Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Maitiú 6 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)


CAIBIDIOL VI. An tseanmóin ar an gcnuc ar leanṁaint.

1 Seaċnaiḋ agus ná deiniḋ ḃúr ḃfíoraontaċt-sa os cóṁair daoine, i dtreó go ḃfeicfí siḃ, nó ní ḃeiḋ tuarasdal le fáġail agaiḃ i láṫair ḃúr n-Aṫar atá ins na flaṫais.

2 D’á ḃríġ sin, nuair a ḃeiḋ déirc agat ’á ḋéanaṁ ná bíoḋ aḋarc d’á séideaḋ róṁat amaċ agat, mar a ḃíonn ag na feallairíḃ ins na sinagógaiḃ agus ar na sráidiḃ, i dtreó go dtaḃarfaḋ na daoine onóir dóiḃ. Go deiṁin adeirim liḃ, tá a dtuarasdal fáġalta acu.

3 Nuair a ḋéanfair-se déirc, áṁṫaċ, ná bíoḋ a ḟios agat’ láiṁ ċlé cad a ḋeineann do láṁ ḋeas.

4 Ionus go mbeaḋ do ḋéirc fé ċeilt, agus go dtaḃarfaḋ t’Aṫair, a ċíonn fé ċeilt, do ṫuarasdal duit.

5 Agus nuair a ḋéanfaiḋ siḃ úrnuiġṫe, ná bíḋiḋ mar na feallairí gur maiṫ leó úrnuiġṫe ḋéanaṁ ’n-a seasaṁ ins na sinagógaiḃ agus ag cúinníḃ na sráideana, i dtreó go ḃfeiceaḋ daoine iad. Go deiṁin adeirim liḃ, tá a dtuarasdal fáġalta acu.

6 Aċ nuair a ḋéanfair-se úrnuiġṫe, eiriġ isteaċ ad’ ṡeómra agus dún an dorus, agus cuir do ġuiḋe ċun t’Aṫar fé ċeilt, agus taḃarfaiḋ t’Aṫair, a ċíonn fé ċeilt, do ṫuarasdal duit.

7 I nḃúr nguiḋe, áṁṫaċ, ná deiniḋ mórán cainte, mar a ḋeinid na págánaiġ; óir is dóiġ leó gur as méid a gcainte do h-éistfar leó.

8 D’á ḃríġ sin ná bíḋiḋ-se mar iad; óir is eól d’ḃur n-Aṫair an níḋ is gáḋ ḋaoiḃ sar a ndeineann siḃ guiḋe ċuige.

9 Seo, d’á ḃríġ sin, mar a ḋéanfaiḋ siḃ guiḋe:

10 Ár n-Aṫair atá ar neaṁ, go naoṁṫar t’ainim. Go dtagaiḋ do ríġeaċt. Go ndeintear do ṫoil ar an dtalaṁ mar a deintear ar neaṁ.

11 Ár n-arán róṡubstainteaṁail taḃair dúinn indiu.

12 Agus maiṫ ḋúinn ár gcionta, mar ṁaiṫimíd-ne do ċáċ a ċiontuiġeann i n-ár n-aġaiḋ.

13 Agus ná leig sinn i gcaṫaíḃ; aċ saor sinn ó olc. Amen.

14 Óir má ṁaiṫeann siḃ do ḋaoine a gcionta, maiṫfiḋ ḃúr n-Aṫair neaṁḋa ḋaoiḃ-se ḃúr bpeacaí.

15 Aċ mura maiṫfiḋ siḃ-se a bpeacaí do ḋaoine, ní ṁaiṫfiḋ ḃúr n-Aṫair daoiḃ-se ḃúr bpeacaí.

16 Agus nuair a ḃeiḋ siḃ ag déanaṁ trosgaiḋ ná bíḋiḋ gruamḋa ar nós na ḃfeallairí; óir doirċiġid siad a gceannaċa, i dtreó go saṁlóċaḋ na daoine iad a ḃeiṫ ag déanaṁ trosgaiḋ. Go deiṁin adeirim liḃ, tá a dtuarasdal fáġalta acu.

17 Aċ tusa, nuair a ḋéanfair trosgaḋ, cuir oíle ar do ċeann agus niġ t’aġaiḋ,

18 I dtreó ná feicfid daoine ṫú ḃeiṫ ag déanaṁ trosgaiḋ, aċ go ḃfeicfiḋ t’Aṫair ṫu, atá fé ċeilt; agus taḃarfaiḋ t’Aṫair, a ċíonn fé ċeilt, do ṫuarasdal duit.

19 Ná cúṁdaiġiḋ stór daoiḃ fein ar an dtalaṁ so, mar a ndeinid na leóṁain agus an ṁeirg é ḋ’ídiú, agus mar a ndeinid na biṫeaṁnaiġ é ṫóċ agus é ġuid.

20 Aċ deiniḋ stór do ċúṁdaċ daoiḃ féin ar neaṁ, an áit ná deinid na leóṁain é ḋ’ídiú agus ná deinid biṫeaṁnaiġ é ṫóċ ná é ḋ’ḟuadaċ.

21 Óir, an áit ’n-a ḃfuil do stór is ann atá do ċroiḋe leis.

22 Isí do ṡúil solus do ċuirp. Má ḃíonn do ṡúil glan beiḋ do ċorp go léir go solusṁar.

23 Aċ má ḃíonn do ṡúil go h-olc beiḋ do ċorp go léir gan solus. Agus má’s ionan agus doirċeaċt an solus atá ionat, cad é méid na doirċeaċta féin?

24 Ní féidir d’aoinne rud a ḋéanaṁ ar ḋá ṁáiġistir: óir beiḋ fuaṫ aige do ṁáiġistir acu agus gráḋ do’n ṁáiġistir eile; nó cuirfiḋ sé suas le duine acu agus beiḋ droċ-ṁeas aige ar an nduine eile. Ní féidir daoiḃ Dia agus Mammon d’ḟriṫálaṁ.

25 D’á ḃríġ sin deirim liḃ, ná bíoḋ buairt oraiḃ i dtaoḃ ḃúr mbeaṫa, féaċaint cad d’íosfaiḋ siḃ; ná i dtaoḃ ḃúr gcuirp, féaċaint cad a ċuirfiḋ siḃ umaiḃ. Náċ mó le ráḋ an t-anam ’ná an biaḋ, agus an corp ’ná an t-éadaċ?

26 Féaċaiḋ éanlaiṫe an aeir; ní ċuirid siad síol ná ní ḃainid siad fóġṁar, ná ní ḋeinid siad cnuasaċ i sgioból; Agus deineann ḃúr n-Aṫair neaṁḋa iad do ċoṫú. Náċ mó go mór le ráḋ siḃ-se ’ná iad san?

27 Cé’cu agaib-se, ag maċtnaṁ dó air, d’ḟéadfaḋ aon ḃanláṁa aṁáin do ċur le n-a aoirde?

28 Agus cad ċuige go mbíonn buaireaṁ i dtaoḃ éadaiġ oraiḃ? Breiṫniġiḋ bláṫana an ḃáin, conus mar ḟásaid siad; ní ḋeinid siad saoṫar ná sníoṁ.

29 Deirim liḃ, áṁṫaċ, ná raiḃ Salomón féin i n-a ġradam go léir clúdaiṫe mar ċeann acu san.

30 Má ċuireann Dia maise de’n tsórd san ar ḟéar an tailiṁ, atá ann indiu, agus a caiṫfar sa teine amáireaċ, náċ mó go mór a ḋéanfaiḋ sé ḋaoiḃ-se, a luċt an ċreidiṁ ṡuaraiġ?

31 Ná bíḋiḋ ag déanaṁ buarṫa, d’á ḃríġ sin, ’ġá ráḋ, Cad d’íosfaimíd? ná, Cad d’ól-faimíd? ná, Cad a ċlúdóċaiḋ sinn?

32 Óir, siniad na neiṫe go mbíd na geinte ’ġá lorg. Óir tá ’ḟios ag ḃúr n-Aṫair go ḃfuil gáḋ agaiḃ leis na neiṫiḃ sin go léir.

33 Loirgiḋ ar dtúis, d’á ḃríġ sin, ríġeaċt Dé agus a ḟíoraontaċt, agus taḃarfar daoiḃ, leis, na neiṫe sin go léir.

34 Ná bíoḋ buaireaṁ oraiḃ, dá ḃríġ sin, i dtaoḃ an lae amáiriġ; tá a ḃuaireaṁ féin i gcóir an lae amáiriġ. Ní beag do gaċ lá a ċuid uilc féin.

historic text maintained by the Bible Society.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan