Marcus 12 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)CAIBIDIOL XII. Parabal an ḟíonġuirt agus an luċt saoṫruiġṫe. Ceart Ċéasair ċun na cánaċ. Na Sadducíniġ; i bpúnc. An ċéad aiṫne; cianóg na baintríġe. 1 Agus do ċrom sé ar laḃairt leó i soluídíḃ: Do ċuir duine fíonġort, agus ḋein sé fál ’n-a ṫímpal, agus ḋein sé clais ann ċun an ḟíona do ḃrúṫ, agus ċuir sé suas túr ann, agus do ċuir sé é ċun luċt saoṫruiġṫe, agus d’imṫiġ sé i gcéin. 2 Agus nuair a ṫáinig an t-am ċuir sé seirḃíseaċ ag triall ar an luċt saoṫruiġṫe ċun toraḋ an ḟíonġuirt d’ḟáġail ó’n luċt saoṫruiġṫe. 3 Agus do rugadar ar an seirḃíseaċ, agus ġaḃadar air, agus ċuireadar ċun siuḃail folaṁ é. 4 Agus airís ċuir sé ċúċa seirḃíseaċ eile; agus do ġoineadar é sin, sa ċeann, agus ṫugadar tarcuisne ḋó. 5 Agus airís ċuir sé seirḃíseaċ eile ag triall orṫa: agus do ṁarḃuiġeadar é féin; agus mórán eile; do ġaḃadar ar ċuid acu, agus do ṁarḃuiġeadar cuid acu. 6 Aċ do ḃí aige aon ṁac aṁáin, ró-ḋílis; agus ċuir sé é sin ċúċa sa deire, agus duḃairt sé Taḃarfaid siad uraim dom’ ṁac. 7 Aċ duḃairt an luċt saoṫruiġṫe le n-a ċéile: Sidé an t-oiġre; téanam, cuirimís ċun ḃáis é, agus beiḋ an oiġreaċt againn. 8 Agus do rugadar air, agus do ċuireadar ċun ḃáis é, agus ċaiṫeadar lasmuiġ de’n ḟíonġort é. 9 Cad a ḋéanfaiḋ tiġearna an ḟíonġuirt sin? Tiocfaiḋ sé agus déanfaiḋ sé díḃeirg ar an luċt saoṫruiġṫe sin agus taḃarfaiḋ sé an fíonġort d’á malairt. 10 Agus an aṁlaiḋ nár léiġeaḃair an scriptiúir seo, An ċloċ ná glacfaḋ na saoir, isí atá ’n-a cloiċ ċinn cúinne; 11 Isé an Tiġearna do dein an níḋ sin, agus is iongantaċ é i n-ár súiliḃ-ne? 12 Agus ḃíodar a d’iarraiḋ beirṫe air, aċ ḃí eagla acu roimis an bpobul; óir ḃí ḟios acu gur ċúċa féin a ḃí sé sa tsoluíd sin. Agus d’ḟágadar é agus d’imṫíġeadar. 13 Agus ċuireadar ċuige cuid de sna Fairisíniġ agus de ṁuintir Héróid ċun buntáiste ḃreiṫ air ’n-a ċaint. 14 Agus ṫánadar ċuige agus duḃradar leis: A Ṁáiġistir, is eól dúinn gur duine fírinneaċ tu, agus ná fuil beann agat ar aoinne; mar ní féaċann tú ċun gnúise aon duine, aċ slíġ Dé do múineaḋ do reir fírinne. An dleaġṫaċ cíos a ḋíol le Caesar nó gan a ḋíol? An dtaḃarfam é nó an gcoimeádfam é? 15 Aċ do ċonaic sé an feall a ḃí ionta, agus duḃairt sé leó: Cad ċuige ḋaoiḃ ḃeiṫ am’ braṫ? Tugaiḋ ċuġam píosa airgid go ḃfeicead é. 16 Agus ṫugadar ċuige é. Agus duḃairt sé leó: Cé leis an íoṁáiġ seo agus an sgríḃinn seo? Duḃradar leis: Le Caesar. 17 Agus d’ḟreagair Íosa agus duḃairt sé leó: Tugaiḋ, d’á ḃríġ sin, do Ċaesar na neiṫe is le Caesar, agus do Ḋia na neiṫe is le Dia. 18 Ansan ṫáinig ċuige na Sadducíniġ, daoine a ṡéanann aiseiriġe na marḃ, agus ċuireadar ceist ċuige agus duḃradar; 19 A Ṁáiġistir, do sgríḃ Maois dúinn: Má ġeiḃeann driṫáir ḋuine bás agus go ḃfágann sé a ḃean, agus ná fágann sé clann ’n-a ḋiaiḋ, go nglacfaiḋ a ḋriṫáir an ḃean, agus go dtógfaiḋ sé clann d’á ḋriṫáir. 20 Aċ ḃí mórṡeisear driṫár ann, agus do ṗós an ċéad duine acu bean, agus fuair sé bás gan clann ḟágáilt. 21 Agus do ġlac an tarna duine acu í, agus fuair sé bás, agus níor ḟág sé sin clann aċ ċóṁ beag. Agus an tríṁaḋ fear ar an gcuma gcéadna. 22 Agus do ġlac an mórṡeisear í ar an gcuma san, agus niór ḟágadar clann. I n-a ndiaiḋ go léir do fuair an ḃean bás. 23 D’á ḃríġ sin, nuair ṫiocfaiḋ an aiseiriġe, agus nuair a ḋ’eireóċaid siad go léir, cé ’cu ḋíoḃ gur leis an ḃean? Óir ḃí sí ’n-a mnaoi ag an mórṡeisear. 24 Agus d’ḟreagair Íosa agus duḃairt sé leó: Nác é atá ’búr gcur amú gan eólus a ḃeiṫ agaiḃ ar an scriptiúir, ná ar ċóṁaċtaiḃ Dé? 25 Óir, nuair a ḋ’eireóċaid siad ó sna mairḃ ní ḃeiḋ pósaḋ ná taḃairt le pósaḋ feasta, aċ beid siad ar nós na n-aingeal ins na flaṫais. 26 I dtaoḃ na marḃ, áṁṫaċ, go n-eireóċaid siad, nár léiġeaḃair i leaḃar Ṁaoise, conus mar aduḃairt Dia leis as an dtor: Is mise Dia Ábrahaim agus Dia Isaaic agus Dia Iacóib. 27 Ní do ḋaoine marḃa is Dia é aċ do ḋaoine atá beó. D’á ḃríġ sin is mór atáṫaoi-se amú. 28 Agus ṫáinig ċuige duine de sna Sgríḃneóiriḃ a ḃí ag éisteaċt leó-san ag déanaṁ an aiġnis, agus nuair a ċonaic a ḟeaḃas do ḟreagair sé iad, d’ḟiafraiġ sé ḋe cad í an ċéad aiṫne de sna h-aiṫeantaiḃ go léir. 29 Agus d’ḟreagair Íosa é: Isí an ċéad aiṫne ḋíoḃ go léir: Clois, a Israéil, is aon Dia aṁáin do Ṫíġearna Dia-se; 30 Agus gráḋfaiḋ tú do Ṫiġearna Dia ód’ ċroíḋe go h-iomlán, agus ót’ anam go h-iomlán, agus ót’ aigne go h-iomlán, agus ód’ neart go h-iomlán. Siní an ċéad aiṫne. 31 Agus is cosṁail léi an tarna h-aiṫne; Gráḋfair do ċóṁarsa mar ṫu féin. Ní’l aiṫne eile is mó ná iad san. 32 Agus duḃairt an Sgríḃneóir leis: Maiṫ, a Ṁáiġistir. Do laḃrais fírinne, aon gur b’eaḋ Dia, agus ná fuil ann aċ é. 33 Agus é ġráḋú ó ċroiḋe go h-iomlán, agus ó ṫuisgint go h-iomlán, agus ó anam go h-iomlán, agus ó neart go h-iomlán, agus an ċóṁarsa do ġráḋú mar ḋuine féin. Is mó san ’ná gaċ íḋbirt agus ’ná gaċ ofráil. 34 Agus nuair a ċonaic Íosa gur ḟreagair sé go ciallṁar, duḃairt sé leis: Ní’lir-se aḃfad ó ríġeaċt Dé. Agus mór leóṁaiġ aoinne é ċeisdiú as san amaċ. 35 Agus ḃi Íosa ag teagasg sa teampul agus duḃairt sé: Conus adeir na Sgríḃneóirí gur mac do Ḋáiḃid Críost? 36 Óir deir Dáiḃid féin, sa Spioraid Naoṁ, Duḃairt an Tiġearna lem’ Ṫiġearna, Suiḋ ar mo ḋeis go gcuiread do naṁaid mar ṫaca féd’ ċosaiḃ. 37 Mar sin, tugann Dáiḃid féin a Ṫiġearna air, agus conus atá sé ’n-a ṁac aige? Agus d’éist an pobul mór leis agus áṫas orṫa. 38 Agus duḃairt sé leó agus é ’ġa dteagasg: Seaċnaiḋ na Sgríḃneóirí. Is maiṫ leó siuḃal i n-éadaiġiḃ fada, agus go ndéanfaí úṁlú ḋóiḃ i n-áit an ṁargaiḋ; 39 Agus suiḋe ins na caṫaoireaċaiḃ uaċtair ins na sinagógaiḃ, agus ins na h-ineadaiḃ tusaiġ ċun búird; 40 Iṫid siad teaġlaċa na mbaintreaċ ar sgáṫ úrnuiġṫe fada: Ġeoḃaid siad san an ḃreiṫ is truime. 41 Agus do ṡuiḋ Íosa i n-aice áite an ċiste, agus ṫug sé fé ndeara conus a ċuireaḋ na daoine airgead isteaċ ann, agus do ċuir a lán daoine saiḋḃire mórán isteaċ ann. 42 Agus do ṫáinig baintreaċ ḋealḃ agus ċaiṫ sí isteaċ ḋá ċianóig, ’sé sin feóirling. 43 Agus ġlaoiḋ sé ċuige a ḋeisgiobuil agus duḃairt sé leó: Go deiṁin a deirim liḃ gur mó a ċuir an ḃaintreaċ ḃoċt ḋealḃ so isteaċ sa ċiste ’ná mar a ċuir aoinne eile d’ár ċuir rud ann; 44 Óir do ċuir an ċuid eile ann as a ḃflúirse, aċ do ċuir sí seo ann, d’á dealḃas, a raiḃ aici, a cuid an tsaoġal. |
historic text maintained by the Bible Society.
British & Foreign Bible Society