Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Maitiú 7 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)


CAIBIDIOL VII. An tríṁaḋ cuid de’n tseanmóin ar an gcnoc.

1 Ná beiriḋ breiṫ, ionus na béarfaí breiṫ oraiḃ.

2 Mar is do réir na breiṫe a ṫaḃarfaiḋ siḃ a taḃarfar breiṫ oraiḃ; agus an tóṁas le n-a dtóṁaisfiḋ síḃ, is leis a tóṁasfar ċúġaiḃ.

3 Cad ċuige ḋuit an dúradán d’ḟeisgint i súil do ḃráṫar, agus ná feiceann tu an tsail atá ad’ ṡúil féin?

4 Nó cad ċuige ḋuit a ráḋ led’ ḃráṫair: Leig dom an dúradán a ḃaint as do ṡúil; agus sin sail ad’ ṡúil féin?

5 A ċluanaire, bain an tsail as do ṡúil féin ar dtúis, agus ansan ċífir conus an dúradán a ḃaint a’ súil do ḃráṫar.

6 Ná tugaiḋ an níḋ naoṁṫa dos na madraíḃ; agus na caiṫiḋ ḃúr bpéarlaí ċun na muc, le h-eagla go ngeóḃaidís do ċosaiḃ ionta, agus ansan go n-iompóċaidís oraiḃ agus go stracfaidís siḃ.

7 Iarraiḋ, agus taḃarfar daoiḃ; loirgiḋ, agus ġeóḃaiḋ siḃ; buailiḋ, agus osgalófar daoiḃ.

8 Óir gaċ aoinne a iarrann tugtar dó; agus gaċ aoinne a loirgeann ġeiḃeann sé, agus gaċ aoinne a ḃuaileann osgal-tar dó.

9 Nó cé h-é an duine agaiḃ-se go n-iarrfaiḋ a ṁac arán air agus gur cloċ a ṫaḃarfaiḋ sé ḋó?

10 Nó má iarrann sé iasg air a’ dtaḃarfaiḋ sé aṫair niṁe ḋó?

11 Má’s eól, d’á ḃríġ sin, daoiḃ-se atá go h-olc, conus neiṫe fóġanta ṫaḃairt d’ḃúr gclainn, náċ dóiċíġe gó mór go dtaḃarfaiḋ ḃúr n-Aṫair atá ins na flaṫais neiṫe fóġanta ḋaoiḃ-se aċ iad d’iarraiḋ air?

12 Gaċ níḋ, d’á ḃríġ sin, ba ṁaiṫ liḃ a ḋéanfaḋ daoine ḋaoiḃ-se deiniḋ-se ḋóiḃ-sin. Siné agaiḃ an dlíġ agus na fáiḋe.

13 Téiġiḋ isteaċ an dorus cuṁang, óir is fairsing an dorus agus is leaṫan an bóṫar a ṡeólann ċun díṫe, agus tá a lán a leanann é.

14 Is ana-ċuṁang an dorus agus is ana-ċaol an bóṫar a ṡeólann ċun na beaṫa, agus ní mór a ġeiḃeann eólus air.

15 Seaċanaiḋ na fáiḋe fallsa, a ṫagann ċúġaiḃ i gclúid na gcaoraċ agus gur faolċoin ċraosaċa laistiġ iad.

16 Ó n-a dtorṫaíḃ iseaḋ ḋ’aiṫneóċaiḋ siḃ iad. An mbaintear caora fíneaṁna de ḋriseaċ nó fígí d’ ḟeóċadánaiḃ?

17 Mar sin tugann gaċ crann fóġanta toraḋ fóġanta uaiḋ, agus tugann an droċ-ċrann droċ-ṫoraḋ uaiḋ.

18 Ní féidir do’n ċrann ḟóġanta droċ-ṫoraḋ ṫaḃairt ná do’n droċ-ċrann toraḋ fóġanta ṫaḃairt.

19 Gaċ crann ná tugann toraḋ fóġanta, gearrfar é agus curfar sa teine é.

20 D’á ḃríġ sin, as a dtorṫaíḃ iseaḋ ḋ’ aiṫneóċaiḋ siḃ iad.

21 Ní h-é gaċ aoinne adeir liom-sa, A Ṫiġearna, a Ṫiġearna, do raġaiḋ isteaċ i ríġeaċt na ḃflaṫas; aċ an t-é a ḋéanfaiḋ toil m’Aṫar atá ins na flaṫais, siné a raġaiḋ isteaċ i ríġeaċt na ḃflaṫas.

22 Déarfaid a lán daoine liom-sa an lá san; A Ṫiġearna, a Ṫiġearna, náċ ad’ ainim-se a ḋeineamair targaireaċt, agus náċ ad’ ainim-se a ḋeineamair na deaṁain do ċur amaċ, agus náċ ad’ ainim-se ḋeineamair mórán mírḃuiltí?

23 Agus ansan adṁóċaiḋ mé ḋóiḃ: Níor ċuireas-sa aiṫne riaṁ oraiḃ; Imṫiġiḋ uaim, a luċt an uilc a ḋéanaṁ.

24 Gaċ duine, d’á ḃríġ sin, a ċloiseann an ċaint seo adeirim-se agus do ḋeineann beart d’á réir, saṁlófar é le duine ciallṁar a ḋein a ṫiġ ar an gcaraig.

25 Agus do ṫuit an ḟearṫainn, agus do ṫáinig na h-aiḃní, agus d’eiriġ an ġaoṫ, agus do ġluaiseadar i gcoinniḃ an tiġe sin; agus níor ṫuit sé; mar ḃí sé ’n-a ṡeasaṁ ar an gcaraig.

26 Agus gaċ duine a ċloiseann na focail seo uaim-se agus ná deineann beart d’á réir, beiḋ sé ar nós an amadáin a ḋein a ṫiġ ar an ngainiṁ;

27 Agus do ṫuit an ḟearṫainn, agus do ṫáinig na h-aiḃní, agus d’eiriġ an ġaoṫ, agus ġluaiseadar i gcoinniḃ an tiġe sin, agus do ṫuit sé; agus ba ṫiubaisteaċ é a ṫuitim.

28 Agus do ṫárla nuair a ḃí an ċaint sin críoċnuiġṫe ag Íosa go raiḃ na daoine ag déanaṁ iongna d’á ṫeagasg.

29 Óir do ḋein sé an teagasg mar a ḋéanfaḋ duine go raiḃ cóṁaċt aige, murar ḃ’ionan agus na Sgríḃneóirí agus na Fairisíniġ.

historic text maintained by the Bible Society.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan