Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Marcus 14 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)


CAIBIDIOL XIV. An ċéad ċuid de ṫuairisg páise Ċríost.

1 Agus i gcionn dá lá ḃí féile na Cásga agus an aráin gan giost le ḃeiṫ ann, agus ḃí uaċtaráin na sagart agus na Sgríḃneóirí ’ġá ċuiṁneaṁ conus a ḋéanfaidís breiṫ air agus é ċur ċun báis.

2 Aċ duḃradar: Ná deintear é lá na féile, le h-eagla go n-eireóċaḋ aċrann ameasg an ṗobuil.

3 Agus ḃí sé i mBetánia, i dtiġ Ṡímóin loḃair, ’n-a ṡuiḋe ċun bíḋ agus ṫáinig bean agus bosca alabastair aici d’ola spícnáird a ḃí ana-ḋaor, agus do ḃris sí an bosca alabastair agus ḋoirt sí an ola ar a ċeann.

4 Agus ḃí daoine láiṫreaċ agus ṫainig fearg orṫa, agus duḃradar ’n-a n-aigne féin: Cad ċuige an ḃásta san a ḋéanaṁ ar an ola?

5 D’ḟéadfaí an ola san do ḋíol ar níos mó ’ná trí ċéad píosa airgid agus é ṫaḃairt do sna boċtaiḃ. Agus ḃíodar ag casaoid léi.

6 Agus duḃairt Íosa: Leigiḋ di. Cad ċuige ḋaoiḃ ḃeiṫ ag casaoid léi? Is gníoṁ maiṫ atá déanta aici orm-sa.

7 Óir táid na boiċt i nḃúr ḃfoċair agaiḃ i gcóṁnuiġe, agus féadfaiḋ siḃ maiṫ a déanaṁ dóiḃ nuair is áil liḃ; aċ ní’limse i gcóṁnuiġe agaiḃ.

8 An níḋ a ḃí aici seo le déanaṁ tá sé déanta aici; tá ola curṫa roim ré aici ar mo ċorp-sa i gcóir aḋlaċta.

9 Go deiṁin adeirim liḃ: sé áit ’n-a gcraoḃsgaoilfar an soisgéal so ar fuid an doṁain go léir, neósfar ann, mar ċuiṁneaṁ uirṫi seo, an níḋ atá déanta aici.

10 Agus d’imṫiġ Iúdás Iscariót, duine de’n dáréag, ag triall ar uaċtaránaiḃ na sagart, ċun é ḋíol leó.

11 Agus nuair airiġeadar é ḃí áṫas orṫa, agus ġealla-dar dó go dtaḃarfaí airgead dó. Agus ḃí sé ag faire ċun caoi ḟáġail ar é ṫaḃairt suas.

12 Agus an ċéad lá de laeṫiḃ an aráin gan giost nuair a deintí íḋbirt na Cásga, duḃairt a ḋeisgiobuil leis: Cár ṁaiṫ leat go raġmís agus go ndéanfaimís an Ċáisg d’ollaṁú ḋuit le n-iṫe?

13 Agus ċuir sé uaiḋ beirt d’á ḋeisgiobuil agus duḃairt sé leó: Téiġiḋ isteaċ sa ċaṫair, agus casfar oraiḃ fear agus árṫaċ uisge ar a ṁuin aige; leanaiḋ é.

14 Agus pé áit ’n-a raġaiḋ sé isteaċ abraiḋ le fear an tiġe, Deir an Máiġistir, Cá ḃfuil an seómra ’n-a n-íosfad an Ċáisg i dteannta mo ḋeisgiobul?

15 Agus taisbeánfaiḋ sé daoiḃ seómra mór, agus é curṫa i dtreó, agus déiniḋ ollaṁú ḋúinn ann.

16 Agus d’imṫiġ na deisgiobuil agus ṫánadar sa ċaṫair, agus fuaradar mar a duḃairt sé, agus d’ollaṁuiġeadar an Ċáisg.

17 Agus nuair a ḃí an traṫnóna ann ṫáinig sé i n-aonḟeaċt leis an dáréag.

18 Agus nuair a ḃíodar ’n-a suiḋe agus ag iṫe, duḃairt Íosa: Go deiṁin a deirim liḃ, tá duine agaiḃ-se, atá ag iṫe am ṫeannta, agus díolfaiḋ sé mé.

19 Agus ṫáinig ḃuairt orṫa, agus ċromadar ar a ráḋ leis, ’n-a nduine a’s ’n-a nduine: An mise é?

20 Agus duḃairt sé leó: Duine de’n dáréag, duine a ċuireaim a láṁ sa n-aon ṁéis liom.

21 Is fíor go ḃfuil Mac an Duine ag imṫeaċt, fé mar atá sgríoḃṫa ’n-a ṫaoḃ; aċ is ró-ṁairg do’n ḟear san tré a ndéanfar Mac an Duine do ṫaḃairt suas. B’ḟearra ḋo’n ḟear san ná tiocfaḋ sé riaṁ ar an saoġal.

22 Agus an ḟaid a ḃíodar ag iṫe do ṫóg Íosa arán agus ḃeannuiġ sé é, agus ḃris sé é, agus ṫug sé ḋóiḃ é, agus duḃairt sé: Glacaiḋ, iṫiḋ; is é mo ċorp é seo.

23 Agus ṫóg sé cailís, agus ġaiḃ sé buiḋeaċas, agus ṫug sé ḋóiḃ í, agus d’óladar go léir aisti.

24 Agus duḃairt sé leó: Isí mo ċuid fola, fuil an tiomna nua, í sin, a doirtfar ar son a lán.

25 Go deiṁin adeirim liḃ, ná h-ólfad feasda de’n toraḋ so na fíneaṁna go dtí an lá san ’n-a n-ólfad nua é i ríġeaċt Dé.

26 Agus tar éis an iomuin do ġaḃáil dóiḃ ċuadar go Cnoc na n-Ola-ċrann.

27 Agus duḃairt Íosa leó: Glacfaiḋ siḃ go léir sgannal umam-sa anoċt; óir tá sgríoḃṫa, Buailfead an t-aoḋaire agus sgaipfar na caoire.

28 Aċ tar éis m’aiseiriġe raġad róṁaiḃ go Gaililí.

29 Agus duḃairt Peadar leis: Bíoḋ go nglacfaidís go léir sgannal umat, ní ġlacfad-sa.

30 Agus duḃairt Íosa leis: Go deiṁin adeirim leat, sa lá so againn, anoċt féin, séanfair mé fó ṫrí sar a nglaoiḋfiḋ an coileaċ an tarna h-uair.

31 Aċ sin mar ba ḋéine do laḃair seisean: Dá gcaiṫinn dul ċun báis i n-aonḟeaċt leat ní ṡéanfad tú. Agus do laḃradar go léir ar an gcuma gcéadna.

32 Agus ṫánadar ċun na h-áite ar a dtugtar Getsémané, agus duḃairt sé le n-a ḋeisgiobuil: Suiḋiḋ anso go ndeinead úrnuiġṫe.

33 Agus do rug sé leis Peadar agus Séamus agus Eóin, agus ṫusnuiġ sé ar ḃeiṫ go criṫ-eaglaċ agus go dúḃaċ;

34 Agus duḃairt sé leó: Tá ḃrón an ḃáis ar m’anam; fanaiḋ anso agus deiniḋ faire.

35 Agus d’imṫiġ sé tamall uaṫa, agus ṫuit sé anuas ar an dtalaṁ, agus ġuiḋ sé go ngeoḃaḋ an uair ṫairis dá mb’ḟéidir é.

36 Agus duḃairt sé: Abba, a Aṫair, tá gaċ níḋ ar do ċumas; cuir an ċailís seo i leiṫ taoiḃ uaim; ná deintear áṁṫaċ, an níḋ is toil liom-sa, aċ an níḋ is toil leat-sa.

37 Agus ṫáinig sé agus fuair sé ’n-a gcodlaḋ iad. Agus duḃairt sé le Peadar: A Ṡímóin, an ad’ ċodlaḋ ataoí? Nár ḟeadais faire ḋéanaṁ ar feaḋ aon uaire aṁáin?

38 Déiniḋ faire agus guiḋe, ionus ná raġaḋ siḃ i gcaṫaíḃ. Tá an spioraid tugṫa, is fíor, aċ tá an ḟeóil lag.

39 Agus d’imṫiġ sé airís, agus ḋein sé an guiḋe céadna ins na focalaiḃ céadna.

40 Agus ṫáinig sé an tarna h-uair agus fuair sé ’n-a gcodlaḋ iad, (óir do ḃí mairḃitíġe ar a súiliḃ), agus ní ḟeadradar cad é an freagra ṫaḃarfaidís air.

41 Agus ṫáinig sé an tríṁaḋ h-uair agus duḃairt sé leó: Deiniḋ codlaḋ anois agus suaiṁneas. Ní beag é: tá an uair tagaiṫe; féaċ, taḃarfar Mac an Duine ar láṁaiḃ na bpeacaċ.

42 Eiriġiḋ, téanaíḋ; féaċ, tá i ḃfogus dúinn an fear a ḃraṫfaiḋ mé.

43 Le linn na ḃfocal a ráḋ ḋó, ṫáinig Iúdás Iscariót, duine de’n dáréag, agus sluaġ ṁór i n-aonḟeaċt leis, ó uaċtaránaiḃ na sagart agus ó sna Sgríḃneóirí agus ó sna seanóirí, agus ḃí claiḋṁte agus bataí acu.

44 Agus ḃí cóṁarṫa taḃarṫa aige-sean dóiḃ, mar duḃairt sé: An t-é go dtaḃarfad-sa póg dó, siné é; beiriḋ air agus tugaiḋ liḃ é go h-aireaċ.

45 Agus nuair a ṫáinig sé do ḋein sé air isteaċ agus duḃairt sé: Go mbeannuiġṫear ḋuit, a Ṁáiġistir, agus ṫug sé póg dó.

46 Agus ġreamuiġeadar-san a láṁa air, agus ċoimeádadar é.

47 Agus ṫaraing duine d’á raiḃ láiṫreaċ claiḋeaṁ, agus ḃuail sé seirḃíseaċ an árdṡagairt agus ḃain ṡé an ċluas de.

48 Agus d’ḟreagair Íosa agus duḃairt sé: An dtánaḃair amaċ, agus claiḋṁte agus bataí agaiḃ, ċun beirṫe orm mar a ṫiocfaḋ siḃ cun beirṫe ar ḃiṫeaṁnaċ?

49 Ḃíos gaċ lá i nḃúr measg sa teampul, ag teagasg agus níor rugaḃair orm. Aċ is ċun an sgriptiúra do ċóṁlíonaḋ é.

50 Ansan d’ḟág a ḋeisgiobuil é agus do ṫeiṫeadar go léir.

51 Agus ḃí buaċaill ’ġá leanṁaint n-a raiḃ ball línéadaiġ fan noċta a ċoím air, agus do rugadar air.

52 Agus do sgaoil seisean an ball línéadaiġ leó, agus d’imṫiġ sé uaṫa tárnoċt.

53 Agus ṫugadar Íosa leó i láṫair an árdṡagairt; agus do ċruinniġ ann na sagairt go léir agus na Sgríḃneóirí agus na seanóirí.

54 Agus do lean Peadar é, aḃfad siar, go dtí go raiḃ sé istiġ i halla an árd-ṡagairt, agus ḃí sé ’n-a ṡuiḋe i dteannta na seirḃíseaċ, ċun na teine, ’ġá ṫéiḋ féin.

55 Agus ḃí na h-árdṡagairt agus an ċóṁairle go léir ag lorg fínné i gcoinniḃ Íosa, ċun é ḋaoraḋ ċun báis; agus ḃí ag teip orṫa.

56 Agus ḃí a lán ag taḃairt fiaḋnaise bréige ’n-a ċoinniḃ, aċ níor réiḋtiġ a ḃfiaḋnaise le n-a ċéile.

57 Agus d’eiriġ daoine éigin agus ṫugadar fiaḋnaise bréige ’n-a ċoinniḃ agus duḃradar:

58 D’airiġeamair-ne é agus duḃairt sé: An teampal so a deineaḋ le láṁaiḃ daoine, leagfad-sa é agus i gcionn trí lá cuirfead suas ceann eile, agus ní le láṁaiḃ daoine é.

59 Agus níor réiḋtiġ a ḃfiaḋnaise le n-a ċéile.

60 Agus d’eiriġ an t-árdṡagart, i lár na h-áite, agus ċuir sé ceist ċun Íosa, agus duḃairt: Ná fuil aon ḟreagra agat le taḃairt ar a ḃfuil acu san ’á ċur ad’ leiṫ?

61 Aċ níor laḃair seisean agus níor ṫug sé aon ḟreagra. Agus do ċeistiġ an t-árdṡagart é, agus duḃairt sé: An tusa Críost Mac Dé ḃeannuiġṫe?

62 Agus ansan duḃairt Íosa leis: Is mé; agus ċífiḋ siḃ Mac an Duine ’n-a ṡuiḋe ar deasláiṁ cóṁaċta Dé agus ag teaċt i sgamallaiḃ neiṁe.

63 Ansan do strac an t-árdṡagart a ḃrat, agus duḃairt sé: Cad ab aíl linn d’a ṫuille fínniṫe?

64 D’airiġeaḃair an diaṁasla: cad a ċítear daoiḃ? Agus duḃradar go léir go raiḃ bás tuillte aige.

65 Agus do ċrom cuid acu ar ṡeilí ċaiṫeaṁ air, agus ar a aġaiḋ do ċlúdaċ agus ar é ḃualaḋ le dóirniḃ, agus deiridís: Targair: agus ḃí na seirḃísiġ ’ġá ḃualaḋ le n-a mbasaiḃ.

66 Agus ḃí Peadar sa halla ṫíos, agus ṫáinig duine de ċailíníḃ aimsire an árdṡagairt,

67 Agus nuair a ċonaic sí Peadar ’ġá ṫéiḋ féin, d’ḟéaċ sí air agus duḃairt sí: Agus do ḃís-se leis i ḃfoċair Íosa Nasareit.

68 Agus do ṡéan seisean agus duḃairt: Ní’l fios ná eólus agam ar cad deirir. Agus d’imṫiġ sé amaċ lasmuiġ de’n halla; agus do ġlaoiḋ an coileaċ.

69 Agus do ċonaic an cailín airís é, agus duḃairt sí leis an muintir a ḃí ’n-a seasaṁ ann: Is duine acu súd é seo.

70 Agus do ṡéan seisean airís. Agus tar éis tamaill ḃig duḃairt an ṁuintir a ḃí ’n-a seasaṁ ann airís, le Peadar: Go deiṁin is duine acu súd tu, mar is Gaililiaċ tu.

71 Agus do ċrom seisean ar easgainiḋe agus ar a ḋearḃú: Ní’l aon aiṫne agam ar an nduine sin adeireann siḃ.

72 Agus ansan do ġlaoiḋ an coileaċ an tarna h-uair. Agus do ċuiṁniġ Peadar ar an ḃfocal aduḃairt Íosa: Sar a nglaoiḋfiḋ an coileaċ ḋá uair séanfair mé trí h-uaire. Agus ċrom sé ar ġol.

historic text maintained by the Bible Society.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan