Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

1 Chum Timóteuis 3 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil III Deaġ ċoinġiolla ṁinisdreaḋ na heagluise.

1 As ráḋ fírinneaċ so, Má atá fonn ar áoinneaċ oifig easbuig do ġlacaḋ, íarruiḋ sé obair ṁaiṫ.

2 Uime sin as coir deasbóg a ḃeiṫ neaṁloċdaċ, na ḟior éunṁná, na ḋuine ḟaireaċ, ṁeassarrḋa, ṁacánta dáonnaċdaċ, réiḋ ċum teaguisg;

3 Gan ḃeiṫ roḟonnṁar a ḃfíon, gan ḃeiṫ buáilteaċ, gan dúil do ḃeiṫ aige a neudáil neaṁġloin; aċd ḃeiṫ ceannsaiġ, neaṁċeannairceaċ, neamṡanntaċ;

4 Agus na ḋuine ríaġluiġeas a ṫiġ féin go maiṫ, agá mbí a ċlánn fá úṁlaċd maille ris an uile ṫrómġaċd;

5 (Oír munab eól do neaċ a ṫiġ féin do riaġluġaḋ, cionnas ḃías cúram eagluise Dé air?)

6 Gan ḃeiṫ ḋó na noiḃíseaċ, deagla ar mbeiṫ ḋó líonta dúaḃar go duitfeaḋ sé a ndannuġaḋ an díaḃail.

7 As cóir ḋó fós deaġṫeisd do ḃeiṫ air ag an druing atá a muiṫ; deagla go ḃfuiġeaḋ se sgannuil agus go dtuitfeaḋ sé a ndul an díaḃal.

8 Mar an gcéudma as cóir do na deaoċánuiḃ ḃeiṫ trómḋa, gan a dteanguiḋ liom-leaċd, gan ḃeiṫo ḟonnṁar a ḃfíon, ná dúil do ḃeiṫ aca a néudáil neaṁġloin;

9 Ag congṁáil ṡeicréide an ċreidiṁ a gcoinnsías ġlan.

10 Agus déuntar íad so do ḋearḃaḋ mar an gcéudna ar tús; ná ḋíaiġ sin déunuid miniosdrálaċd, má ġeiḃṫear neaṁloċdaċ íad.

11 A mná már an gcéudna trómġa, neaṁṫaṫáoireaċ, súaiṁneaċ, ionruic sna huile neiṫiḃ.

12 Bíoḋ na deoċáin na ḃfearuiḃ áon ṁná, ag ríaġluġaḋ a gcloinne agus a dtiġṫeaḋ féin go cúḃaiḋ.

13 Oir an dream do ní miniosdrálaċd go maiṫ gnoḋniġid síad céim maiṫ ḋóiḃ féin, agus dánaċ ṁór trés an gcreideaṁ atá a Niósa Críosd.

14 Sgrioḃuim na neiṫese ċugad, ar mbeiṫ ḋaṁ muiniġneaċ re ṫeaċd go haiṫġearr a ttionnsuiġe.

15 Aċd ma ním muill ré ṫeaċd, ċum a ḟeasa do ḃeiṫ agad cionnas as cóir ḋuit ṫú féin diomċar a dtiġ Dé, eaḋon eagluis Dé ḃí, posda agus daingean na fírinne.

16 Agus gan aṁarus as mór seicréod na díaġaċda: Do rinneaḋ Día follas sa ccoluinn, do foillsiġeaḋ é na ḟiréun sam Sbioruid: do ċonncas é ré haingliḃ, do rinneaḋ a ṡéanmóir do na Cineaḋaċuiḃ, do ċreideaḋ ḋó sa tsáoġal, agus do gaḃaḋ súas ċum glóire é.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan