Marcus 10 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)CAIBIDIOL X. Níḋ dosgaoilte an pósaḋ. Níḋ contaḃartaċ an saiḋḃreas. Árdṁian ċlainne Sebedé. Raḋarc á ṫaḃairt do ḋall. 1 Agus d’ḟág sé an áit sin, agus ṫáinig sé go críoċaiḃ Iúdaéa, lastall de’n Iórdan, agus ḃailiġ na daoine ċuige airís. Agus mar ba ġnáṫ leis, do ṫeagaisg sé airís iad. 2 Agus ṫáinig na Fairisíniġ agus ċuireadar an ċeist ċuige, ’ġá ṫriail: An dleaġṫaċ do duine a ḃean ṗósta do ċur uaiḋ? 3 Agus ’ġá ḃfreagraḋ duḃairt sé: Cad a ḋ’órduiġ Maois daoiḃ? 4 Agus duḃradar: Do ċeaduiġ Maois Litir imṫeaċta do sgrí ḋi agus i ċur ċun siuḃail. 5 Agus d’ḟreagair Íosa agus duḃairt leó: Mar ġeall ar ḋúire ḃúr gcroiḋe iseaḋ do sgríḃ sé an aiṫne sin daoíḃ-se. 6 I dtusaċ, áṁṫaċ, do ċruṫuiġ Dia iad firean agus bainean: 7 Mar ġeall air sin fágfaiḋ duine a aṫair agus a ṁáṫair, agus claoiḋfiḋ sé le n-a ṁnaoi, 8 Agus beid siad ’n-a mbeirt i n-aon ḟeóil: I gcás náċ ḋá ḟeóil iad feasda aċ aon ḟeóil aṁáin. 9 Dá ḃríġ sin, an níḋ a ċeangail Dia ná sgaoileaḋ duine é. 10 Agus ’n-a ḋiaiḋ san, sa tiġ, do ċeistiġ a ḋeisgiobuil é ar an níḋ gcéadna; 11 Agus duḃairt sé leó: Aon duine ċuirfiḋ uaiḋ a ḃean agus do ṗósfaiḋ bean eile, deineann sé aḋaltranas ’n-a coinniḃ. 12 Agus má ċuireann bean a fear uaiṫi agus fear eile do ṗósaḋ, deineann sí aḋaltranas. 13 Agus ḃíodar ag taḃairt na leanḃ ċuige ċun go gcuirfeaḋ sé a láṁ orṫa. Agus ḃí na deisgiobuil ag cosg na ndaoine a ḃí ’ġá dtaḃairt ċuige. 14 Agus ċonaic Íosa iad, agus ġlac sé díombáḋ, agus duḃairt sé leó: Leigiḋ ċúġam na leanḃaí, agus ná bíḋiḋ ġá gcosg, óir is d’á leiṫéidí sin flaṫas Dé. 15 Go deiṁin a deirim liḃ, an t-é ná glacfaiḋ ríġeaċt Dé ar nós leinḃ, ní raġaiḋ sé isteaċ ann. 16 Agus do ġlac sé ċuige in’ uċt iad, agus ċuir sé a láṁa orṫa, agus ḃeannuiġ sé iad. 17 Agus ċuaiḋ sé amaċ ar an mbóṫar, agus do riṫ duine ċuige agus ċaiṫ sé é féin ar a ġlúiniḃ ’n-a láṫair, agus d’ḟiafraiġ sé ḋe: A Ṁáiġistir ṁaiṫ, cad a ḋéanfad ionus go mbeaḋ an ḃeaṫa ṡíoruiḋe agam? 18 Agus duḃairt Íosa leis: Cad ċuige ḋuit maiṫ do ṫaḃairt orm? Ní maiṫ aoinne aċ Dia aṁáin. 19 Is eól duit na h-aiṫeanta: Ná dein drúis, Ná dein marḃú, Ná dein guid, Ná dein fiaḋnaise ḃréige, Ná dein feall, Taḃair onóir do t’aṫair agus do d’ṁáṫair. 20 Agus d’ḟreagair an duine agus duḃairt sé: A Ṁáiġistir, táid na neiṫe sin go léir coimeádta agam ó m’óige. 21 Ansan d’ḟéaċ Íosa air, agus ṫug sé gráḋ ḋó, agus duḃairt sé leis: Tá aon níḋ aṁain i n-easnaṁ ort: imṫiġ agus díol a ḃfuil agat agus taḃair dos na boċtaiḃ é, agus beiḋ saiḋḃreas ar neaṁ agat; agus tar agus lean mise. 22 Agus do ċuir an ċaint sin buairt ar an nduine, agus d’imṫiġ sé fé ḃrón; mar duine ab eaḋ é go raiḃ a lán saiḋḃris aige. 23 Agus d’ḟéaċ Íosa ’n-a ṫímpal agus duḃairt sé le n-a ḋeisgiobuil: Náċ deacair do luċt saiḋḃris dul isteaċ i ríġeaċt Dé! 24 Agus do ċuir a ċaint uaṫḃás ar na deisgiobuil. Aċ d’ḟreagair Íosa airís, agus duḃairt sé leó: A ċlann ó, náċ deacair do ḋaoine go ḃfuil a mainiġín a’ saiḋḃreas dul isteaċ i ríġeaċt Dé! 25 Is usa do ċamal dul tré ċró snáṫaide ’ná do ḋuine ṡaiḋḃir dul isteaċ i ríġeaċt Dé. 26 Agus is aṁlaiḋ a ṁéaduiġ an iongna orṫa, agus duḃradar eatarṫa féin: Má seaḋ cé ḟéadfaiḋ dul saor? 27 Agus d’ḟéaċ Íosa orṫa, agus duḃairt: Ní’l san ar ċumas daoine, aċ tá sé ar ċumas Dé; óir is féidir le Dia gaċ níḋ a ḋéanaṁ. 28 Agus do ċrom Peadar ar a ráḋ: Féaċ, d’ḟágamairne gaċ aon rud agus do leanamair tusa. 29 Agus d’ḟreagair Íosa agus duḃairt. Go deiṁin adeirim-se liḃ-se, níl aon duine a ḋ’ḟágfaiḋ a ṫiġ, ná a ḋriṫáraċa, ná a ḋriféaraċa, ná a aṫair ná a ṁáṫair, ná a ċlann, ná a ċuid tailiṁ, ar mo ṡon-sa agus ar son an tsoisgéil, 30 Ná faiġiḋ a ċéad oiread sa n-aimsir seo anois, tiġṫe, agus driṫáraċa agus driféaraċa, agus máiṫreaċa, agus clann, agus talaṁ, mar aon le cráḋ; agus an ḃeaṫa ṡíoruiḋe sa tsaoġal atá le teaċt. 31 Óir beiḋ mórán d’á ḃfuil ar tusaċ ar deire, agus d’á ḃfuil ar deire ar tusaċ. 32 Agus ḃíodar ar an slíġ ag dul suas go Ierúsalem; agus ḃí Íosa rómpa amaċ, agus ḃí iongna orṫa, agus ḃíodar ag teaċt ’n-a ḋiaiḋ agus eagal orṫa. Agus do tog sé an dáréag airís, agus ċrom sé ar a ḋ’innsínt dóiḃ cad a ḃí le tuitim amaċ dó: 33 Féaċ, támíd ag dul suas go Ierúsalem, agus taḃarfar Mac an Dúine suas d’uaċtaránaiḃ na sagart, agus do sna Sgríḃneóiriḃ, agus dos na seanóiriḃ, agus daorfaid siad ċun báis é, agus taḃarfaid siad suas do sna geintiḃ é; 34 Agus déanfaid siad magaḋ faoi, agus caiṫfid siad seilí air, agus sgiúrsálfaid siad é, agus marḃóċaid siad é; agus eireóċaiḋ sé airís an tríṁaḋ lá. 35 Agus ṫáinig ċuige Séamus agus Eóin, clann Sebedé, agus duḃradar: A Ṁáiġistir, is mian linn go ndéanfá ḋúinn pé níḋ a ḋ’iarrfimíd ort. 36 Agus duḃairt seisean leó: Cad ba ṁaiṫ liḃ a ḋéanfainn daoiḃ? 37 Agus duḃradar-san: Taḃair dúinn go suiḋfeaḋ duine againn ar do láiṁ ḋeis, agus an duine eile ar do láiṁ ċlé, ad’ ġlóire. 38 Duḃairt Íosa leó, áṁṫaċ: Ní h-eól daoiḃ cad tá agaiḃ ’á iarraiḋ. An féidir liḃ an ċailís a ḋ’ól atá agam-sa ’á ḋ’ól, nó siḃ a ḃaisteaḋ sa ḃaisteaḋ seo i n-a ḃfuilim-se am’ ḃaisteaḋ? 39 Agus duḃradar: Is féidir. Agus duḃairt Íosa leó: Is fíor go n-ólfaiḋ siḃ an ċailís atá agam-sa d’á ól, agus go mbaistfar siḃ sa ḃaisteaḋ ’n-a mbaistear mise: 40 Aċ suiḋe ar mo ḋeis nó ar mo ċlí, ní h-agam atá san a ṫaḃairt daoiḃ, aċ do’n ṁuintir go ḃfuil sé ceapaiṫe ḋóiḃ. 41 Agus nuair airiġ an deiċniúḃar é ṫosnuiġ fearg ar ṫeaċt orṫa ċun Séamuis agus ċun Eóin. 42 Aċ do ġlaoiḋ Íosa ċuige iad agus duḃairt sé leó: Ċíonn siḃ, an ṁuintir a saṁluiġtear a ḃeiṫ os cionn na ngeinte, go mbíonn smaċt acu orṫa, agus tá cóṁaċt agá bpriúnsaíḃ os a gcionn. 43 Ní mar sin, áṁṫaċ, daoiḃ-se, aċ an t-é gur mian leis ḃeiṫ os ḃur gcionn. beiḋ sé ’n-a ṡeirḃíseaċ agaiḃ; 44 Agus an t-é gur mian leis ḃeiṫ ar tusaċ eadraiḃ, beiḋ sé ag frioṫálaṁ ar gaċ aoinne. 45 Óir níor ṫáinig Mac an Duine ionus go ndéanfaí frioṫálaṁ air, aċ ionus go ndéanfaḋ sé frioṫálaṁ, agus ċun go dtaḃarfaḋ sé a anam féin mar ċeannaċ ar a lán daoine. 46 Agus ṫánadar go Ieriċó. Agus nuair a ḃí sé féin agus a ḋeisgiobuil ag dul amaċ a’ Ieriċó agus mórán daoine i n-aonḟeaċt leó, ḃí an dall, Bar-Timéus, mac Timéi, ’n-a ṡuiḋe i n-aice an ḃóṫair agus é a d’iarraiḋ déarca. 47 Agus nuair airiġ sé gur ḃ’é Íosa Nasareit a ḃí ann, ċrom sé ar ġlaoḋaċ agus ar a ráḋ: A Íosa, a Ṁic Dáiḃid, dein trócaire orm. 48 Agus ḃí a lán daoine ag bagairt air éisteaċt. Aċ b’ṡin mar ba ṁó a ġlaoiḋ seisean: A Ṁic Dáiḃid, dein trócaire orm. 49 Agus do stad Íosa, agus duḃairt sé glaoḋaċ ar an nduine. Agus ġlaoḋadar ar an ndall agus duḃradar leis: Glac misneaċ; eiriġ; Tá sé ag glaoḋaċ ort. 50 Agus ċaiṫ sé ḋe a ḃrat agus do ṗreab sé ’n-a ṡuiḋe, agus ṫáinig sé ag triall ar Íosa; 51 Agus d’ḟreagair Íosa, agus duḃairt sé: Cad ba ṁaiṫ leat a ḋéanfainn duit? Agus duḃairt an dall: Raḋarc a ṫaḃairt dom, a Ṫiġearna. 52 Agus duḃairt Íosa leis: Imṫiġ leat, do ṡlánuiġ do ċreideaṁ ṫu. Agus ḃí raḋarc aige láiṫreaċ, agus do lean sé é sa tslíġ. |
historic text maintained by the Bible Society.
British & Foreign Bible Society