Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Maitiú 8 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)


CAIBIDIOL VIII. An loḃar d’á ġlanaḋ ag Críost; seirḃíseaċ an taoisiġ céad, ⁊ máṫair céile Ṗeadair, ⁊ a lán eile aige ’á leiġeas. An stoirm ar an ḃfaraige á ċiúnú aige. Na deaṁain dá gcur amaċ as an mbeirt a ḃí sealḃuiġṫe acu, ⁊ cead uaiḋ dos na deaṁnaiḃ dul isteaċ ins na mucaiḃ.

1 Ansan nuair a ṫáinig sé anuas ó’n gcnoc do lean sluaiġte móra é.

2 Agus féaċ, ṫáinig loḃar, agus do ṡléaċt sé ḋó agus duḃairt sé: A Ṫiġearna, tá ar do ċumas mé ġlanaḋ má’s áil leat.

3 Agus do ṡín Íosa a láṁ agus ċuir sé air í, agus duḃairt sé; Is áil liom é: glantar ṫú. Agus do glanaḋ láiṫreaċ é ó n-a loḃra.

4 Agus duḃairt Íosa leis: Féaċ, ná h-innis d’aoinne é; aċ imṫiġ agus taisbeáin tu féin do’n tsagart, agus taḃair an ofráil a ḋ’órduiġ Maoís, mar fiaḋnaise ḋóiḃ-sin.

5 Ansan nuair a ḃí sé tar éis dul isteaċ i gCaṗarnaum ṫáinig ċuige taoiseaċ céad, ’ġá ġuiḋe,

6 Agus duḃairt sé: A Ṫiġearna, tá mo ḃuaċaill sa ḃaile ’n-a luiġe gan lúṫ a ġéag, agus tá pianta móra air.

7 Agus duḃairt Íosa leis: Tiocfad-sa agus leiġisfead é.

8 Agus duḃairt an taoiseaċ céad: A Ṫiġearna, ní fiú mise go dtiocfá fé m’ ḋíon; aċ abair an focal aṁáin agus beiḋ mo ḃuaċaill slán.

9 Mar is duine mise atá fé smaċt, agus tá saiġdiúirí fúm; agus deirim leis an ḃfear so, Imṫiġ, agus imṫiġeann sé; agus le fear eile, Tar, agus tagann sé, agus le m’ ṡeirḃíseaċ, Dein so; agus deineann sé é.

10 Agus nuair airiġ Íosa san do ḋein sé iongna ḋé; agus dúḃairt se leis an muíntir a ḃí ’ġá leanṁaint: Go deiṁin adeirim liḃ, ní ḃfuaras a leiṫéid sin de ċreideaṁ i n-Israél.

11 Agus deirim liḃ go dtiocfaiḋ a lán daoine ó’n ndoṁan toir agus ó’n ndoṁan tiar, agus go luiġfid siad i ḃfoċair Ábrahaim agus Isaaic agus Iácóib,

12 Agus caiṫfar clann na ríġeaċta amaċ sa dorċadas atá amuiġ, mar a mbeiḋ gol agus díosgán fiacal.

13 Agus duḃairt Íosa leis an dtaoiseaċ céad: Imṫiġ ort, agus fé mar a ċreidis deintear duit. Agus ṫáinig a ṡláinte do’n ḃuaċaill an uair sin.

14 Agus nuair a ṫáinig Íosa isteaċ i dtiġ Ṗeadair ċonaic sé máṫair a ċéile ’n-a luiġe agus éagcruas uirṫi;

15 Agus do rug sé ar láiṁ uirṫi, agus d’imṫiġ an t-éagcruas di, agus d’eiriġ sí, agus ḋein sí frioṫálaṁ orṫa.

16 Ansan, nuair a ṫáinig an tráṫnóna, ṫugadar ag triall air a lán daoine go raiḃ deaṁain ionta; agus ḃí sé ag díbirt na ndeaṁan le n-a ḟocal, agus ag leiġeas na ndaoine a ḃí as a sláinte;

17 Ionus go ḃfíor-faí an ċaint a duḃairt Isáias Fáiḋ, mar a nduḃairt sé: Do ġlac sé ċuige féin ár n-easláintí agus d’ḟuiling sé ár ngalara.

18 Agus nuair a ċonaic Íosa na sluaiġte móra ’n-a ṫímpal, d’órduiġ sé dul ṫar uisge.

19 Agus ṫáinig fear sgríḃinne ċuige agus duḃairt sé leis: A Ṁáiġistir, leanfad ṫú pé áit ’n-a ngeóḃair.

20 Agus deir Íosa leis: Táid pluaiseana ag na sionaċaiḃ agus neadaċa ag éanlaiṫiḃ an aéir, agus ní’l ag Mac an Duine áit ar a leigfeaḋ sé a ċeann.

21 Duḃairt deisgiobul eile leis, A Ṫiġearna, leig dom dul ar dtúis agus m’aṫair d’aḋlacaḋ.

22 Duḃairt Íosa leis, áṁṫaċ: Lean mise, agus leig dos na mairḃ a mairḃ d’aḋlacaḋ.

23 Agus nuair a ċuaiḋ sé ar bórd na luinge bige, do lean a ḋeisgiobuil é.

24 Agus féaċ, d’eiriġ suaṫaḋ mór sa ḃfaraige, i dtreó go raiḃ an long d’á múċaḋ leis na tonnaiḃ. Aċ ḃí seisean ’n-a ċodla.

25 Agus ṫáinig a ḋeisgiobuil ċuige agus ḋúisiġeadar é. A Ṫiġearna, ar siad, saor sinn; tá an bás againn.

26 Agus duḃairt Íosa leó: Cad is eagal daoiḃ, a ḋaoine gan puinn creidiṁ? Ansan d’eiriġ sé agus duḃairt sé leis an ngaoiṫ agus leis an ḃfaraige fanṁaint socair, agus ṫáinig ciúnas mór.

27 De sin do ġlac iongnaḋ na daoine agus duḃradar: Cad é mar duine é seo go ḃfuil gaoṫ agus faraige úṁal dó?

28 Agus nuair a ċuadar treasna an uisge, isteaċ i dtír na nGerasénaċ, do ḃuail uime beirt go raiḃ deaṁain ionta, agus iad ag teaċt amaċ as na h-uaġnaiḃ agus iad ana-ṁillteaċ, i dtreó nár ḃ’ḟéidir d’aoinne gaḃáil an tslíġ sin acu.

29 Agus féaċ, do liúġadar agus duḃradar: Cad é sin dúinne ṫusa, a Íosa, a Ṁic Dé? Ar ṫáinís anso roim an aimsir ċun pionóis a ċur orainn?

30 Ḃí tréad mór muc ar fosaiḋeaċt i ngar dóiḃ.

31 Agus d’iarr na deaṁain aċainiġe air: Má ċuireann tú as so sinn, ar siad, cuir ins na mucaiḃ sinn.

32 Agus duḃairt sé leó: Imṫiġiḋ. Agus d’imṫiġeadar isteaċ ins na mucaiḃ, agus féaċ, do riṫ an tréad muc ar buile le fánaiḋ isteaċ sa ḃfaraige, agus do báṫaḋ iad.

33 Agus do riṫ na h-aoḋairí; agus ṫánadar isteaċ sa ċaṫair, agus d’innseadar gaċ níḋ, agus i dtaoḃ na beirte go raiḃ na deaṁain ionta.

34 Agus féaċ, do ġluais muintir na caṫaraċ go léir amaċ i gcoinniḃ Íosa; agus nuair a ċonacadar é d’iarradar air imṫeaċt as a dtír.

historic text maintained by the Bible Society.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan