3 onóir fós is cuḃaiḋ do ḃáintreaḃaċaiḃ díaḋa, 17 agus do Ṡinnsearaiḃ na Heagluise. 1 Na himḋearg seanóir, aċd teaguisg é mar aṫair; agus na hogánuiġ mar ḋearḃráiṫre; 2 Na mná áosda mar ṁáiṫre, agus na mná óga mar ḋeirḃṡeaṫraċa, maille ris a nuile ḟíorġloine. 3 Taḃair onóir do ḃainteaḃaċuiḃ noċ atá na mbaintreaḃaċa ḋá ríriḃ. 4 Giḋeaḋ má tá baintreaḃaċ ar biṫ agá ḃfuil clann no clan ċloinne, déunuidís fóġluim ar tús ar íad féin ṫaisbéunaḋ go díaġa ann a dtíġṫiḃ féin, agus ar ṁálairt do ṫáḃairt dá dtuismiġṫeóiriḃ: óir ís ní maiṫ geanaṁuil so a ḃfíaḋnuisi Dé. 5 Agus an ḃean atá na baintreaḃuiġ ḋá ríriḃ, agus ar na fagḃáil na háonar, cuíriḋ sí a muiniġin a Ndía, agus coṁnuiḋe sí do ló agus doiḋċe a nguiḋe agus núrnuiġiḃ. 6 Aċd an ḃaintreaḃaċ do ḃeir í féin do ṁacnus air mbeiṫ ḋí beó atá sí marḃ. 7 Uime sin áiṫin na neiṫese ḋíoḃ, ionnus go mbeidís neaṁloċdaċ. 8 Agus má atá aonduine náċ déun soláṫar dá ḋáoiniḃ féin, agus go mórṁór do luċd a ṫíġe, do ṡéun sé an creideaṁ, agus is measa é ná neaċ gan ċreideaṁ. 9 Toġṫar baintreaḃaċ naċ bí ní sa luġa ná trí fiċid blaiḋan dáois, do ḃí na mnáoi éinḟir. 10 Ar a raiḃ teisd ṁaiṫ as a deaġoibriġṫiḃ, má ġlac sí dáoine air aoiḋeaċd, má dionnuil sí cosa na náoṁ, má ṫug sí fóiriġṫin do luċd anṡoiġ, má lean sí do ġnáṫ gaċ déaġobair. 11 Aċd diúltuiġ na bainteaḃaċá óga: óir ar mbeiṫ ḋoíḃ macnasaċ a naġuiġ Ċríosd, is mían ríu pósaḋ; 12 Agá ḃfuil damnuġaḋ na gcionn, do ḃríġ gur ṫréigeadar an céud ċreideaṁ. 13 Agus fós ar mbeiṫ ḋóiḃ díoṁáoin, fóġlumuid síad dul fá gcúairt ó ṫiġ go tíġ; agus ni hé aṁáin ḃeiṫ díoṁáoin, aċd bíodánaċ mar an gcéudna agus dá sáṫaḋ féin sna neiṫiḃ naċ beanann ríu, ag ráḋ neiṫeann naċ bí ionnráiḋ. 14 Uime sin as toil leam na mná óga fir do ṗósaḋ, clan do ḃreiṫ, aire do ṫaḃairt do ġnoṫuiġiḃ an tíġe, agus gan cionfáṫa ar biṫ do ṫaḃairt do náiḋḃerseóir ré laḃairt go holc. 15 Oír do ḟilleadar dream áiriġe ċeana ar a nais a ndiáiġ Ṡatáin. 16 Má atá fear nó bean don druing ċreideas agá ḃfuilid baintreaḃaċa, tugaidís ḋóiḃ fóiriġin a ríaċdanuis, agus ná bíoḋ a muiriġin ar a neagluis; ionnus go mbíaḋ go lór aice ré ṫaḃairt do na fíoḃaintreaḃaċuiḃ. 17 Na sinnsir ríaġluiġeas go maiṫ, bíoḋ meas orrṫa gur fíu onóir ḋúbalta íad, go mórṁór an luċd ṡáoṫruiġeas sa mbréiṫir agus a dteagusg. 18 Oír a deir an sgriobtúir, Ná cuir ceangal ar ḃéul an daiṁ ḃrisios an tarḃar. Agus, As fíu an toibriġe lúaċ a ṡáoṫair. 19 Ná gaḃ casáoid a naġuiḋ ṡeanóra, gan fíaḋnuisi deisi nó trír. 20 An dream ṗeacuiḋeas imḋearg íad a ḃfíaḋnuisi ċáiċ uile, ionnus go ngéuḃaḋ eagla an ċuid eile mar an gcéudna. 21 Cuírim dúalaċ ort a ḃfíaḋnuisi Dé, agus an Tíġearna Iósa Criósd, agus na naingeal toġṫa, na neiṫese ċoiméud gan suim do ḃeiṫ agad a neaċ seaċ ar oile, gan ní ar biṫ ḋéunaṁ ḋuit go cláon. 22 Ná cuir láṁa go hobann ar áoinneaċ, agus ná bí pártaċ ré péacuiġiḃ ḋáoineaḋ eile: connaiṁ ṫú féin glan. 23 Ná híḃ uisge ní sa ṁó, aċd cleaċd beagan fíona ar son do ġaile agus héugcruás minic. 24 Bód peacuiġe ḋáoineaḋ airiġe follas roiṁ láiṁ, ag dul rompa ċum breiṫeaṁnuis; agus leanuid a peacuiḋ dream eile. 25 Mar an gcéudna fós bíd deaġoibre follas roiṁ láiṁ; agus na hoibreaċa átá ar ġléus eile ní féidir a ḃfolaċ. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society