Maitiú 9 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)CAIBIDIOL IX. Duine gan lúṫ a ġéag dá leiġeas ag Críost. Maitiú d’á ġlaoḋaċ ċuige. An galar fola dá leiġeas. Inġean Iaíruis á tógaint ón mbás aige. Raḋarc á ṫaḃairt aige do ḃeirt dall. Agus duine balḃ, go raiḃ deaṁan ann, d’á leiġeas aige. 1 Agus ċuaiḋ sé ar bórd na luinge bige, agus ṫáinig sé ṫar uisge isteaċ ’n-a ċaṫair féin. 2 Agus féaċ, do ṫugadar ag triall air, sínte ar ṫoċt, fear a ḃí gan lúṫ. Agus nuair a ċonaic Íosa an creideaṁ a ḃí acu duḃairt sé leis an ḃfear gan lúṫ: Glac misneaċ, a ṁic, táid do ṗeacaí maiṫte ḋuit. 3 Agus féaċ, duḃairt cuid des na sgríḃneóiríḃ, ’n-a n-aigne féin: Tá diaṁaslaḋ ag an ḃfear so d’á ḋéanaṁ. 4 Agus ó ċonaic Íosa na smuínte a ḃí acu, duḃairt sé: Cad ċuige ḋaoiḃ na droċ-smuínte ḃeiṫ i nḃúr gcroiḋṫiḃ agaiḃ? 5 Cé ’cu is usa a ráḋ, Tá do ṗeacaí maiṫte ḋuit; nó a ráḋ, Eiriġ agus siúḃluiġ? 6 Aċ ionus go mbeaḋ ḟios agaiḃ go ḃfuil ag Mac an Duine cóṁaċt ar an dtalaṁ so ċun peacaí a ṁaiṫeaṁ (duḃairt sé leis an ḃfear a ḃí gan lúṫ) Eiriġ-se, agus tóg suas do leabaiḋ, agus imṫiġ ċun do ṫiġe féin. 7 Agus d’eiriġ sé, agus d’imṫiġ sé ċun a ṫiġe féin. 8 Agus ṫáinig eagla ar an sluaġ nuair a ċonacadar an níḋ sin, agus do ṁoladar Dia a ṫug a leiṫéid sin de ċóṁaċt do ḋaoiniḃ. 9 Agus nuair a ḋ’imṫiġ Íosa ó’n áit sin ċonaic sé duine dár ḃ’ainim Maitiú ’n-a ṡuiḋe i n-áit an ċusduim, agus duḃairt sé leis: Lean mise. Agus d’eiriġ sé agus do lean sé é. 10 Agus do ṫárla, agus é ag suiḋe ċun bíḋ sa tiġ, go dtáinig a lán puibliocánaċ agus a lán peacaċ agus gur ṡuiḋeadar i ḃfoċair Íosa agus a ḋeisgiobul. 11 Nuair a ċonaic na Fairisíniġ an níḋ sin duḃradar le na ḋeisgiobuil: Cad ċuige go n-iṫeann ḃúr máiġistir bia i ḃfoċair na bpuibliocánaċ agus na bpeacaċ? 12 Aċ d’airiġ Íosa an focal, agus duḃairt sé: Ní h-ag daoine slána atá gáḋ le liaiġ aċ ag daoine breóite. 13 Imṫiġiḋ agus foġlumuiġiḋ a ḃríġ siúd: Trócaire is toil liom, agus ní h-íḋbirt. Óir ní ċun na ḃfíoraon do ġlaoḋaċ a ṫánag, aċ ċun na bpeacaċ do ġlaoḋaċ. 14 Ansan do ṫáinig deisgiobuil le h-Eóin ag triall air, agus duḃradar: Cad ċuige go ndeinimíd-ne agus na Fairisíniġ trosgaḋ go minic agus ná deinid do ḋeisgiobuil-se trosgaḋ? 15 Agus duḃairt Íosa leó: An féidir do ċlainn an Ċéile ḃeiṫ duairc an ḟaid atá an Céile ’n-a ḃfoċair? Aċ tiocfaiḋ an t-am i n-a dtógfar uaṫa an Céile, agus ansan déanfaid siad trosgaḋ. 16 Ní ċuireann aoinne preabán d’éadaċ nua ar ṡeana-ḃalcais éadaiġ; óir baineann sé a lán féin as an mbalcais éadaiġ, agus bíonn an stracaḋ níosa ṁeasa. 17 Ná ní curtar fíon nua i sean’-árṫaíḃ leaṫair; nó má deintear bristear na h-árṫaí agus doirtear an fíon, agus imṫiġid na h-árṫaí gan tairḃe. Aċ curtar an fíon nua i n-árṫaíḃ nua agus coimeádtar iad araon. 18 An ḟaid a ḃí sé ag ráḋ na cainte sin leó, féaċ ṫáinig priúnsa áiriġṫe ċuige, agus do ṡléaċt sé ḋó, agus duḃairt sé: A Ṫiġearna, do fuair m’inġean bás anois; aċ tar agus cuir do láṁ uirṫi, agus beiḋ sí beó. 19 Agus d’eiriġ Íosa agus do lean sé é, mar aon le n-a ḋeisgiobulaiḃ. 20 Agus féaċ, ṫáinig lastiar dé bean a ḃí ag taḃairt a cod’ fola ar feaḋ ḋá ḃliain déag, agus ċuir sí a lám ar ḟaḃra a ḃrait. 21 Mar, duḃairt sí ’n-a h-aigne féin, Mura ndeinead aċ baint le n-a ḃrat beiḋ mé slán. 22 D’iompuiġ Íosa, áṁṫaċ, agus ċonaic sé í, agus duḃairt sé: Glac misneaċ, a ’ġnín ó; do ṡlánuiġ do ċreideaṁ ṫu. Agus ḃí an ḃean leiġiste ó’n uair sin amaċ. 23 Agus nuair a ṫáinig Íosa ċun tiġe an ṗriúnsa, agus nuair a ċonaic sé na ceóltóirí agus an tsluaġ ag déanaṁ foṫraim, 24 Duḃairt sé leó: Druidiḋ siar; ní marḃ atá an cailín, aċ ’n-a codlaḋ. Agus ḃíodar ag fonaṁaid uime. 25 Agus nuair a cuireaḋ na daoine amaċ, do ċuaiḋ sé isteaċ, agus do rug sé ar láiṁ uirṫi. Agus d’eiriġ an cailín. 26 Agus do leaṫ an sgéal san ar fuid na tíre sin go léir. 27 Agus nuair a ḃí Íosa ag imṫeaċt as an áit sin do lean beirt dall é agus iad ag liúiriġ, agus deiridís, Dein trócaire orainne a Ṁic Dáiḃid. 28 Agus nuair a ṫáinig sé ċun an tiġe ṫáinig na daill ċuige. Agus duḃairt Íosa leó: An gcreideann siḃ gur féidir dom an níḋ seo a ḋéanaṁ daoiḃ? Duḃradar leis: Creidimíd, a Ṫiġearna. 29 Ansan do ċuir sé a láṁ ar a súiliḃ, agus duḃairt sé: Deintear liḃ do réir ḃúr gcreidiṁ. 30 Agus do h-osgalaḋ a súile, agus ṫug Íosa foláraṁ dóiḃ: Tugaiḋ aire, ar seisean, ná beiḋ a ḟios san ag aoinne. 31 Aċ nuair a ċuadar-san amaċ, do leaṫadar a ċlú ar fuid na tíre sin go léir. 32 Agus tar éis dul amaċ dóiḃ, do tugaḋ ċuige duine a ḃí balḃ, agus ḃí deaṁan ann. 33 Agus nuair a cuireaḋ amaċ an deaṁan do laḃair an duine balḃ; agus ḃí iongna ar na daoine, agus deiridís: Ní feacaṫas a leiṫéid sin riaṁ i n-Israél. 34 Aċ deireaḋ na Fairisíniġ: Is le cóṁaċt rí na ndeaṁan a ċuireann sé amaċ na deaṁain. 35 Agus do ġluais Íosa mór-ṫímpal, ins na caṫraċaiḃ agus ins na bailtiḃ, ag teagasg ins na sinagógaiḃ, agus ag craoḃsgaoileaḋ soisgéil na ríġeaċta, agus ag leiġeas gaċ galair agus gaċ breóiteaċta. 36 Agus ċonaic sé na sluaiġte daoine agus ṫáinig truaġ aige ḋóiḃ, mar go raḃadar go mí-áḋḃaraċ, caiṫte mar ḃeaḋ caoire gan aoḋaire. 37 Ansan duḃairt sé le n-a ḋeisgiobulaiḃ: Tá an fóġṁar mór aċ tá an luċt oibre suaraċ. 38 Iarraiḋ, d’á ḃríġ sin, ar an dTiġearna gur leis an fóġṁar, luċt oibre do ċur ag baint an ḟóġṁair dó. |
historic text maintained by the Bible Society.
British & Foreign Bible Society