Marcus 9 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)CAIBIDIOL IX. An t-Aṫarú gné ar Ċríost. Deaṁain ḃalḃa aige dá gcur amaċ as daoíne. Úṁaluíġeaċt aige dá ṫeagasg. ⁊ sgannal do ṡeaċnaḋ. 1 Agus i gceann sé lá do ṫóg Íosa leis Peadar agus Séamus agus Eóin agus do ṡeól sé iad, ’n-a n-aonar, suas ar ċnoc árd, fé leiṫ, agus d’aṫruiġ a ḋealḃ os a gcóṁair. 2 Agus ḃí a ċuid éadaiġ ag taiṫneaṁ ċóṁ geal le sneaċta, ar ċuma ná féadfaḋ aon úcaire ar talaṁ iad do ġealaḋ. 3 Agus do taisbeánaḋ dóiḃ Elias agus Maois agus iad ag caint le h-Íosa. 4 Agus d’ḟreagair Peadar agus duḃairt sé le h-Íosa: A Ṁáiġistir is maiṫ an ḃail orainne ḃeiṫ anso; agus leis dúinn trí puible ḋéanaṁ anso, pubal duit-se, agus pubal do Ṁaois, agus pubal d’Elias. 5 Óir ní ḟeidir sé cad a ḃí aige ḋ’á ráḋ, mar ḃíodar sgannruiġṫe le h-eagla. 6 Agus ṫáinig sgamal agus clúduiġ sé iad agus ṫáinig guṫ as an sgamal a duḃairt: Isé seo mo Ṁac ró-ionṁuin: éistiḋ leis. 7 Agus, láiṫreaċ, d’ḟéaċadar ’n-a dtímpal agus ní ḟeacadar aoinne a ṫuille aċ Íosa aṁáin ’n-a ḃfoċair. 8 Agus ag teaċt anuas dóiḃ ó’n gcnoc, ṫug Íosa foláraṁ dóiḃ gan an raḋarc a ċonacadar a ḋ’innsint d’aoinne go dtí go mbeaḋ Mac an Duine eiriġṫe ós na mairḃ. 9 Agus ċoimeádadar an focal san eatarṫa ’ġá ḟiafraiġe ḋ’á ċéile cad é a ḃríġ sin, Go mbeaḋ sé eiriġṫe ós na mairḃ. 10 Agus ċuireadar ceist ċuige, agus duḃradar: Cad ċuige, má ’seaḋ, go ndeir na Fairisíniġ agus na Sgríḃneóirí náċ foláir Elias do ṫeaċt ar dtúis? 11 Agus duḃairt sé leó ’ġá ḃfreagraḋ: Nuair a ṫiocfaiḋ Elias ar dtúis cuirfiḋ sé gaċ níḋ ’n-a ċeart airís; agus conus mar atá sgríoḃṫa i dtaoḃ Ṁic an Duine, go ḃfuilingeóċaḋ sé mórán agus go dtaḃarfaí tarcuisne ḋó. 12 Aċ deirim-se liḃ-se go dtáinig Elias ċeana féin, agus gur imreadar a dtoil air, mar atá sgríoḃṫa ’n-a ṫaoḃ. 13 Agus ṫáinig sé ċun a ḋeisgiobul, agus ċonaic sé sluaġ ṁór ’n-a dtímpal agus na Sgríḃneóirí ag aiġneas leó. 14 Agus, láiṫreaċ, nuair a ċonaic na daoine go léir Íosa ṫáinig sgannra orṫa agus uaṫḃás, agus do riṫeadar ċuige agus d’ḟáiltiġeadar roimis, 15 Agus d’ḟiafraiġ sé ḋíoḃ: Cad é an ceisdiúċán é seo atá eadraiḃ? 16 Agus d’ḟreagair duine de’n tsluaġ agus duḃairt sé: A Ṁáiġistir, ṫugas liom anso ag triall ort mo ṁac, mar tá deaṁan balḃ ann. 17 Agus pé ball ’n-a mbeireann sé é bíonn sé ’ġá ċaiṫeaṁ, agus cúḃar leis, agus a ḟiacala ag díoscán, agus é d’á ṡnaoí amaċ. Agus d’iarras ar do ḋeisgiobulaiḃ é ċur amaċ, agus níor ḟéadadar é. 18 Agus d’ḟreagair seisean agus duḃairt: Ó, a ṡlioċt gan creideaṁ, cad é an ḟaid a ḃeiḋ mé eadraiḃ? Cad é an ḟaid a ḋ’ḟuilingeóċad liḃ? Tugaiḋ ċúġam-sa é. 19 Agus ṫugadar ċuige é. Agus ċóṁ luaṫ agus ċonaic sé é d’oibriġ an deaṁan ann, agus ṫuit sé ar an dtalaṁ ’ġá iomlosg féin agus cúḃar leis. 20 Agus d’ḟiafraiġ sé de’n aṫair: Cad é an ḟaid aimsire atá ó ṫárla so ḋó? Agus duḃairt seisean: Ó ḃí sé ’n-a leanḃ; 21 Agus is minic a ċaiṫ sé sa teine é, agus sa n-uisge, ċun é ṁarḃú; aċ má tá sé ar do ċumas i n-aon ċor, dein trócaire orainn agus fóir orainn. 22 Agus duḃairt Íosa leis: Má’s féidir leat creideaṁaint, tá gaċ níḋ ar ċumas an t-é a ċreideann. 23 Agus, láiṫreaċ, do sgread aṫair an ḃuaċalla, agus na deóra leis: Creidim, a Ṫiġearna: fóir m’easba creidiṁ. 24 Agus nuair a ċonaic Íosa an tsluaġ ag cruinniú do smaċtuiġ sé an annsprid truailliġṫe, agus duḃairt: A annsprid ḃoḋar, ḃalḃ, órduiġim duit imṫeaċt amaċ as san, agus gan teaċt isteaċ ann airís. 25 Agus do sgread sé, agus d’oibriġ sé é go h-ana-ḋian, agus d’imṫiġ sé amaċ as; agus ḃí sé mar a ḃeaḋ sé marḃ, i dtreó go nduḃairt a lán: Tá sé marḃ. 26 Aċ do rug Íosa ar láiṁ air, agus do ṫóg sé suas é; agus d’eiriġ sé. 27 Agus nuair a ċuaiḋ sé isteaċ sa tiġ d’ḟiafraiġ a ḋeisgiobuil dé, a gan ḟios: Cad ’n-a ṫaoḃ nár ḟéadamair-ne é ċur amaċ? 28 Agus duḃairt sé leó: Ní féidir do’n sórd san dul amaċ le h-aon níḋ aċ le h-úrnuiġṫe agus le trosgaḋ. 29 Agus d’imṫiġeadar ó’n áit sin, agus ċuadar tríd an nGaililí; agus níor ḃ’áil leis a ḟios a ḃeiṫ ag aoinne. 30 Agus ḃí sé ag teagasg a ḋeisgiobul, agus ’ġá ráḋ leó: Taḃarfar Mac an Duine i láṁaiḃ daoine, agus cuirfid siad ċun báis é, agus tar éis a ṁarḃuiġṫe eireóċaiḋ sé an treas lá. 31 Aċ níor ṫuigeadar an ċaint, agus ḃí sgáṫ orṫa é ċeistiú. 32 Agus ṫánadar go Caṗarnaum. Agus nuair a ḃíodar sa tiġ d’ḟiafraiġ sé ḋíoḃ: Cad a ḃí ar siuḃal agaiḃ fan ḃóṫair? 33 Agus níor laḃradar; óir ḃíodar ag diospóireaċt, fan ḃóṫair, féaċaint cé ’cu ḋíoḃ ba ṁó. 34 Agus do ṡuiḋ sé, agus ġlaoiḋ sé ċuige an dáréag, agus duḃairt sé leó: Má’s mian le h-aoinne ḃeiṫ i n’ḟear ṫosaiġ, isé ar deire ar fad, agus ’n-a ṡeirḃíseaċ ag cáċ. 35 Agus do rug sé ar leanḃ, agus ċuir sé ’n-a ṡeasaṁ é i lár baill eatarṫa; ansan do ṫóg sé an leanḃ i n-a uċt agus duḃairt sé leó: 36 An t-é a ġlacfaiḋ am’ ainim-se leanḃ mar an leanḃ so, is mise a ġlacann sé; agus an t-é a ġlacfaiḋ mise, ní mise a ġlacann sé, aċ an t-é a ċuir uaiḋ mé. 37 Agus d’ḟreagair Eóin é, agus duḃairt: A Ṁáiġistir, ċonacamair duine ag cur deaṁan amaċ ad’ ainim-se, aċ ní ġaḃann an duine sin linne, agus do ċoisgeamair é. 38 Agus duḃairt Íosa [leis]: Ná coisgiḋ é; mar ní’l aon duine a ḋéanfaḋ mírḃuilt am’ ainim-se agus a ḋ’ḟéadfaḋ droċ-ḟocal a ráḋ orm go luaṫ. 39 Óir, an t-é ná fuil i nḃúr gconniḃ tá sé liḃ. 40 Óir, aoinne ṫaḃarfaiḋ le n-ól daoiḃ, am’ ainim-se, ó’s le Críost siḃ, fiú cupán uisge, go deiṁin a deirim liḃ, ní ḃeiḋ sé gan a ṫuarasdal. 41 Agus aoinne ṫaḃarfaiḋ droċ-ṡampla do ḋuine de’n ṁuintir ḃeag so a ċreideann ionam-sa, b’ḟearra ḋó dá gcurtí bró ṁuilinn ar a ṁuineál agus é ċaiṫeaṁ sa ḃfaraige. 42 Agus má ṫugann do láṁ sgannal duit, gearr anuas díot í; óir is fearra ḋuit dul isteaċ sa ḃeaṫa ar leaṫ-láiṁ ’ná dul, agus ḋá láiṁ ort, isteaċ i n-ifreann, sa teine náċ féidir a ṁúċaḋ, 43 An áit ná h-éagann an ṗiast acu, agus ná múċtar an teine. 44 Agus má ṫugann do ċos sgannal duit, dein í ġearraḋ díot; is maiṫ an rud dul go beaṫa ṡíoruiḋe agus tu bacaċ, seaċas tu ċur go h-ifreann na teine gan múċaḋ, agus do ḋá ċois agat, 45 An áit ná h-éagann an ṗiast acu, agus ná múċtar an teine. 46 Agus má ṫugann do ṡúil sgannal duit, strac amaċ í; is maiṫ an ṁaise ḋuit dul go flaṫas Dé ar leaṫ-ṡúil seaċas tu ċur go h-ifreann na teine, agus dá ṡúil ionat, 47 An áit ná h-éagann an ṗiast acu, agus ná múċtar an teine. 48 Óir sáilfar gaċ n-aon le teine, agus sáilfar gaċ íḋbirt le salann. 49 Is maiṫ an rud salann; aċ má ḃíonn an salann leaṁ cad leis go ndéanfaiḋ siḃ deiġḃlasta é? Bíoḋ an salann ionaiḃ, agus bíoḋ an tsíoṫċáin eadraiḃ. |
historic text maintained by the Bible Society.
British & Foreign Bible Society