Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

1 Chum Timóteuis 2 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil II Onoir dúaċdaranuiḃ; 9 cúlaiḋ iomċudḃuiḋ, 11 agus ciuinas na mban ó ṫeagusg ċoitċionn do ṫaḃairt úaṫa.

1 Uime sin teaguisgim, ṫair gaċ éinní, aṫċuinġe, guiḋe, urnuiġe, agus altuġaḋ, ar son na huile ḋáoineaḋ;

2 Ar son na ríġṫeaḋ, agus ar son na nuile agá ḃfuil cúṁaċda; ċum ar mbeaṫa do ċaiṫeaṁ go sm mbeaṫa do ċaiṫeaṁ go súaiṁneaċ sioṫċánta ḋúinn a nuile ċráiḃṫeaċd agus ċneasdaċd.

3 Oír is maiṫ agus is geannaṁuil so a ḃfíaḋnuise Dé ar Slánaiġṫeóir;

4 Ré ar mían na huile ḋáoine ṡáoraḋ, agus íad ṫeaċd ċum eólais na fírinne.

5 Oír is áoin Ndía atá ann, agus áon eidirṁeaḋontóir eidir Ḋía agus ḋáoiniḃ, eaḋon an duine Iósa Críosd;

6 Noċ tug é féin na ḟúasglaḋ ar son na nuile ḋáoineaḋ, mar ḟiaḋnuise a nám iomċuḃaiḋ.

7 Ċum ar hórduiġeaḋ misi um ṡeanmóntuiġ, agus um absdal, (láḃruim a nfírinne a Gcríosd, ní ḋéunuim bréug); um ḟear teaguisg na Gcineaḋaċ, a gcreideaṁ agus a ḃfírinne.

8 Uime sin as mían rium na fir do ḋéunaṁ úrnuiġe sa nuile áit, ag tógḃáil súas a láṁ náoṁṫa, gan ḟeirg gan aṁarus.

9 Agus na mná mar an gcéudna, do ċur éuduiġ iomċúḃaiḋ iompa, maille ré haḋnáire agus ré macántus; ní ré grúaig ċasda, ná ré hór, ná ré péurlaiġiḃ, ná ré cúluiġeaċuiḃ mórluáiḋ;

10 Aċd (mar is cúḃaiḋ do ṁnáiḃ ġeallus cráḃáḋ) ré deaġoibriġiḃ.

11 Déunaḋ an ḃean fóġluim a gcíuinus maille ris a nuile úṁlaċd.

12 Oír ní ṫuguim cead do ṁnáoi teagusg do ṫaḃairt uáiṫe, ná ceannas do ḃeiṫ aice ós cionn a nfir, aċd ḃeiṫ na tóċd.

13 Oír a sé Aḋaṁ do crúṫuiġeaḋ ar tús, agus na ḋiáiġ sin Eúḃa.

14 Agus ní hé Aḋaṁ do meallaḋ, aċd ar mbeiṫ don ṁnáoi ar na meallaḋ a sí bá ciontaċ ré briseaḋ na háiṫne.

15 Giḋeaḋ slaineóċṫar í ré breiṫ cloinne, dá gcoṁnuiġid síad a gcreideaṁ agus a ngráḋ agus a náoṁṫaċd maille ré macántus.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan