Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

1 Chum Timóteuis 4 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil IV Tairrgir attáoḃ ḟúarċreideaṁ, agus ċraḃuḋ ċoiṁiġeaċ na naimsire deiġionnaċ.

1 Aċd a deir an Sbiorad go follas, go dtréigfiḋ dream áiriġe an creideaṁ sna haimsearuiḃ deiġeanaċa, ag taḃairt aire do sbioraduiḃ seaċranaċa, agus do ṫeagusguiḃ deaṁan;

2 Tre ċlúainecreaċd luċd laḃarṫa na breéige; mar mbeiṫ dá ccoinnsíasuiḃ ar na losgaḋ ré híarann dearg;

3 Noċ ṫoirmisgeas pósaḋ, an bíaḋ do ṡeaċna, noċ do ċrúṫuiġ Día ċum a ċaiṫṁe maille re haltuġaḋ don druing ċreideas agus agá ḃfuil fios na fírinne.

4 Oír as maiṫ gaċ ní do ċrúṫuiġ Día, agus ní cóir éinní deiteaċ, aċd go ngaḃṫar é máille ré breiṫ ḃuiḋeaċuis:

5 Oír do níṫear náoṁṫa é tré ḃréiṫir Dé agus tré urnuiġe.

6 Dá gcuiriḋ tú na neiṫesi a gcéill do na dearḃráiṫriḃ, biáḋ tú ad ṁinisdir ṁaiṫ Diósa Críosd, ar mbeiṫ ḋuit oilte a mbríaṫruiḃ an ċreidiṁ agus an teagusg ṁaiṫ, dár lean tú.

7 Giḋeaḋ seaċain sgéula fáḃuil neaṁḋíaġa caillċúla, agus cleaċd ṫú féin ċum díaġaċda.

8 Oír as beag an tarḃa a dtéid an cleaċdaḋ corparrḋa: aċd is tarḃaċ an díaġaċd ċum na nuile neiṫeann, agá ḃfuil geallaḋ na beaṫa atá a laṫair, agus ċum teaċda.

9 As ráḋ fírinneaċ so agus atá sé iongaḃála ris ar gaċ éunċor.

10 Oír as uime do nimíd sáoṫar agus imḋeargṫar sinn, do ḃríġ go ḃfuil ar muiniġin a Ndía ḃí, agár ab é as fear sáorṫa do na huile ḋáoiniḃ, go mórṁór do druing ċreideas.

11 Fógair agus teaguisg na neiṫese.

12 Ná bíoḋ tarcuisne ag áoinneaċ ar hóige; aċd bí mar eisiompláir don druing agá ḃfuil creideaṁ, a mbréiṫir, a gcoinḃearsaid, a ngráḋ, a sbioruid, a gcreideaṁ, agus a ḃfíorġloine.

13 Go teaċd daṁsa taḃair, haire do léiġṫóireaċd, do ṫeagusg, agus dfoirċeadal.

14 Ná léig failliḋe sa dtioḋlacaḋ atá ionnad, noċ tugaḋ ḋuit tré fáiḋeadóireaċd maille ré leagaḋ láṁ na sinnsear.

15 Smuáin ar na neiṫiḃse; cóṁnuiġ ionnta; ionnus go mbíaḋ do ṫeaċd ar haġuiḋ follas do na huile ḋáoiniḃ.

16 Taḃair aire ḋuit féin, agus do ṫeagusg; coṁnuiġ ionnta: oír dá ndéuna tú sin sáorfuiḋ tu ṫú féin, agus an drong éisdeas riot.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan