Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Marcus 2 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)


CAIBIDIOL II. An duine a ḃí gan lúṫ a ġéag dá leiġeas ag Críost. Maitiú dá ġlaoḋaċ aige. A ḋeisgiobuil aige ’á ċosaint.

1 Agus i gcionn rainnt laeṫanta ṫáinig sé airís isteaċ i gCaṗarnaum.

2 Agus do h-airiġeaḋ go raiḃ sé i dtiġ ann, agus do ċruinniġ a lán daoine ann, i dtreó ná raiḃ slíġ ḋóiḃ sa tiġ ná ag an ndorus féin, agus ḃí an briaṫar aige d’á laḃairt leó.

3 Agus ṫáinig daoine ċuige agus duine a ḃí gan lúṫ a ġéag acu, d’á iompar idir ċeaṫrar.

4 Agus nuair ná féadfaidís é ṫaḃairt ’n-a láṫair, mar ġeall ar an mbrúṫ, do noċtadar bara an tiġe sa n-áit ’n-a raiḃ sé, agus ḋeineadar osgailt agus do leigeadar síos tríd an osgailt, ’n-a luiġe ar leabaiḋ, an duine a bí gan lúṫ.

5 Agus nuair a ċonaic Íosa an creideaṁ a ḃí acu, duḃairt sé leis an nduine: A ṁic, táid do ṗeacaí maiṫte ḋuit.

6 Agus ḃí cuid de sna Sgríḃneóiríḃ ann ’n-a suiḋe agus iad ag maċtnaṁ ’n-a gcroide:

7 Cad é seo adeir sé seo? Tá diaṁasla aige d’á ḋéanaṁ. Cé ḟéadfaḋ peacaí ṁaiṫeaṁ aċ Dia aṁáin?

8 Agus ḃí a ḟios ag Íosa láiṫreaċ, i n-a spioraid féin, an maċtnaṁ a ḃeiṫ ’n-a n-aigne acu-san, agus duḃairt sé leó: Cad ċuige ḋaoiḃ an maċtnaṁ san a ḃeiṫ i nḃúr gcroiḋe agaiḃ?

9 Cé ’cu is usa a ráḋ: Táid do ṗeacaí maiṫte ḋuit; nó a ráḋ: Eirig, agus tóg suas do leabaiḋ agus siuḃluiġ?

10 Aċ, ionus go mbeaḋ a ḟios agaiḃ go ḃfuíl ag Mac an Duine ar an dtalaṁ so cóṁaċt ċun peacaí ṁaiṫeaṁ (duḃairt sé leis an nduine gan lúṫ:)

11 Deirim-se leat-sa, Eiriġ, agus tóg suas do leabaiḋ, agus imṫiġ ċun do ṫiġe féin.

12 Agus d’eiriġ an duine láiṫreaċ agus ṫóg sé suas an leabaiḋ agus d’imṫiġ sé, os cóṁair a súl go léir, i treó go raiḃ iongna orṫa go léir agus gur ṫugadar onóir do Ḋia, agus, Ní ḟeacamair riaṁ a leiṫéid, a deiridís.

13 Agus d’imṫiġ sé amaċ airís ċun na faraige, agus do lean na daoine go léir é, agus ḃí sé ’ġá dteagasg.

14 Agus ag gaḃáil ṫairis dó do ċonaic sé Léḃí, mac Alṗeí, ’n-a ṡuiḋe ag bórd an ċusduim agus duḃairt sé leis: Lean-sa mise. Agus d’eiriġ seisean agus do lean sé é.

15 Agus do ṫárla, nuair a ṡuiḋ sé ċun bíḋ ’n-a ṫiġ sin, gur ṡuiḋ mórán puibliocánaċ agus mórán peacaċ i gcuiḃreann Íosa agus a ḋeisgiobul; mar ḃí a lán acu ann, agus iad-san ’ġá leanṁaint, leis.

16 Agus nuair a ċíoḋ na Sgríḃneóirí agus na Fairisíniġ é ag caiṫeaṁ bíḋ i gcuiḃreann puibliocánaċ agus peacaċ, deiridís le n-a ḋeisgiobuil: Cad ċuige d’ḃúr máiġistir-se ḃeiṫ ag iṫe agus ag ól i gcuiḃreann puibliocánaċ agus peacaċ?

17 D’airiġ Íosa san, agus duḃairt sé leó: Ní h-ag daoine slána atá gáḋ le doċtúir aċ ag daoine gan sláinte. Ní ċun na ḃfíoraon do ġlaoḋaċ a ṫánag-sa aċ ċun na bpeacaċ do ġlaoḋaċ.

18 Agus ḃí deisgiobuil Eóin agus na Fairisíniġ ag déanaṁ trosgaiḋ, agus ṫánadar ċuige agus duḃradar: Cad ’n-a ṫaoḃ go ndeinid deisgiobuil Eóin agus na ḃFairisíneaċ trosgaḋ, agus ná deinid do ḋeisgiobuil-se trosgaḋ?

19 Agus duḃairt Íosa leó: An aṁlaiḋ is féidir do ċlainn na bainise ḃeiṫ ag déanaṁ trosgaiḋ an ḟaid atá an céile acu? An ḟaid atá an ċéile acu ’n-a ḃfoċair ní féidir dóiḃ trosgaḋ ḋéanaṁ;

20 Aċ tiocfaiḋ an lá i n-a dtógfar uaṫa an céile, agus ansan déanfaid siad trosgaḋ ins na laeṫantaiḃ sin.

21 Ní ċuireann aoinne píosa d’éadaċ nua ag deisiú seana-éadaiġ; nó má ċuireann, béarfaiḋ an píosa nua leis tuille de’n treana-éadaċ, agus méadófar an stracaḋ.

22 Agus ní ċuireann aoinne fíon nua i sean-árṫaíḃ leaṫair; nó má ċuireann, brisfiḋ an fíon nua na sean-árṫaí agus doirtfar an fíon agus caillfar na h-árṫaí; aċ is i n-árṫaíḃ nua is ceart an fíon nua do ċur.

23 Agus do ṫárla, uair eile, an Tiġearna agus a ḋeisgiobuil a ḃeiṫ ag gaḃáil tré ġortaiḃ arḃair sa trabbóid, agus ḋíriġ na deisgiobuil, agus iad ag siuḃal, ar na diasaiḃ do staṫaḋ.

24 Agus duḃairt na Fairisíniġ leis: Féaċ; Cad ċuige ḋóiḃ sin ḃeiṫ ag déanaṁ ruda náċ dleaġṫaċ a ḋéanaṁ sa tsabbóid?

25 Agus duḃairt sé leó: An aṁlaiḋ nár léiġeaḃair riaṁ cad a ḋein Dáiḃid nuair ab éigean dó é ḋéanaṁ, nuair a ḃí an t-ocras air féin agus ar an muintir a ḃí i n-aonḟeaċt leis?

26 Conus mar a ċuaiḋ sé isteaċ i dtiġ Dé i n-aimsir an árd-ṡagairt Abiatar, agus conus mar a ḋ’iṫ sé na bulóga fiaḋnaise nár ḋleaġṫaċ d’aoinne a ḋ’iṫe aċ do sna sagairt, agus ṫug sé le n-iṫe iad do’n ṁuintir a ḃí i n-aonḟeaċt leis?

27 Agus duḃairt sé leó: Níor deineaḋ an duine ar son na sabbóide, aċ do ceapaḋ an tsabbóid ar son an duine.

28 I gcás go ḃfuil Mac an Duine ’n-a ṁáiġistir ar an sabbóid féin.

historic text maintained by the Bible Society.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan