Marcus 8 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)CAIBIDIOL VIII. Bia ag Críost dá ṫaḃairt do ċeiṫre ṁíle duine. Raḋarc a ṫaḃairt do ḋall. An ṗáis a ḃí ag Críost le fulang. 1 Ins na laeṫiḃ sin airís, nuair a ḃí sluaġ ṁór ann agus gan aon níḋ acu le n-iṫe, do ġlaoiḋ sé ċuige a ḋeisgiobuil agus duḃairt sé leó: 2 Tá truaġ agam do’n tsluaġ, mar, féaċ, táid siad am’ ḟoċair le trí lá, agus ní’l aon rud le n-iṫe acu; 3 Agus má ċuirim aḃaile iad ’n-a dtrosgaḋ tuitfid siad ar an slíġ, óir do ṫáinig cuid acu aḃfad. 4 Agus d’ḟreagair a ḋeisgiobuil é: Conus is féidir d’aoinne a ndóiṫin aráin a ṫaḃairt dóiḃ anso sa n-uaigneas? 5 Agus d’ḟiafraiġ sé ḋíoḃ: An ’mó bulóg aráin agaiḃ? Agus duḃradar-san: Seaċt mbulóga. 6 Agus d’órduiġ sé do’n tsluaġ suiḋe síos ar an dtalaṁ; agus ṫóg sé na seaċt mbulóga, agus ġaiḃ sé buiḋeaċas, agus ḃris sé an t-arán, agus ṫug sé d’á ḋeisgiobulaiḃ é le cur os cóṁair na ndaoine, agus ċuireadar. 7 Agus ḃí iasga beaga acu, agus ḃeannuiġ sé iad, agus d’órduiġ sé iad do ċur os cóṁair na ndaoine. 8 Agus d’iṫeadar, agus ḃí a ndóiṫin mór acu. Agus ṫógadar an bia briste do fágaḋ, seaċt gciseáin de. 9 Agus tímpal ċeiṫre ṁíle duine iseaḋ ḃí tar éis an ḃíḋ a ċaiṫeaṁ; agus ċuir sé ċun siuḃail iad. 10 Agus ċuaiḋ sé láiṫreaċ ar bórd na luinge i n-aonḟeaċt le n-a ḋeisgiobuil agus ṫáinig sé i dtriúċaiḃ Dalmanúta. 11 Agus d’imṫiġ na Fairisíniġ amaċ agus ċromadar ar aiġneas leis, ’ġá iarraiḋ air cóṁarṫa ó neaṁ a ṫaḃairt dóiḃ, ag baint trialaċ as. 12 Agus ḋein sé osna ’n-a spioraid, agus duḃairt sé: Cad ab áil leis an slioċt san ag lorg cóṁarṫa? Go deiṁin a deirim liḃ, ní taḃarfar cóṁarṫa do’n tslioċt san. 13 Agus ċuir sé uaiḋ iad, agus ċuaiḋ sé ar bórd na luinge airís agus d’imṫiġ sé ṫar uisge. 14 Agus ḋearṁadadar arán a ṫaḃairt leó, agus ní raiḃ sa luing acu aċ aon ḃulóg aṁain. 15 Agus ṫug sé foláraṁ dóiḃ agus duḃairt: Féaċaiḋ, agus seaċnaiḋ giost na ḃFairisíneaċ agus giost Héróid. 16 Agus ḃíodar ag pléiḋ eatarṫa féin, ’ġá ráḋ: Ní’l arán againn. 17 Agus ḃí a ḟios san ag Íosa agus duḃairt sé leó: Cad é an pléiḋ seo agaiḃ toisg gan arán a ḃeiṫ agaiḃ? Ná h-aiṫniġeann siḃ agus ná tuigeann siḃ fós? An ḃfuil ḃúr gcroiḋe dall fós? An ḃfuil súile agaiḃ agus ná feiceann siḃ? 18 An ḃfuil cluasa oraiḃ agus ná h-airiġeann siḃ? Nó an aṁlaiḋ náċ cuiṁin liḃ? 19 Nuair a ḃriseas na ċúig ḃulóga do’n ċúig ṁíle duine, an ’mó ciseán a ṫógaḃair de’n ḃia briste? Duḃradar-san: Ḋá ċiseán déag. 20 Agus na seaċt mbulóga do’n ċeiṫre ṁíle, an ’mó ciseán a ṫógaḃair? Agus duḃradar: Seaċt gciseáin. 21 Agus duḃairt sé leó: Conus ná tuigeann siḃ fós? 22 Agus ṫánadar go Betsaida; agus ṫugadar ċuige dall, agus d’iarradar air láṁ a ċur air. 23 Agus do rug sé ar láiṁ ar an ndall, agus do rug sé as an mbaile beag é, agus ċuir sé seile ar a ṡúiliḃ, agus ċuir sé a ḋá láiṁ air, agus d’ḟiafraiġ sé ḋe an ḃfeacaiḋ sé aon níḋ. 24 Agus d’ḟéaċ an duine suas agus duḃairt sé: Ċím daoine mar ḃeaḋ crainn agus iad ag siuḃal. 25 Ansan do ċuir sé a láṁ airís ar a ṡúiliḃ, agus ċrom an duine ar ḟéaċaint suas, agus mar sin ṫáinig raḋarc dó i dtreó go ḃfeacaiḋ sé gaċ níḋ go soiléir. 26 Agus ċuir sé an duine ċun a ṫiġe féin agus duḃairt sé leis: Imṫiġ ċun do ṫiġe, agus má ṫéiġeann tú isteaċ sa tsráid ná h-innis d’aoinne. 27 Agus ċuaiḋ Íosa agus a ḋeisgiobuil sa ḃaile sin Caesaraéa Ṗilippí, agus ar an slíġ ḋó do ċeistiġ sé a ḋeisgiobuil agus duḃairt sé: Dar leis na daoine cé h-é mise? 28 Agus d’ḟreagradar é agus duḃradar: Eóin Baiste; agus dar le tuille, Elias; agus dar le tuille, aon de sna fáiḋiḃ. 29 Ansan duḃairt sé leó: Aċ dar liḃ-se cé h-é me? Agus d’ḟreagair Peadar agus duḃairt: Is tusa Críost. 30 Agus ṫug sé foláraṁ dóiḃ gan a ḋ’innsint d’aoinne ’n-a ṫaoḃ. 31 Agus ċrom sé ar a ṫeagasg dóiḃ nár ḃfoláir do Ṁac an Duine mórán d’ḟulang, agus na seanóirí ’ġá ṡéanaḋ, agus uaċtaráin na sagart, agus na Sgríḃneóirí; agus go gcurfaí ċun báis é, agus tar éis trí lá go n-eíreóċaḋ sé ó’n mbás. 32 Agus do laḃair sé an ċaint go soiléir. Agus do rug Peadar air agus do ċrom sé ar ċur ’n-a ċoinniḃ. 33 Aċ d’iompuiġ seisean agus d’ḟéaċ sé ar a ḋeisgiobulaiḃ, agus do laḃair sé go bagarṫaċ le Peadar, agus duḃairt sé: Imṫiġ lastiar díom, a Ṡátain, óir ní h-iad na neiṫe a ḃaineann le Dia is mian leat, aċ na neiṫe a ḃaineann le daoine. 34 Agus ġlaoiḋ sé ċuige na daoine agus a ḋeisgiobuil i n-aonḟeaċt, agus duḃairt sé leó: Má’s mian le h-aoinne mise do leanṁaint, séanaḋ sé é féin, agus glacaḋ sé ċuige a ċros, agus leanaḋ sé mé. 35 Óir, an t-é gur mian leis a anam do ṡaoraḋ, caillfiḋ sé a anam; agus an t-é a ċaillfiḋ a anam ar mo ṡon-sa agus ar son an tsoisgéil, saorfaiḋ sé a anam. 36 Mar, cad é an tairḃe do ḋuine an saoġal go léir a ḃuaċtaint má ċailleann sé a anam féin? 37 Nó cad í an ṁalairt a ḋéanfaiḋ duine ar a anam? 38 Óir an t-é go mbeiḋ náire air mar ġeall orm-sa agus ar mo ḃréiṫre i láṫair an tsleaċta so atá aḋaltranaċ peacaṁail, beiḋ náire ar Ṁac an Duine uime sin nuair a ṫiocfaiḋ sé i nglóire a Aṫar i ḃfoċair na n-aingeal naoṁṫa. 39 Agus duḃairt sé leó: Go deiṁin a deirim liḃ, tá cuid d’á ḃfuil ’n-a seasaṁ anso agus ní ḃlaisfid siad an bás go ḃfeicfid siad ríġeaċt Dé ag teaċt i gcóṁaċt. |
historic text maintained by the Bible Society.
British & Foreign Bible Society