Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

1 Chum Timóteuis 1 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil I Teagasg mioṫarḃaċ do ṡeaċna; 15 agus aḋḃar ṫeaċd Críosd don tsáoġail, do ṡeanmóruġaḋ.

1 Pol, absdal Iósa Críosd do réir órduiġ Dé ar Slánaiġṫeóir, agus an Tíġearna Iósa Críosd, ar muiniġin;

2 Ċum Timotéus, mo ṁac gráḋaċ sa gcreideaṁ: Grása maille riot, trócaire, agus sioṫċáin ó Ḋía ar Naṫair agus o Iósa Críosd ar Dtíġearna.

3 Aṁuil do ċuir mé dimpiḋe ort, cóṁnuiġe a Néṗesus, ar ndul go Macedonia ḋaṁ, ionnus go dtiúḃarṫa fógrá uáit do ḋruing áiriġe gan aṫarraċ teaguisg do ṫaḃairt úaṫa,

4 Ná aire do ṫaḃairt do ċumadóireaċd sgéul ná do ṡeanċusuiḃ neiṁċríoċnuiġṫe, noċ ḃrosduiġeas ceasdanna, ní sa ṁó na follamnuġaḋ díaġa tre ċreideaṁ:

5 Oír a sé as críoċ don náiṫne gráḋ ó ċróiḋe glan, agus ó ċoinnsías ṁaiṫ, agus ó ċreideaṁ neaṁḟallsa:

6 Na neiṫe ó ndeaċuiḋ dream áiriġe ar seaċran agus do ḟilleadar ċum díoṁáoinis cainte;

7 Bá mían ríu ḃeiṫ na ndoctúiriḃ an dliġe; agus fós ní ṫuigid créd a deirid féin, ná na neiṫe ḋeiṁniġid síad.

8 Giḋeaḋ atá a ḟios aguinne gur maiṫ an dliġeaḋ, dá leanuiḋ duine go dlisdeanaċ é;

9 Ar mbeiṫ a ḟios so aige, naċ do ḋuine ċeart órduiġṫear an dliġeaḋ, aċd don druing aingliġṫeaċ easúṁal, do ḋáoniḃ neaṁḋíaġa agus do ṗeacṫaċuiḃ, do ḋáoíniḃ neaṁnáoṁṫa agus neaṁġlana, do luċd fionġuile do ḋéunaṁ ar a naiṫreaċuiḃ, agus a maiṫreaċuiḃ, do luċd dúnṁarḃṫa,

10 Do sdríopṫaċuiḃ, so ḋáoiniḃ míonádúrṫa, do ġaduiġiḃ dáoineaḋ, do ḋáoiniḋ bréugaċa, do luċd anéiṫiġ, agus má tá ní ar biṫ eile contrárḋa do ṫeagusg ḟalláin;

11 Do réir ṡoisgéil ġlórṁair Dé ḃeannuiġṫe, do fágḃaḋ táoḃ riumsa.

12 Ar a naḋḃarsin beirim buiḋeaċas ris an tí do neartuiġ mé, Iósa Críosd ar Dtíġearna, do ḃríġ gur ṁeas sé mo ḃeiṫ díleas, dom ċur sa miniosdralaċd;

13 Ar mbeiṫ ḋaṁ roiṁe um ḟear laḃarṫa blaisṗéimeaḋ, agus um ġerleanadóir agus um ḋuine eugcóraċ: aċd do rinneaḋ trócaire oram, ar a naḋḃar gur tré ainḃfios do rinne mé so ar ḋíṫ creidiṁ.

14 Aċd do ṁéuduiġ grása ar Dtíġearna go ro líonṁar ionnam maille ré creideaṁ agus ré gráḋ a Niósa Críosd.

15 As fírinneaċ an ráḋ, agus as fíu é ar gaċ éunċor gaḃáíl ris, go dtáinic Iósa Criosd ar an tsáoġal ċum peacṫaċ do ṡlánuġaḋ; agá ḃfuilimse um ċeann orrṫa.

16 Giḋeaḋ as uime so do rinneaḋ trócaire oram, ionnus go dtaisbéunfaḋ Iósa Críosd ionnamsa ar tús a nuile ḟoíġiḋ, ċum go mbéínn um eisiompláir don druing ċreidfeas annsan ċum na beaṫa marrṫannuiġ.

17 Uime sin don Rí ṡíorruiḋe, ṁarrṫannaċ, ḋoḟaicsiġ, don Día atá na áonar éagnuiḋe, go raiḃ onóir agus glóir go sáoġal na sáoġal. Amén.

18 Fagḃuim a náiṫnese agad, a ṁic Ṫimotéuis, do réir na ḃfaiḋeadoieaċda do rinneaḋ ort roiṁe só, troid ṁaiṫ do ḋéunaṁ ḋuit ṫríoṫa;

19 Ar mbeiṫ ċreidiṁ, agus cogúis ṁaiṫ agad; noċ ar na ṫréigean do ḋruing áiriġe do luingḃriseadar fan ccreideaṁ:

20 Agar ab díoḃ Himenéus agus Alecsandar; noċ tug misi uáim do Ṡatán, ionnus ar mbeiṫ ḋóiḃ smaċduiṫe go ḃfoġlamaidís gan blaisṗéime do laḃairt.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan