Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Marcus 13 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)


CAIBIDIOL XIII. An íde a ḃí le teaċt ar an dteampul, agus na cóṁarṫaí atá le teaċt roim lá an ḃreiṫeaṁantais.

1 Agus nuair a ḃí sé ag dul amaċ as a dteampul duḃairt duine ḋ’á ḋeisgiobuil leis: Féaċ, a Ṁáiġistir, cad iad mar ċloċa agus cad é mar ḋéanaṁ!

2 Agus d’ḟreagair Íosa agus duḃairt leis: Ċíonn tú na h-oibreaċa móra san go léir? Ní fágfar cloċ ar muin cloiċe ḋíoḃ gan leagaḋ.

3 Agus ḃí sé ’n-a ṡuiḋe ar Ċnoc na n-Olaċrann ar aġaiḋ an teampail, agus ḃí Peadar agus Séamus agus Eóin agus Aindrias ’ġá ḟiafraiġe ḋe, ar leiṫliġ:

4 Innis dúinn, caṫain a ṫiocfaiḋ na neiṫe seo? agus cad é an cóṁarṫa a ḃeiḋ air, nuair a ṫosnóċaid na neiṫe seo go léir ar ṫeaċt ċun cinn.

5 Agus do ċrom Íosa, ’ġá ḃfreagraḋ, ar a ráḋ leó: Seaċain agus ná meallaḋ aoinne siḃ.

6 Óir tiocfaiḋ a lán daoine am’ ainim-se, agus déarfaid siad, Is mise é; agus meallfaid siad a lán.

7 Aċ nuair a ḋ’aireóċaiḋ siḃ cogaí agus ráflaí ar ċogaíḃ, ná bíoḋ eagal oraiḃ, óir ní foláir iad san a ḃeiṫ ann; aċ ní hé au deire fós é.

8 Óir eireóċaiḋ cine i n-aġaiḋ cine agus ríġeaċt i n-aġaiḋ ríġeaċta, agus beiḋ luasgaċa talṁan go tiuġ ann, agus gorta. Tusaċ na buarṫa iad san.

9 Aċ féaċaiḋ ċúġaiḃ féin. Óir taḃarfaid siad i láṫair na gcóṁairlí siḃ, agus sgiúrsálfar siḃ ins na sinagógaiḃ, agus seasóċaiḋ siḃ i láṫair ríġṫe agus uaċtarán mar ġeall orm-sa, mar ḟiaḋnaise ḋóiḃ-sin.

10 Agus ní foláir ar dtúis an soisgéal do ċraoḃsgaoileaḋ ċun na ngeinte go léir.

11 Agus nuair a ṫaḃarfaid siad leó siḃ ċun siḃ a ṫaḃairt ar láiṁ, ná bacaiḋ a ḃreiṫniú roim ré cad déarfaiḋ siḃ; aċ an rud a taḃarfar daoiḃ an uair sin, abraiḋ é; óir ní siḃ-se a laḃrann, aċ an Spioraid Naoṁ.

12 Óir déanfaiḋ an driṫáir feall báis ar a ḋriṫáir, agus an t-aṫair ar a ṁac; agus eireóċaiḋ an ċlann i n-aġaiḋ a n-aṫar agus a máṫar, agus imireóċaid siad bás orṫa.

13 Agus beiḋ fuaṫ ag gaċ aoinne ḋaoiḃ mar ġeall ar m’ ainim-se. Aċ an t-é a ḃeiḋ seasaṁaċ go deire isé a raġaiḋ slán.

14 Aċ nuair a ċífiḋ siḃ gráin an léirsgriosa ’n-a seasaṁ sa n-áit naċ dual (an t-é a léiġeann tuigeaḋ sé), ansan an ṁuintir atá i n-Iúdaéa teiṫidís ċun na gcnoc.

15 Agus an t-é ḃeiḋ ar ḃuaic a ṫíġe ná tagaḋ sé anuas sa tiġ agus na téiġeaḋ sé isteaċ ċun ruda ḃreiṫ as an dtiġ;

16 Agus an t-é a ḃeiḋ sa ṗáirc ná filleaḋ sé a d’iarraiḋ a ḃrait.

17 Agus is mairg do luċt clainne d’iompar agus do luċt clainne ḋ’oileaṁaint ins na laeṫiḃ sin;

18 Agus bíḋiḋ ag guiḋe gan iad a ḃeiṫ sa ġeiṁre.

19 Óir beiḋ ins na laeṫiḃ sin cruaḋtan ná raiḃ a leiṫéid ann ó ṫusaċ an ċruiṫniú a ċruiṫniġ Dia go dtí anois, agus ná ḃeiḋ.

20 Agus mura gcioruiġeaḋ an Tiġearna na laeṫanta ní ḃeaḋ dul as ag feóil ar biṫ; aċ ar son na ḃfíoraon atá toġṫa aige do ċioruiġ sé na laeṫanta.

21 Agus anois má deir aoinne liḃ, Féac, tá Críost anso; féac, tá sé ansúd: ná creidiḋ.

22 Óir eireóċaid críosdana fallsa agus fáiḋí fallsa, agus taḃarfaid siad cóṁarṫaí uaṫa agus iongnaí, ċun na ḃfíoraon féin do ṁeallaḋ, dá mb’ḟéidir é.

23 Tugaiḋ-se aire, d’á ḃríġ sin; féaċ, tá gaċ níḋ innste agam daoiḃ roim ré.

24 Aċ ins na laeṫiḃ sin, tar éis na buarṫa san, dorċóċaiḋ an ġrian agus ní ṫaḃarfaiḋ an ġealaċ a solus,

25 Agus beiḋ na réilte ag tuitim as an spéir, agus beiḋ na cóṁaċta atá ins na flaṫais d’á suaṫaḋ.

26 Agus ansan ċífid siad Mac an Duine ag teaċt ins na sgamalaiḃ, le mórán cóṁaċt’ agus glóire.

27 Agus ansan cuirfiḋ sé a aingil amaċ agus cruinneóċaiḋ sé a ḟíoraoin ó sna ċeiṫre gaoiṫiḃ, ó ḟíor-imeall an tailiṁ go fíor-imeall neiṁe.

28 Fóġlumuiḋ ó’n gcrann fíge soluíd. Nuair a ḃíonn a géag bog agus an duilleaḃar tagaiṫe is eól daoiḃ an saṁraḋ ḃeiṫ i n-aċmaireaċt.

29 Mar sin daoiḃ-se nuair a ċífiḋ siḃ na neiṫe seo ag teaċt ċun cinn, bíoḋ ḟios agaiḃ é ḃeiṫ ins na dóirsiḃ buailte liḃ.

30 Go deiṁin a deirim liḃ, ní h-imṫeóċaiḋ an tslioċt so go dtagaid na neiṫe seo go léir ċun cinn.

31 Raġaiḋ spéir agus talaṁ ar neaṁníḋ, aċ ní raġaiḋ mo ḃréiṫre-se ar neaṁníḋ.

32 Ní fios d’aoinne, áṁṫaċ, an lá san ná an uair, d’á mb’iad na h-aingil ins na flaṫais iad, nó an Mac, aċ do’n Aṫair.

33 Tugaiḋ aire, deiniḋ faire agus úrnuiġṫe; óir ní fios daoiḃ caṫain a ḃeiḋ an t-am ann.

34 Ar nós duine a d’ḟág a ṫiġ agus d’imṫiġ i gcéin, agus a ṫug d’á ṡeirḃíseaċaiḃ déanaṁ gaċ oibre, agus a duḃairt leis an ndóirseóir faire ḋéanaṁ;

35 Deiniḋ-se faire, d’á ḃríġ sin, (óir ní fios daoiḃ caṫain a ṫiocfaiḋ an tiġearna, um ṫráṫnóna, i lár na h-oiḋċe, ar ġlaodaċ an ċoiliġ, nó ar maidin)

36 Le h-eagla, nuair a ṫiocfaḋ sé, gur i nḃúr gcodlaḋ a ġeoḃaḋ sé siḃ.

37 Agus an rud a deirim liḃ-se deirim le gaċ aoinne é: Deiniḋ faire.

historic text maintained by the Bible Society.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan