Marcus 7 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)CAIBIDIOL VII. Na Fairisíniġ dá n-imḋeargaḋ ag Críost. Inġean na mná ó Ċanaan dá leiġeas aige, agus an fear a ḃí boḋar balḃ. 1 Agus ṫáinig Fairisíniġ agus raint des na Sgríḃneóiríḃ ó Ierúsalem, agus ḃailiġeadar ċuige. 2 Agus nuair a ċonacadar cuid d’á ḋeisgiobuil ag iṫe aráin agus a láṁa coitċian, ’sé sin gan niġe, ċasadar leó é. 3 Óir ní iṫid na Fairisíniġ ná na Iúdaiġ bia gan a láṁa do niġe go minic, ag coimeád nóis na sinsear. 4 Agus ar ṫeaċt ó’n margaḋ ḋóiḃ ní iṫid bia gan iad féin do niġe, agus tá a lán eile sean-nós atá orṫa a ċoimeád, ar a ḃfuil na cupáin do niġe, agus na crúscaí, agus na h-árṫaí práis, agus na leapaċa. 5 Agus d’ḟiafraiġ na Fairisíniġ agus na Sgríḃneóirí ḋé: Cad ’n-a ṫaoḃ ná siuḃlaid do ḋeisgiobuil-se do réir nóis na sinsear, agus go n-iṫid siad bia gan a láṁa do niġe? 6 Aċ d’ḟreagair seisean iad agus duḃairt: Is maiṫ an targaireaċt a ḋein Isáias oraiḃ-se, a luċt an ḟill, mar a ḃfuil sgríoḃṫa: Molaid na daoine seo mé le n-a mbéal, aċ is fada uaim atá a gcroiḋe; 7 Aḋraḋ folaṁ a ṫugaid siad dom, ag múineaḋ teagasg agus aiṫeanta daoine. 8 Óir tréigeann siḃ órdú Dé, agus coimeádann siḃ nós daoine; deineann siḃ na crúscaí agus na cupáin do niġe, agus mórán neiṫe eile de’n tsórd san. 9 Agus duḃairt sé leó: Is maiṫ a ċuireann siḃ órdú Dé ar neaṁníḋ ċun nós ḃúr sinsear do ċoimeád. 10 Óir duḃairt Maois: Taḃair dot’ aṫair agus dod’ṁáṫair onóir; agus: An t-é ṫaḃarfaiḋ droċ-ċaint d’á aṫair nó d’á ṁáṫair curtar ċun báis é. 11 Aċ dar liḃ-se: Má deir duine le n-a aṫair nó le n-a ṁáṫair: Gaċ corban, (’sé sin, gaċ taḃarṫas) d’á dtugaim-se uaim, bíoḋ a ṫairḃe agat-sa; 12 Agus ní leigeann siḃ dó aon níḋ eile a ḋéanaṁ d’á aṫair ná d’á ṁáṫair. 13 Ag cun bréiṫir Dé ar neaṁníḋ leis na sean-nósaiḃ a ċleaċtaḃair féin. Agus tá a lán neiṫe de’n tsórd san agaiḃ ’á ḋéanaṁ. 14 Agus do ġlaoiḋ sé na daoine ċuige airís, agus duḃairt sé leó. 15 Ní’l aon rud atá lasmuiġ de’n duine, agus a ṫéiġeann isteaċ ann, d’ḟéadfaḋ é ṡailiú, aċ na neiṫe a tagann amaċ as an nduine siniad a ṡailíġeann an duine. 16 Má tá cluasa ċun éisteaċta ag duine, éisteaḋ sé. 17 Agus nuair a ċuaiḋ sé isteaċ i dtiġ ó’n sluaġ d’ḟiafraiġ a ḋeisgiobuil de bríġ na soluíde. 