Marcus 16 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)CAIBIDIOL XVI. Aiseiríġe Ċríost agus a ḋeasgaḃáil. 1 Agus nuair a ḃí an tsabbóid imṫiġṫe ċeannuiġ Máire Ṁagdalén agus Máire, máṫair Ṡéamuis, agus Salómé, spíosra cúṁrṫa ċun go dtiocfaidis agus go n-ungfaidís Íosa. 2 Agus ṫanadar go h-ana-ṁoċ, ar maidin an ċéad lae de’n tseaċtṁain, go dtí an tuama, agus ḃí an ġrian ’n-a suiḋe; 3 Agus ḃíodar ’ġá ráḋ le n-a ċéile: Cé ḋ’iompóċaiḋ siar an ċloċ dúinn ó ḃéal an tuama? 4 Agus nuair ḟéaċadar ċonacadar an ċloċ iompuiġṫe siar. Agus cloċ ana-ṁór ab eaḋ í. 5 Agus ċuadar isteaċ sa tuama agus ċonacadar an fear óg ’n-a ṡuiḋe ar ṫaoḃ na láṁa deire agus éide ġeal uime, agus ṫáinig eagal orṫa. 6 Agus duḃairt sé leó: Ná glacaiḋ aon sgannra. Íosa Nasareit a céasaḋ isé atá uaiḃ. D’eiriġ sé; ní’l sé anso; féaċ an áit ’n-ar ċuireadar é. 7 Aċ imṫiġiḋ, agus innsiḋ d’a ḋeisgiobulaiḃ agus do Ṗeadar, go ḃfuil sé ag dul róṁaiḃ go Gaililí; ċífiḋ siḃ sa n-áit sin é, mar aduḃairt sé liḃ. 8 Aċ do riṫeadar amaċ as an uaiġ, mar do ṫáinig sgannra agus criṫeagla orṫa, agus ní duḃradar focal le h-aoinne, mar ḃí an t-eagal orṫa. 9 Aċ nuair aiseiriġ sé ar maidin an ċéad lae de’n tseaċtṁain, ṫaisbeáin sé é féin ar dtúis do Ṁáire Ṁagdalén, an ḃean as ar ḋíbir sé na seaċt ndeaṁain. 10 Agus d’imṫiġ sí sin agus d’innis sí é do’n ṁuintir a ḃíoḋ i n-a ḟoċair, agus do ḃí ag gol agus ag caoi. 11 Agus nuair airiġeadar é ḃeiṫ beó, agus go ḃfeacaiḋ sí é, níor ċreideadar an sgéal. 12 Agus ’n-a ḋiaiḋ san do ṫaisbeáin sé é féin i gcruṫ eile do ḃeirt acu agus iad ag siuḃal, ag dul fá’n dtuaṫ. 13 Agus ṫánadar san agus d’innseadar do’n ċuid eile é; agus níor ċreideadar iad aċ ċóṁ beag. 14 Fé ḋeire, ḃí an t-aoinne déag acu ’n-a suiḋe i ḃfoċair a ċéile, agus ṫaisbeáin sé é féin dóiḃ; agus do ċas sé leó a ndíṫċreideaṁ agus a ndúrċroiḋe, toisg nár ċreideadar an ṁuintir a ċonaic go raiḃ sé tar éis aiseiriġe. 15 Agus duḃairt sé leó: Gluaisiḋ tríd an ndoṁan go léir agus deiniḋ an soisgéal do ċraoḃsgaoileaḋ do’n uile ċréatúir. 16 An té a ċreidḟiḋ agus a baistfar saorfar é: an té, áṁ, ná creidfiḋ, daorfar é. 17 Agus leanfaid na cóṁarṫaí seo an ṁuintir a ċreidfiḋ: Cuirfid siad deaṁain a’ seilḃ am’ ainim-se: Laḃarfaid siad i dteangṫaċaiḃ nua. 18 Tógfaid siad aiṫreaċa niṁe, agus má ólaid siad deoċ marḃuiġṫeaċ ní ġortóċaiḋ sé iad: Cuirfid siad a láṁa ar daoine breóite agus beid siad go maiṫ. 19 Agus an Tiġearna Íosa, tar éis laḃarṫa leó ḋó, do tógaḋ suas ar neaṁ é, agus tá sé ’n-a ṡuiḋe ar deasláiṁ Dé. 20 Agus do ġluaiseadar-san agus do ċraoḃsgaoileadar ins gaċ áit; agus do ċaḃruiġ an Tiġearna leó ag neartú a gcainte le mírḃúiltíḃ ’ġá leanṁaint. |
historic text maintained by the Bible Society.
British & Foreign Bible Society