Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Marcus 4 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)


CAIBIDIOL IV. Parabal an ċuradóra. An stoirm d’á ciúnaḋ ag Críost.

1 Agus do ṫosnuiġ sé airís an ṫeagasg i n-aice na faraige, agus do ċruinniġ sluaġ ṁór ċuige, i dtreó go ndeaġaiḋ sé ar bórd luinge ar an uisge agus gur ṡuiḋ sé ann, agus ḃí an tsluaġ i n-aice an uisge, ar an dtalaṁ tirim.

2 Agus ṫug sé mórán teagaisg dóiḃ i soluídíḃ, agus duḃairt leó sa teagasg:

3 Éistiḋ liom: Féaċ, ċuaiḋ curadóir amaċ ag cur síl.

4 Agus ag cur an tsíl dó, do ṫuit cuid de’n tríol i n-aice an ḃóṫair, agus ṫáinig éanlaiṫe an aéir agus d’iṫeadar é.

5 Agus do ṫuit tuille ḋe ar áit i n-a raiḃ iomad cloċ, agus ní raiḃ puínn iṫreaċ aige ann, agus d’ḟás sé suas go tapaiḋ mar ní raiḃ an iṫir doiṁinn.

6 Agus nuair a ḋ’eiriġ an ġrian ṫáinig an broṫall air, agus toisg gan an ṗréaṁ a ḃeiṫ aige d’ḟeóċ sé.

7 Agus ṫuit tuille ḋe ins na sgeaċaiḃ, agus d’ḟás na sgeaċa agus ṁúċadar an ċuid sin, agus níor ṫug sé toraḋ uaiḋ.

8 Agus do ṫuit cuid eile ḋe ar ṫalaṁ ḟóġanta, agus d’ḟás sé agus d’éiriġ sé, agus ṫug sé toraḋ uaiḋ, cuid de fó ṫríoċad, cuid de fó ṫrí fiċid, agus cuid dé fó ċéad.

9 Agus duḃairt sé: An t-é go ḃfuil cluasa air ċun cloisint cloiseaḋ sé.

10 agus nuair a ḃí sé i n’aonar d’ḟiafruiġ an dáréag a ḃí i n’ḟoċair fios na soluíde ḋe.

11 Agus duḃairt sé leó: Do tugaḋ daoiḃ-se eólus d’ḟáġail ar rúndiaṁ raiḃ ríġeaċta Dé, aċ do’n ṁuíntir sin atá lasmuiġ, deintear gaċ níḋ i soluídíḃ;

12 I dtreó ag féaċaint dóiḃ go ḃfeicfidís agus ná feicfidís, agus ag éisteaċt go n-aireóċaidís agus ná tuigfidís, sar a ndéanfidís ċóiḋċe iompáil agus go maiṫfí a bpeacaí dóiḃ.

13 Agus duḃairt sé leó: An aṁlaiḋ ná tuigeann siḃ an tsoluíd sin? Má seaḋ, conus a ṫuigfiḋ siḃ na soluídí go léir?

14 An t-é a ċuireann an síol isé an briaṫar a ċuireann sé.

15 An ṁuintir i n-aice an ḃóṫair, sin iad an ṁuintir, nuair a curtar an briaṫar agus go gcloisid siad é, go dtagann an naṁaid láiṫreaċ agus go dtógann sé ċun siuḃail an briaṫar a cuireaḋ mar ṡíol ’n-a gcroiḋṫiḃ.

16 Agus mar an gcéadna an ṁuintir a ġlacann an síol ins na cloċaiḃ, siniad an ṁuintir, nuair a ḋ’airiġid siad an briaṫar, a ġlacann láiṫreaċ é le h-áṫas,

17 Agus ní’l an ṗréaṁ acu ionta féin, aċ seasuiġid siad ar feaḋ tamaill; ansan, nuair a ṫagann an trioblóid, agus an caṫ d’á ċur orṫa mar ġeall ar an mbriaṫar, glacaid siad sgannal láiṫreaċ.

18 Agus tá daoine agus glacaid siad an síol ameasg; na sgeaċ; siniad na daoine a ḋ’éisteann leis an mbriaṫar,

19 Agus tagann cúram an tsaoġail isteaċ, agus meallaḋ saiḋḃris, agus ainṁianta i dtaoḃ neiṫe eile, agus múċaid siad an briaṫar, agus curtar ó ṫoraḋ ṫaḃairt é.

20 Agus an ṁuintir a ġlac an síol isteaċ sa talaṁ fóġanta, siniad an ṁuintir a ḋ’éisteann leis an mbriaṫar, agus do ġlacann é agus do ṫugann toraḋ uaṫa, duine fó ṫríoċad, duine fó ṫrí fiċid, agus duine fó ċéad.

21 Agus duḃairt sé leó: An ċuige ṫagann an lóċrann soluis ċun go gcurfí fé ḃéal árṫaiġ é, nú fé leabaiḋ? Náċ anáirde ar ċoinnleóir a curtar é?

22 Óir ní’l rud i ḃfolaċ ná taḃarfar ċun soluis, agus níor deineaḋ rún de aċ i dtreó go noċtfaí e.

23 Má tá cluasa ċun aireaċtaint ag aoinne airiġeaḋ sé.

24 Agus duḃairt sé leó: Féaċ cad a ḋ’airiġeann siḃ. An tóṁas ’n-a dtóṁaisfiḋ siḃ, siné an tómas ’n-a dtóṁasfar ċúġaiḃ, agus curfar tuille leis.

25 Óir an t-é go ḃfuil aige taḃarfar tuille ḋó, agus an t-é ná fuil aige tógfar uaiḋ a ḃfuil aige.

26 Agus duḃairt sé: Sin mar atá ríġeaċt Dé, fé mar a ċaiṫfeaḋ duine an síol sa talaṁ,

27 Agus go mbeaḋ sé ag dul a ċodlaḋ agus ag eiriġe gaċ n-oíḋċe agus gaċ lá, agus go mbeaḋ an síol ag préaṁú agus ag fás a gan ḟios dó.

28 Óir tugann an talaṁ a ṫoraḋ i n-aisge, an geaṁar ar dtúis, ansan an dias, ansan an t-arḃar iomlán sa déis.

29 Agus nuair a ṫugann sé an toraḋ uaiḋ, cuireann seisean an corán ann láiṫreaċ mar tá an fóġṁar buailte leis.

30 Agus duḃairt sé: Cad leis go saṁlóċaimíd ríġeaċt Dé? nó cad í an tsoluíd le n-a gcuirfeam i gcomparáid é?

31 Mar an ngráinne síl mustáird, nuair a curtar é sa talaṁ gur lúġa é ’ná aon tsíol eile d’á ḃfuil sa talaṁ,

32 Agus nuair a curtar é, agus go n-eiríġeann sé, go mbíonn sé níos mó ’ná aon ġlasara eile, agus go dtagann géaga móra air i dtreó go ḃféadaid éanlaiṫe an aeir cóṁnuiḋe ḋéanaṁ fé n-a sgáṫ.

33 Agus i mórán soluídí de’n tsórd san do laḃair sé leó an briaṫar fé mar a ḋ’ḟéadadar éisteaċt leis.

34 Agus níor laḃair sé leó aċ i soluídíḃ; aċ do ṁíniġ sé gaċ aon rud d’á ḋeisgiobulaiḃ i leiṫ taoiḃ.

35 Agus duḃairt sé leó an lá san, nuair a ḃí an déanaiġe ann: Téiġmís anonn treasna.

36 Agus ċuireadar uaṫa na daoine agus ṫógadar leó é, mar a ḃí sé, isteaċ sa luing, agus ḃí loingeas eile i n’ḟoċair.

37 Agus d’eiriġ stoirm ṁór ġaoiṫe, a ḃí ag cur na dtonn isteaċ sa luing i dtreó go raiḃ an long d’á líonaḋ.

38 Agus ḃí sé féin i ndeire na luinge, agus é ’n-a ċodlaḋ ar aḋart; agus dúisiġid é, agus deirid: A Máiġistir, an cás leat é go ḃfuilimíd d’ár mbáṫaḋ?

39 Agus d’eíriġ sé agus do smaċtuiġ sé an ġaoṫ agus duḃairt sé leis an ḃfaraige: Éist, bí ciúin.

40 Agus do ṫáinig ciúnas mór. Agus duḃairt sé leó-san: Cad fá an t-eagla so oraiḃ? Ná fuil creideaṁ agaiḃ fós? Agus ḃí eagla ana-ṁór orṫa, agus deiridís le n-a ċéile: Cé h-é seo dar leat, go ḃfuil gaoṫ agus faraige úṁal dó?

historic text maintained by the Bible Society.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan