Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Marcus 15 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)


CAIBIDIOL XV. Tuairisg na páise ar leanṁaint.

1 Agus ar maidin lár n-a ṁáireaċ go luaṫ ċuaiḋ uaċtaráin na sagart i gcóṁairle leis na seanóiríḃ agus leis na Sgríḃneóiríḃ, agus leis an gcóṁairle ċoitċian, agus ṫugadar suas Íosa, gaḃṫa, do Ṗílát.

2 Agus d’ḟiafraiġ Pílát de: An tusa rí na n-Iúdaċ? Agus d’ḟreagair seisean agus duḃairt: Deirir-se é.

3 Agus do ċuir uaċtaráin na sagart a lán neiṫe ’n-a leiṫ.

4 Agus ċeistiġ Pílát airís é, agus duḃairt: Náċ ḃfuil aon ḟreagra agat le taḃairt? Féaċ a ḃfuil acu ’á ċur ad’ leiṫ.

5 Agus níor ḟreagair Íosa focal eile, i dtreó go raiḃ iongna ar Pílát.

6 I gcaiṫeaṁ lae na féile, áṁṫaċ, ba ġnáṫ leis aon ṗríosúnaċ aṁáin do leigint saor ċúċa, aon ṗríosúnaċ a iarrfidís.

7 Agus ḃí aon ṗríosúnaċ aṁáin ann gur ḃ’ainim dó Barabbas, agus ḃí sé gaḃṫa ameasg an luċt ceannairce, agus ṁairḃ sé duine i gceannairc.

8 Agus ṫáinig an pobul agus ċromadar ar iarraiḋ, mar ba ġnáṫ leis a ḋéanaṁ dóiḃ.

9 Agus d’ḟreagair Pílát iad agus duḃairt sé: An toil liḃ go leigfinn saor ċúġaiḃ rí na n-Iúdaċ?

10 Mar ḃí ḟios aige gur le mioscais a ḋein uaċtaráin na sagart é ṫaḃairt ċun láṁa.

11 Agus ċuir na sagairt suas an pobul ċun a ráḋ gur ḃ’é Barabbas a leigfeaḋ sé saos ċúċa.

12 Agus d’ḟreagair Pílát airís iad agus duḃairt: Agus cad is toil liḃ a ḋéanfad le rí na n-Iúdaċ?

13 Agus do liúġadar airís: Céas é.

14 Agus duḃairt Pílát leó: Sdó, cad é an t-olc atá déanta aige? Aċ sin mar ab’ aoirde do liúġadar: Céas é.

15 Agus ċun an ṗobuil do ṡásaṁ do leig Pílát Barabbas saos ċúċa, agus ṫug sé Íosa le céasad, tar éis a sgiúrsála.

16 Agus do rug na saiġdiúirí leó é isteaċ i halla na cúirte, agus ċruinniġeadar an ḃuiḋean go léir,

17 Agus ċuireadar brat corcra uime agus d’ḟíġeadar coróinn ḋeilgneaċ, agus ċuireadar ar a ċeann í;

18 Agus ċromadar ar ḃeannú ḋó: Go mbeannuiġṫear duit, a rí na n-Iúdaċ.

19 Agus ansan do ḃuailidís sa ċeann é le cleiṫ, agus ċaiṫidís seile air, agus do ċromaidís a nglúine ’ġá onórú.

20 Agus nuair a ḃí an magaḋ déanta acu faoi do ḃaineadar de an brat corcra, agus ċuireadar a ċuid éadaiġ féin airís uime, agus do rugadar leó é ċun é céasad.

21 Agus ḃí duine ag gaḃáil an ḃóṫair, n-ar ḃ’ ainim dó Símón Círénéaċ, ag teaċt ó’n dtuaṫ, aṫair Alecsandair agus Rúifis, agus do stadadar é, agus ċuireadar ḟéaċaint air an ċros a ḋ’iompar dó.

22 Agus do rugadar leó é go dtí an áit Golgota, le n-a gcialluiġṫear áit an ċloiginn.

23 Agus ṫugadar deoċ dó, fíon agus mirr tríd, agus níor ġlac sé é.

24 Agus do ċéasadar é, agus do roinneadar a ċuid éadaiġ, ’ġá gcur ar ċrannaiḃ féaċaint cé ḃéarfaḋ gaċ ball díoḃ.

25 Agus ḃí an tríṁaḋ tráṫ ann, agus ċéasadar é.

26 Agus ḃí teidiol a ċúise sgríoḃṫa: RÍ NA N-IÚDAĊ.

27 Agus do ċéasadar i n-aonḟeaċt leis beirt ḃiṫeaṁnaċ, duine acu ar a ḋeis agus an duine eile ar a ċlí.

28 Agus do cóṁlíonaḋ an sgriptiúir adeir: Agus do luaḋaḋ é le cuirpṫeaċaiḃ.

29 Agus na daoine ġaḃaḋ ṫairis ṫugaidís masla ḋó, agus ċroṫaidís a gceann agus deiridís: Ḃáṫ! do leagfá teampal Dé agus ċurfá suas airís é i gceann trí lá:

30 Saor ṫu féin anois, agus tar anuas de’n ċrois.

31 Mar an gcéadna uaċtaráin na sagart agus na Sgríḃneóirí, ag caint le ċéile ag déanaṁ magaiḋ: Ṡáḃail sé daoine eile, adeiridís; ní’l ar a ċumas é féin do ṡáḃail.

32 Tagaḋ Críost, rí Israéil, anuas de’n ċrois anois go ḃfeiceam agus go gcreideam. Agus an ḃeirt a ḃí céasda i n-a aice ṫugadar masla ḋó.

33 Agus nuair a ṫáinig an séṁaḋ tráṫ do luiġ doirċeaċt ar an ndoṁan go léir go dtí an naoṁaḋ tráṫ.

34 Agus sa naoṁaḋ tráṫ do ġlaoiḋ Íosa do ġuṫ árd: Elóí, Elóí, lamá sabactání? níḋ a míníġṫear mar seo: A Ḋia, a Ḋia, cad uime gur ṫréigis mé?

35 Agus duḃairt cuid d’á raiḃ láiṫreaċ: Féaċ, tá sé ag glaoḋaċ ar Elias.

36 Agus do riṫ duine acu agus do líon sé spúinse d’ ḟínéigir agus ċuir sé ar ḃata é, agus ṫug sé ḋó é le n-ól, agus duḃairt sé: Fanaiḋ go ḃfeiceam an dtiocfaiḋ Elias ċun é ṫógaint anuas.

37 Agus do ġlaoiḋ Íosa do ġuṫ árd, agus d’éag sé.

38 Agus do stracaḋ brat an teampail ’n-a ḋá ċuid ó ḃarr go bun.

39 Agus nuair a ċonaic an taoiseaċ céad a ḃí ’n-a seasaṁ ar a aġaiḋ amaċ go ḃfuair sé ḃás agus an guṫ árd san aige d’á ċur as duḃairt sé: Gan aṁras dob’ é Mac Dé an duine sin.

40 Agus ḃí mná ann aḃfad uaiḋ agus iad ag féaċaint air, ar a raiḃ Máire Magdalén, agus Máire máṫair Ṡéamuis ḃig agus Ióseiṗ, agus Salómé;

41 Agus siniad a ḃíoḋ ’ġá leanṁaint agus ag frioṫálaṁ air nuair a ḃíoḋ sé i nGaililí; agus a lán ban eile a ṫáinig i n-aonḟeaċt leis ainíos go Ierúsalem.

42 Agus nuair a ḃí an déanaíġe ann, (óir b’ é lá an ollaṁuiġṫe é, a ṫagann roimis an sabbóid),

43 Ṫáinig Ióseṗ ó Arimataéa, duine uasal, decúrio, fear a ḃí ag súil le ríġeaċt Dé ċóṁ maiṫ le cáċ, agus ċuaiḋ sé isteaċ go dána i láṫair Ṗíláit, agus d’iarr se corp Íosa air.

44 Agus ḃí iongna ar Ṗílát a ráḋ go mbeaḋ sé tar éis ḃáis ċeana féin. Agus ċuir sé fios ar an dtaoiseaċ céad agus d’ḟiafraiġ sé ḋe an raiḃ sé tar éis ḃáis.

45 Agus nuair a fuair sé amaċ ó’n dtaoiseaċ céad go raiḃ, d’órduiġ sé an corp do ṫaḃairt do Ióseṗ.

46 Agus do ċeannuiġ Ióseṗ línéadaċ agus ṫóg sé anuas ó’n gcrois é, agus d’ḟill sé sa línéadaċ é, agus ċuir sé isteaċ é i dtuama a ḃí gearrṫa a’ caraig, agus d’iompuiġ sé leac ċun doruis an tuama.

47 Agus ḃi Máire Ṁagdalén agus Máire [máṫair] Ióseiṗ ag féaċaint ar an áit ’n-ar cuireaḋ é.

historic text maintained by the Bible Society.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan