Marcus 11 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)CAIBIDIOL XI. Críost do ḋul isteaċ i gcaṫair Ierúsalem ar muin asail. An easgaine aige á ċur ar an gcrann fíge a ḃí seasg, agus na daoine a ḃí ag díol agus ag ceannaċ dá dtiomáint amaċ as an dteampul aige. 1 Agus nuair a ṫánadar i n-aice Ierúsalem agus Ḃetánia ag Cnoc na n-Ola-ċrann, ċuir sé ċun siuḃail beirt d’á ḋeisgiobulaiḃ, 2 Agus duḃairt sé leó: Téiġiḋ do’n ḃaile úd ṫall os ḃúr gcóṁair, agus nuair a raġaiḋ siḃ isteaċ ann ġeoḃaiḋ siḃ ann ceangailte, searraċ nár ṡuiḋ aon duine riaṁ fós air; sgaoiliḋ é, agus tugaiḋ ċúġam é. 3 Agus má deir aoinne liḃ, Cad é sin agaiḃ ’á ḋéanaṁ? abraiḋ: Teastuiġeann sé ó’n dTiġearna; agus leigfiḋ sé liḃ é, gan stad, anso. 4 Agus d’imṫiġeadar, agus fuaradar an searraċ ceangailte ag dorus, ar an dtaoḃ amuiġ, i gcóṁrac dá slíġe; agus do sgaoileadar é. 5 Agus duḃairt cuid d’a raiḃ ’n-a seasaṁ ann: Cad ab áil liḃ ag sgaoileaḋ an tsiorraiġ? 6 Agus duḃradar-san leó mar a ḋ’órduiġ Íosa ḋóiḃ; agus do leigeadar leó é. 7 Agus ṫugadar an searraċ ag triall ar Íosa, agus ċuireadar a mbrait anuas air, agus do ṡuiḋ sé air. 8 Agus do leaṫ a lán de sna daoine a mbrait ar an slíġ; agus ḃain tuille acu géaga de sna crannaiḃ agus do leaṫadar ar an slíġ iad. 9 Agus an ṁuintir a ḃí ar tusaċ agus ar deire ḃíodar ag liúiriġ, agus deiridís: Hósanna. 10 Is beannuiġṫe an t-é atá ag teaċt i n-ainim an Tiġearna. Is beannuiġṫe ag teaċt an ríġeaċt so ár n-aṫar Dáiḃid. Hósanna ins na flaṫais is aoirde. 11 Agus do ċuaiḋ Íosa isteaċ i n-Ierúsalem agus isteaċ sa teampul; agus d’ḟéaċ sé n-a ṫímpal ar gaċ níḋ, agus nuair a ḃí an tráṫnóna ann ċuaiḋ sé féin agus an dáréag amaċ go Betánia. 12 Agus an lá n-a ḋiaiḋ san, agus iad ag teaċt ó Ḃetánia, ḃí ocras air. 13 Agus ċonaic sé, aḃfad uaiḋ, crann fíge agus duilleaḃar air, agus ṫáinig sé ag féaċaint an ḃfaġaḋ sé aon níḋ air. Agus nuair a ṫáinig sé ní ḃfuair sé aon níḋ air aċ na bileóga, mar ní raiḃ aimsir na ḃfígí tagaiṫe. 14 Agus d’ḟreagair sé agus duḃairt sé leis an gcrann: As so amaċ go bráṫ airís nár iṫiḋ duine toraḋ uait-se. Agus d’airiġ a ḋeisglobuil é. 15 Agus ṫanadar go Ierúsalem. Agus nuair a ċuaiḋ sé isteaċ sa teampul do ċrom sé ar an muintir a ḃí ag díol agus ag ceannaċ ann do ċomáint amaċ as, agus ar na bórdaiḃ a leagaḋ ar luċt an airgid do ṡóinseáil, agus ar na caṫaoireaċa do leagaḋ ar luċt na gcolúr a ḋíol. 16 Agus ní laṁálfaḋ sé d’aoinne árṫaċ a ḃreiṫ leis tríd an dteampul. 17 Agus ḃí sé ag teagasg, agus duḃairt sé leó: Ná fuil sgríoḃṫa: Taḃarfar tiġ ċun úrnuiġṫe do sna geintiḃ go léir ar mo ṫiġ-se? Aċ tá cuinigéar biṫeaṁnaċ déanta agaiḃ-se ḋe. 18 Agus ḃí uaċtaráin na sagart agus na Sgríḃneóirí ag éisteaċt leis, agus ḃíodar ag maċtnaṁ féaċaint conus a ṫiocfaidís ar é ṁarḃú; óir ḃí eagla acu roimis, mar ḃí na daoine go léir ag déanaṁ iongna d’á ṫeagasg. 19 Agus nuair a ṫáinig an tráṫnóna d’imṫiġ sé amaċ as an gcaṫair. 20 Agus nuair a ḃíodar ag gaḃáil ṫar an áit ar maidin ċonacadar an crann fíge agus é feóċta go préaṁaċaiḃ. 21 Agus ċuíṁniġ Peadar, agus duḃairt sé leis: A Ṁáiġistir, an crann fíge gur ċuiris an ṁallaċt air, féaċ, tá sé feóċta. 22 Agus d’ḟreagair Íosa agus duḃairt sé leó: Bíoḋ creideaṁ Dé agaiḃ. 23 Go deiṁin a deirim liḃ, an t-é a déarfaiḋ leis an gcnoc so: Tógtar ṫu agus caiṫtear sa ḃfaraige ṫu, agus ná staonfaiḋ sé ’n-a ċroiḋe, aċ go gcreidfiḋ sé go ndéanfar an rud adeir sé, déanfar é ḋó. 24 Deirim liḃ d’á ḃríġ sin: An uile rud ar doṁan a ḃeiḋ agaiḃ ’á iarraiḋ i nḃúr n-úrnuiġṫe, creidiḋ go ḃfaġaiḋ siḃ é agus ġeoḃaiḋ siḃ é. 25 Agus nuair a stadfaiḋ siḃ ċun úrnuiġṫe ḋéanaṁ, má ḃíonn aon níḋ agaiḃ i gcoinniḃ aoinne, maiṫiḋ dó é; ionus go maiṫfeaḋ ḃúr n-Aṫair atá ins na flaṫais ḃúr bpeacaí ḋaoiḃ-se. 26 Agus mura maiṫfiḋ siḃ-se, ní lúġa ’ná mar a ṁaiṫfiḋ ḃúr n-Aṫair atá ins na flaṫais ḃúr bpeacaí ḋaoiḃ-se. 27 Agus ṫánadar airís go Ierúsalem. Agus nuair a ḃí sé ag siuḃal istiġ sa teampul ṫáinig ċuige uaċtaráin na sagart agus na Sgríḃneóirí agus na seanóirí, 28 Agus duḃradar leis: Cad é an t-úġdarás atá agat ċun na neiṫe seo do ḋéanaṁ? agus cé ṫug duit an t-úġdarás ċun iad a ḋéanaṁ? 29 Agus d’ḟreagair Íosa iad agus duḃairt: Cuirfead-sa, leis, aon ċeist aṁáin ċúġaiḃ-se, agus tugaiḋ freagra orm, agus ansan neósfad-sa ḋaoiḃ-se cad é an t-úġdarás atá agam ċun na neiṫe seo ḋéanaṁ. 30 An baisteaḋ a ḋein Eóin ar ḃ’ ó neaṁ é nó ó ḋaoine? Tugaiḋ freagra orm. 31 Aċ do ċromadar ar maċtnaṁ ’n-a n-aigne, agus duḃradar: Má deirimíd gur ḃ’ ó neaṁ é, déarfaiḋ sé, Cad ’n-a ṫaoḃ, má ’seaḋ, nár ċreideaḃair é? 32 Agus má deirimíd gur ḃ’ ó ḋaoine é, is baoġal dúinn an pobul; óir, dar leis na daoine, fáiḋ dáiríriḃ ab eaḋ Eóin. 33 Agus d’ḟreagradar agus duḃradar le h-Íosa: Ní ḟeadramair. Agus d’ḟreagair Íosa agus duḃairt leó: Ní lúġa ’ná mar a neósfad-sa ḋaoiḃ-se cad é an t-úġdarás atá agam ċun na neiṫe seo ḋéanaṁ. |
historic text maintained by the Bible Society.
British & Foreign Bible Society