Marcus 3 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)CAIBIDIOL III. An láṁ a ḃí feóċta dá leiġeas ag Críost. An dáréag dá dtoġaḋ aige. Na Fairisíniġ dá gcur i bpúnc aige, agus an diaṁasla acu á ḋéanaṁ. 1 Agus ċuaiḋ sé isteaċ airís sa tsinagóig, agus ḃí duine ann agus ḃí láṁ leis feóċta. 2 Agus ḃíodar ag faire air, féaċaint a’ ndéanfaḋ sé an leiġeas sa trabbóid, i dtreó go gcuirfidís ’n-a leiṫ é. 3 Agus duḃairt sé leis an ḃfear: Seasaiṁ amaċ anso i lár baill. 4 Agus duḃairt sé leó-san: Cé ’cu is dleaġṫaċ, maiṫ a ḋéanaṁ nó olc a ḋéanaṁ sa tsabbóid? anam duine do ṡaoraḋ nó do ṁilleaḋ? Níor laḃradar-san focal. 5 Agus d’ḟéaċ sé ’n-a ṫímpal orṫa go feargaċ, agus ḃí brón air mar ġeall ar an gcroiḋe ḃeiṫ ċóṁ dall acu, agus duḃairt sé leis an ḃfear: Sin do láṁ. Do ṡín; agus ḃí an láṁ leiġiste. 6 Agus d’imṫiġ na Fairisíniġ amaċ láiṫreaċ agus ċuadar féin agus muintir Héróid i gcóṁairle ’n-a ċoinniḃ féaċaint conus a ṫiocfaḋ leó é ṁilleaḋ. 7 Aċ d’imṫiġ Íosa agus a ḋeisgiobuil ċun na faraige; agus do lean pobul mór é a’ Gaililí agus a’ Iúdaéa, 8 Agus a’ Ierúsalem, agus a h-Idúméa, agus ó’n dtaoḃ ṫall de’n Iórdan, agus muintir na mball tímpal Tuíre agus Sídóin, suaṫantais daoine a ṫáinig ag triall air nuair airiġeadar a ġníoṁarṫa. 9 Agus duḃairt sé le n-a ḋeisgiobuil long ḃeag a ċoimeád dó, mar ġeall ar an sluaġ, le h-eagla go mbrúṫfaidís é. 10 Óir ḃí mórán daoine aige ’á leiġeas, agus ḃí na daoine go raiḃ aon ġearán orṫa ag brúṫ isteaċ air a d’iarraiḋ teangaḃáil leis; 11 Agus na h-annspridí truailliġṫe, nuair a ċídís é, do ṡléaċtaidís dó, agus deiridís go h-árd: 12 Is tusa Mac Dé. Agus ṫugaḋ sé órdú dian dóiḃ gan é ḋ’ḟoillsiú. 13 Agus ċuaiḋ sé suas ar an gcnoc agus do ġlaoiḋ sé ċuige na daoine ba ṫoil leis féin, agus ṫánadar ċuige. 14 Agus ṡocaruiġ sé ar ḋáreág a ḃeiṫ i n-a ḟoċair, agus go gcuirfeaḋ sé ag craoḃsgaoileaḋ iad. 15 Agus ṫug sé cumas dóiḃ ar ġalaraiḃ do leiġeas agus ar ḋeaṁnaiḃ do ċur amaċ. 16 Agus ṫug sé Peadar mar ainim ar Ṡímón. 17 Agus Séamus mac Sebedé agus Eóin a ḋriṫáir, agus ṫug sé Bóanerges orṫa, sé sin maca tóirṫniġe. 18 Agus Aindrias, agus Pilib, agus Párṫalán, agus Maitiú, agus Tomás, agus Séamus mac Alṗeí, agus Taddeus, agus Símón an Canáníteaċ, 19 Agus Iúdás Iscariót, an fear a ḋíol é. 20 Agus ṫánadar ċun an tiġe, agus ṫáinig an tsluaġ airís i dtreó nár ḃ’ḟéidir dóiḃ fiú bia do ċaiṫeaṁ. 21 Agus nuair airiġ a ṁuíntir féin é do ċuadar amaċ ċun beirṫe air. mar duḃradar: Is as a ṁeaḃair atá sé. 22 Agus na Sgríḃneóirí a ṫáinig anuas ó Ierúsalem, duḃradar gur ḃ’é Beelsebub a ḃí istiġ ann, agus gur le cóṁaċt rí na ndeaṁan a ḃí sé ag cur na ndeaṁan amaċ. 23 Agus do ġlaoiḋ sé ċuige iad, agus do laḃair sé leó i soluídíḃ: Conus ḟéadfaḋ Sátan Sátan do ċur amaċ? 24 Agus má ḃíonn ríġeaċt deiġilte ’n-a coinniḃ féin ní féidir do’n ríġeaċt san seasaṁ: 25 Agus má bíonn teaġlaċ ag gaḃáil i gcoinniḃ a ċéile ’n-a ċodaiḃ ní féidir do’n teaġlaċ san seasaṁ; 26 Agus má eiriġeann Sátan ’n-a ċoinniḃ féin, tá se ’n-a ċodaiḃ rannṫa, agus ní féidir dó seasaṁ, agus tá deire leis. 27 Ní féidir do ḋuine dul isteaċ i dtiġ fir láidir agus a ċuid d’ḟuadaċ, mura ndeiniḋ sé an fear láidir do ċeangal an dtúis, agus ansan féadfaiḋ sé a ṫiġ do robáil. 28 Go deiṁin adeirim liḃ, maiṫfar do’n ċine daona gaċ peacaḋ agus gaċ diaṁasla d’á ndéanfaid siad; 29 Aċ an t-é a ḋéanfaiḋ diaṁasla i n-aġaiḋ an Spioraid Naoiṁ, ní ḃeiḋ maiṫeaṁnaċas go deó aige le fáġail, aċ beiḋ sé ciontaċ i bpeacaḋ ṡíoruiḋe. 30 Mar go nduḃradar: Is annsprid truailliġṫe atá aige. 31 Agus ṫáinig a ṁáṫair agus a ḃráiṫre agus ḃíodar ’n-a seasaṁ amuiġ, agus ċuireadar teaċtaireaċt isteaċ ag glaoḋaċ air. 32 Agus ḃí na daone ’n-a suiḋe ’n-a ṫimpal, agus duḃradar leis: Féaċ, tá do ṁáṫair agus do ḃráiṫre amuiġ agus iad at’ lorg. 33 Agus duḃairt sé leó ’ġá ḃfreagra: Cé h-iad mo ṁáṫair-se agus mo ḃráiṫre? 34 Agus d’ḟéaċ sé ’n-a ṫimpal ar an muintir a ḃí tímpal air agus duḃairt: Siniad mo ṁáṫair-se agus mo ḃráiṫre. 35 Óir, an t-é a ḋéanfaiḋ toil Dé, siné is bráṫair agus siúr agus máṫair agam-sa. |
historic text maintained by the Bible Society.
British & Foreign Bible Society