Marcus 6 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)CAIBIDIOL VI. Críost ag Nasaret agus é ag taḃairt teagaisg uaiḋ. An dáréag Asbol dá gcur amaċ aige. Bia á ṫaḃairt aige do ċúig ṁíle duine a’ ċúig bológaiḃ, agus é ag siuḃal ar an ḃfaraige. 1 Agus d’imṫiġ sé ó’n áit sin agus ṫáinig sé ċun a ṫíre féin, agus do leanadar a ḋeisgiobuil é. 2 Agus ṫáinig an tsabbóid, agus ċuaiḋ sé ag teagasg sa tsinagóig, agus ḋein a lán, nuair airíġeadar é, iongna d’á ṫeagasg, agus deiridís: Ca ḃfuair sé seo na neiṫe seo go léir? agus cad í an eagna a tugaḋ dó, agus a leiṫéid d’oibreaċaiḃ móra agus a déintear tré n-a láṁaiḃ? 3 Náċ é seo an siúinéir, mac Ṁuire, bráṫair Ṡéamuis, agus Ióseiṗ, agus Iúdáis, agus Ṡímóin? An aṁlaiḋ ná fuil a ḋriféaraċa anso i n-ár measg? Agus do ġlacadar sgannal uime. 4 Agus deireaḋ Íosa leó: Ní ḃíonn fáiḋ gan onóir aċ ’n-a ḋúṫaiġ féin, agus ’n-a ṫeaġlaċ féin, agus ameasg a ġaolta féin. 5 Agus níor ḟéad sé aon ċóṁaċt d’oibriú sa n-áit sin, aċ gur ċuir sé a láṁ ar raint ḃeag daoine breóite agus gur leiġis sé iad. 6 Agus ḋein sé iongna de’n easba creidiṁ a ḃí ionta, agus do ṡiúḃluiġ sé na bailte mór-ṫímpal, ag teagasg. 7 Agus ġlaoiḋ sé ċuige an dáréag, agus ṫosnuiġ sé ar iad do ċur uaiḋ ’n-a mbeirt a’r ’n-a mbeirt, agus ṫug sé ḋóiḃ cumas ar na spioraidíḃ truailliġṫe. 8 Agus d’órduiġ sé ḋóiḃ gan aon níḋ ṫógaint i gcóir an ḃóṫair aċ aṁáin cleiṫ: ḃeiṫ gan mála, gan arán, gan airgead i gcrios. 9 Gan a ḃeiṫ ar a gcosaiḃ aċ sandala, agus gan an tarna casóg a ḃeiṫ úmpa. 10 Agus duḃairt sé leó: Pé áit ’n-a raġaiḋ siḃ isteaċ i dtiġ, fanaiḋ ann go ḃfágaiḋ siḃ an áit sin. 11 Agus pé duine ná glacfaiḋ siḃ nó na h-éistfiḋ liḃ, imṫiġiḋ as an áit sin agus deiniḋ an ceó ċroṫaḋ d’ḃúr gcosaiḃ mar ḟiaḋnaise ’n-a gcoinniḃ. 12 Agus ċuadar amaċ agus d’ḟógradar aiṫriġe ḋéanaṁ. 13 Agus ċuireadar mórán deaṁan amaċ a’ daoine, agus ċuireadar ola ar a lán daoine breoite agus do leiġseadar iad. 14 Agus d’airiġ Héród, an rí, (óir ḃí a ainim-sin puibiliḋe), agus deireaḋ sé: Tá Eóin Baiste eiriġṫe ós na mairḃ, agus d’á ḃríġ sin táid cóṁaċta d’á n-oibriú tríd. 15 Agus deireaḋ daoine eile: Isé Elias atá ann. Agus deireaḋ daoine eile: Fáiḋ iseaḋ é, mar ḃeaḋ duine des na fáiḋiḃ. 16 Agus nuair a ḋ’airiġ Héród é duḃairt sé: Eóin, gur ḃaineas-sa an ceann de, siné atá eiriġṫe ós na mairḃ. 17 Óir do ċuir Héród fir uaiḋ agus do ġaiḃ sé Eóin, agus ċeangail sé é agus ċuir sé i bpríosún é, mar ġeall ar Héródias, bean Ṗilib, a ḋriṫáir, mar ḃí sí ’n-a mnaoi aige. 18 Agus deireaḋ Eóin le Héród: Ní dleaġṫaċ duit bean do ḋriṫár a ḃeiṫ ’n-a mnaoi agat. 19 Agus ḃí Heródias ag déanaṁ ceilge ’n-a ċoinniḃ, a d’iarraiḋ é ċur ċun báis, agus ní raiḃ ag eiriġe léi. 20 Óir ḃí eagal ar Héród roim Eóin, mar ḃí ḟios aige gur ḋuine naoṁṫa, fíoraonta é, agus ḃí sé ’ġá ċoimeád, agus ḋeineaḋ sé a lán neiṫe ar a ċóṁairle, agus ṫugaḋ sé cluas dó go toilteanaċ. 21 Agus nuair a ṫáinig lá oireaṁnaċ ċuige ḋein Héród féasta lae a ḃeirṫe do ṗriúnsaíḃ agus do ṫaoiseaċaiḃ agus d’uaisliḃ Ġaililí, 22 Agus ṫáinig inġean Héródias isteaċ agus ḋein sí rinnce agus do ṫaiṫn sí le Héród agus leis an gcuideaċtain, agus duḃairt an rí leis an gcailín: Iarr orm aon níḋ is maiṫ leat, agus taḃarfad duit é. 23 Agus do ḋearḃuiġ sé ḋi: Pé rud a iarrfair orm taḃarfad duit é, dá mba leaṫ mo ríġeaċta é. 24 Agus ċuaiḋ sise amaċ, agus duḃairt sí le n-a máṫair: Cad a ḋ’iarrfad? agus duḃairt an ṁáṫair: Ceann Eóin Ḃaiste. 25 Agus do riṫ sí isteaċ i láṫair an rí ċun iarraiḋṫe, agus duḃairt sí: Is maiṫ liom go dtaḃarfá ḋom láiṫreaċ, ar ṁéis, ceann Eóin Ḃaiste. 26 Agus ṫáinig buairt ar an rí; mar ġeall ar an ndearḃú agus ar na daoine a ḃí láiṫreaċ níor ṁaiṫ leis dólás a ċur uirṫi; 27 Agus do ċuir sé an básaire uaiḋ, agus d’órduiġ sé an ceann a ṫaḃairt leis ar ṁéis. 28 Agus do ḃain sé an ceann de sa ṗríosún, Agus ṫug sé an ceann leis ar ṁéis; agus ṫug sé do’n ċailín é, agus ṫug an cailín d’á máṫair é. 29 Agus d’airiġ a ḋeisgiobuil an sgéal, agus ṫánadar agus do rugadar leó an corp, agus ċuireadar sa n-uaiġ é. 30 Agus ṫáinig na h-Aspoil ċun Íosa, agus d’innseadar dó gaċ níḋ, a raiḃ déanta acu agus a raiḃ múinte acu. 31 Agus duḃairt sé leó: Tagaiḋ i leiṫ taoiḃ go h-áit uaigneaċ agus glacaiḋ suaiṁneas ar feaḋ tamaill. Óir ḃí a raiḃ ag teaċt agus ag imṫeaċt líonṁar, agus ní raiḃ uain acu ċun bíḋ a ċaiṫeaṁ. 32 Agus ċuadar ar bórd luinge agus d’imṫiġeadar go h-áit uaigneaċ, fé leiṫ. 33 Agus ċonaic na daoine iad ag imṫeaċt, agus d’aiṫniġeadar iad, agus do riṫeadar ’n-a gcuis, amaċ as na bailtiḃ go léir, ċun na h-áite, agus ḃíodar ann rómpa. 34 Agus ṫáinig Íosa amaċ agus ċonaic sé an tsluaġ ṁór, agus ṫáinig truaġ aige ḋóiḃ, óir ḃíodar mar ḃeaḋ caoire gan aoḋaire, agus ċrom sé ar a lán neiṫe ṫeagasg dóiḃ. 35 Agus nuair a ḃí mórán de’n lá caiṫte ṫáinig a ḋeisgiobuil agus duḃradar: Fásaċ iseaḋ an áit seo agus tá an lá imṫiġṫe; 36 Leig ċun siuḃail iad, i dtreó go raġaid siad isteaċ ins na bailtiḃ agus ins na sráidiḃ is giorra ḋóiḃ, agus go gceannóċaid siad bia ḋóiḃ féin le n-iṫe. 37 Agus duḃairt fé leó ’ġá ḃfreagraḋ: Tugaiḋ-se rud le n-iṫe ḋóiḃ. Agus duḃradar leis: An aṁlaiḋ a ḋ’imṫeoċaimíd agus ċeannóċaimíd ar ḋá ċéad pingin arán le taḃairt dóiḃ le n-iṫe? 38 Agus duḃairt sé leó: An ’mó bulóg aráin agaiḃ? Imṫiġiḋ agus féaċaiḋ. Agus nuair a ḃí ’ḟios acu duḃradar: Ċúig ḃulóga, agus ḋá iasg. 39 Agus d’órduiġ sé ḋóiḃ na daoine go léir do ċur ’n-a suiḋe ’n-a gcuideaċtanaiḃ ar an ḃféar glas. 40 Agus do ṡuiḋeadar ’n-a mbuiḋniḃ, ’n-a gcéadaiḃ agus ’n-a gcaogadaiḃ. 41 Agus ṫóg sé na ċúig ḃulóga agus au dá iasg, agus d’ḟéaċ sé suas ċun na ḃflaṫas, agus ḃeannuiġ sé iad agus ḃris, agus ṫug d’á ḋeisgiobulaiḃ le cur os cóṁair na ndaoine; agus do rainn sé an dá iasg orṫa go léir. 42 Agus d’iṫeadar go léir, agus ḃí a ndóiṫin acu. 43 Agus ṫógadar an fuiġleaċ, ḋá ċiseán déag de ḃia ḃriste, agus des na h-iasgaiḃ. 44 Agus ḃí ċúig ṁíle fear sa méid daoine do ċaiṫ an bia. 45 Agus láiṫreaċ ċuir sé ḟiaċaiḃ ar a ḋeisgiobulaiḃ dul ar bórd na luinge ċun go raiġdís treasna go Betsaida, agus go gcuirfeaḋ sé féin na daoine ċun siuḃail. 46 Agus nuair a ċuir sé ċun siuḃail iad, d’imṫiġ sé an cnoc suas ċun úrnuiġṫe ḋéanaṁ. 47 Agus nuair a ḃí an déanaíġe ann ḃí an long i lár na faraige, agus ḃí sé féin i n’aonar ar an dtalaṁ tirim. 48 Agus ċonaic sé iad ar a ndíċeall ag ráṁaíḋeaċt, mar ḃí an ġaoṫ ’n-a gcoinniḃ; agus tímpal na ceaṫraṁaḋ faire de’n oiḋċe ṫáinig sé ċúċá agus é ag siuḃal ar an ḃfaraige, agus ṁeas sé gaḃáil ṫórsa. 49 Agus nuair a ċonacadar-san é ag siuḃal ar an ḃfaraige ċeapadar gur saṁail a ḃí ann agus do liúġadar. 50 Óir do ċonacadar go léir é, agus ḃí sgannra orṫa. Agus do laḃair sé leó láiṫreaċ agus duḃairt: Glacaiḋ misneaċ; mise atá ann; ná bíoḋ eagal oraiḃ. 51 Agus ṫáinig sé ċúċa ar bórd na luinge agus do stad an ġaoṫ. Agus do ṁéaduiġ ar a n-uaṫḃás i n-a n-aigne. 52 Óir níor ṫuigeadar i dtaoḃ na mbulóg, mar ḃí a gcroiḋe dúr. 53 Agus nuair a ḃí tagaiṫe treasna acu ḃíodar i dtír Ġenesaret, agus ṫánadar ċun puirt. 54 Agus nuair a ṫánadar as an luing d’aiṫniġeadar láiṫreaċ é, 55 Agus ċrom daoine ar ruiṫ tríd an dtír sin go léir agus ar ḋaoine breóite ḃreiṫ leó mór-ṫímpal, an ṫoċtaiḃ, ċun na h-áite i n-a n-airiġdís é ḃeiṫ; 56 Agus pé ball ’n-a dtéiġeaḋ sé isteaċ, i sráidiḃ nó i mbailtiḃ nó i gcaṫraċaiḃ, ċuiridís na daoine breóite ar na sráidiḃ, agus ḃídís ’ġá iarraiḋ air leigint dóiḃ fiú baint le faḃra a ḃrait; agus an méid a ḃaineaḋ leis do leiġistí iad. |
historic text maintained by the Bible Society.
British & Foreign Bible Society