18 Agus duḃairt sé leó: Agus an ḃfuil siḃ-se leis gan breiṫeaṁantas mar sin? Ná tuigeann siḃ, pé rud a ṫéiġeann isteaċ sa duine ó’n dtaoḃ amuiġ náċ féidir do an duine ṡailiú, 19 Mar ní ṫéiġeann sé isteaċ ’n-a ċroiḋe, aċ i n-a ḃolg a ṫéiġeann sé agus téiġeann sé amaċ sa ḃfiailteaċ, ag glanaḋ gaċ bíḋ amaċ. 20 Agus duḃairt sé gur b’iad na neiṫe a ṫagann amaċ as an nduine a ṡailiġeann an duine, 21 Óir is ó’n dtaoḃ istiġ, amaċ a’ croiḋe an duine, a ṫagann droċ-smuínte, agus aḋaltranas, agus gníoṁarṫa drúise, agus dúnṁarḃaḋ, 22 Guid, saint, éagcóir, feall, mí-ġeanmnaiġeaċt, droċ-ṡúil, diaṁasla, uaḃar, mí-ċiall. 23 Ó’n dtaoḃ istiġ iseaḋ ṫagaid na h-olca san go léir, agus isiad a ṡailiġeann an duine. 24 Agus d’eiriġ sé as san, agus ċuaiḋ sé go críoċaiḃ Tuíre agus Sídóin, agus ċuaiḋ sé isteaċ i dtiġ, agus ba ṁian leis gan a ḟios a ḃeiṫ ag aoinne, agus níor ḟéad sé é féin do ċeilt. 25 Óir do ṫáinig ċuige agus do ċaiṫ í fein agá ċosaiḃ, ċóṁ luaṫ agus d’airiġ sí tráċt air, bean go raiḃ spioraid truailliġṫe ’n-a h-inġin. 26 Agus bean Ġréagaċ ab eaḋ í, Síroṗoenaċ do reir ċinéil, agus ḃí sí ag guiḋe ċuige go ndéanfaḋ sé an deaṁan do ḋíbirt as a h-inġin. 27 Agus duḃairt sé léi: Fan go mbeiḋ a sáiṫ ag an gclainn; óir ní maiṫ an rud bia na clainne ṫógaint agus é ṫaḃairt do sna gaḋaraiḃ. 28 Aċ d’ḟreagair sise agus duḃairt: Iseaḋ, a Ṫiġearna, óir iṫid na coileáin fé’n mbórd an bia briste a ṫuiteann ó’n gclainn. 29 Agus duḃairt seisean: Mar ġeall ar an ḃfocal san imṫiġ leat, tá an deaṁan imṫiġṫe as t’inġin. 30 Agus nuair a ċuaiḋ sí aḃaile ċun a tiġe fuair sí a h-inġean ’n-a luiġe ar a leabaiḋ, agus an deaṁan imṫiġṫe aisti. 31 Agus ċuaiḋ sé amaċ airís a’ críċiḃ Tuíre, agus ṫáinig sé tré Ṡídón go muir Ġaililí, tré lár críċe Decapolis. 32 Agus ṫugadar ċuige duine a ḃí boḋar balḃ, agus ḃíodar ag taṫant air a láṁ a ċur air. 33 Agus ṫóg sé leis i leiṫ taoiḃ é ó’n sluaġ, agus ċuir sé a ṁéireana isteaċ ’n-a ċluasaiḃ, agus ċuir sé seile amaċ agus ċuir sé an seile ar ṫeangain an duine, 34 Agus d’ḟéaċ sé suas ċun na ḃflaṫas agus ḋein sé osna, agus duḃairt Eṗṗeta, ’sé sin, Osgail. 35 Agus, láiṫreaċ, do h-osgalaḋ a ċluasa ḋó, agus do bogaḋ an ceangal d’á ṫeangain, agus do laḃair sé cruinn, 36 Agus ḋ’órduiġ sé ḋóiḃ gan é ḋ’innsint d’aoinne. Aċ d’á ṁéid a ḋ’órduiġ sé ḋóiḃ é iseaḋ is mó a ḋ’innseadar é, 37 Agus iseaḋ is mó a ḋeineadar iongna ḋé, agus a deiridís: Deineann sé gaċ níḋ go maiṫ: tugann sé éisteaċt do’n ḃoḋar agus caint do’n ḃalḃ. |
historic text maintained by the Bible Society.
British & Foreign Bible Society