Maitiú 5 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)CAIBIDIOL V. Seanmóin Ċríost ar an gcnoc. Na h-oċt mbiatí. 1 Agus nuair a ċonaic sé na sluaiġte ċuaiḋ sé suas ar an gcnoc, agus nuair a ṡuiḋ sé ann ṫáinig a ḋeisgiobuil ag triall air. 2 Agus d’osgail sé a ḃéal agus do ṫeagaisg sé iad, agus duḃairt sé: 3 Is aoiḃinn dos na boċtaiḃ sa spioraid, mar is leó san ríġeaċt na ḃflaṫas. 4 Is aoiḃinn do luċt ceannsaċta, mar isiad a ġeóḃaiḋ seilḃ na talṁan. 5 Is aoiḃinn do luċt dubróin, mar isiad a ġeóḃaiḋ sólás. 6 Is aoiḃinn do’n ṁuintir go ḃfuil ocras agus tart ċun fióraontaċta orṫa, mar ’s iad a ġeóḃaiḋ a sáiṫ. 7 Is aoiḃinn do luċt na trócaire ḋéanaṁ, mar isiad a ġeóḃaiḋ trócaire. 8 Is aoiḃinn do luċt an ċroiḋe ġlain, mar isiad a ġeóḃaiḋ raḋarc ar Ḋia. 9 Is aoiḃinn do luċt na síoṫċána ḋéanaṁ, mar is orṫa taḃarfar clann Dé. 10 Is aoiḃinn do’n ṁuintir a ḋ’ḟuilingeann cráḋ ar son fióraontaċta, mar is leó san ríġeaċt na ḃflaṫas. 11 Is aoiḃinn daoiḃ-se nuair a déanfar spídiú oraiḃ agus ciapaḋ, agus an uile ṡaġas tromaiḋeaċta éiṫiġ, mar ġeall orm-sa; 12 Bíoḋ móráil agus gáirdeaċas oraiḃ, mar is mór é ḃúr luaċt-saoṫair ins na flaṫais; óir sin mar a ciapaḋ na fáiḋe róṁaiḃ. 13 Is siḃ-se salann na talṁan. Aċ má ṫéiġeann an salann i leaṁas conus a déanfar salann airís de? Ní’l de ṁaiṫ ann feasta aċ go gcaiṫfí amaċ é agus go ngeóḃfaí do ċosaiḃ daoine ann. 14 Is siḃ-se solus an doṁain. Caṫair ar ċnoc ní féidir í ḋ’ḟolaċaḋ. 15 Ní lastar coinneal ċun í ċur fé ḃéal árṫaiġ, aċ ċun í ċur ar ċoinnleóir, ċun go dtaḃarfaḋ sí solus d’á ḃfuil sa tiġ. 16 Lasaḋ ḃur solus-sa ar an gcuma san os cóṁair daoine, i dtreó go ḃfeicfid siad ḃúr ngníoṁarṫa fóġanta agus go molfaid siad ḃúr n-Aṫair atá ins na flaṫais. 17 Ná measaiḋ gur ċun na dlíġe ná na ḃfáiḋ do ċur ar neaṁníḋ a ṫánag-sa. Ní ċun iad do ċur ar neaṁníḋ a ṫánag aċ ċun iad do ċóṁlíonaḋ. 18 Óir deirim liḃ go fírinneaċ, go dtí go dtéiḋ an spéir agus an talaṁ ar neaṁníḋ ná raġaiḋ aon ióta aṁáin ná aon ṗúnc aṁáin de’n dlíġ ar neaṁníḋ, go dtagaiḋ a h-iomláine ċun cinn. 19 An t-é d’á ḃríġ sin, a ṁillfiḋ aiṫne des na h-aiṫeantaiḃ sin is lúġa, agus do ṁúinfiḋ na daoine mar sin, taḃarfar air an t-é is luġa i ríġeaċt na ḃflaṫas; aċ an t-é ċoimeádfiḋ iad, agus do ṁúinfiḋ [a gcoimeád] taḃarfar duine mór air i ríġeaċt na ḃflaṫas. 20 Óir deirim liḃ mura mbeiḋ ḃur ḃfíoraontaċt-sa níos lionṁaire ’ná fíoraontaċt na Sgríḃneóirí agus na ḃFairisíneaċ ní raġaiḋ siḃ isteaċ i ríġeaċt na ḃflaṫas. 21 Ċualaḃair conus mar aduḃraḋ leis na daoine a ḃí ann fadó: Ná dein marḃaḋ: Agus an t-é ḋéanfaiḋ marḃaḋ beiḋ sé ciontaċ do’n ḃreiṫeaṁantas. 22 Aċ deirim-se liḃ, gaċ duine atá i ḃfeisg le n-a ḃráṫair beiḋ sé ciontaċ do’n ḃreiṫeaṁantas. An t-é áṁṫaċ a déarfaiḋ le n-a ḃráṫair, Raca, beiḋ sé ciontaċ do’n ċóṁairle. Agus an t-é a déarfaiḋ, A amadáin, beiḋ sé ciontaċ cun teine ifrinn. 23 D’á ḃríġ sin, má ḃíonn taḃarṫas agat d’á ṫaḃairt uait os cóṁair na h-altóraċ, agus go gcuiṁneóċair go ḃfuil rud éigin ad’ ċoinniḃ agat’ ḃráṫair; 24 Fág ansan do ṫaḃarṫas os cóṁair na h-altóraċ, agus imṫiġ agus dein síoṫċáin led’ḃráṫair, agus ansan tar agus bronn do ṫaḃarṫas. 25 Réiḋtiġ le t’eascaraid go luaṫ, an ḟaid ataoí i n-aonḟeaċt leis sa tslíġ, le h-eagla go dtaḃarfaḋ an t-eascara suas tu do’n ḃreiṫeaṁ, agus go dtaḃarfaḋ an ḃreiṫeaṁ suas d’á ġiolla ṫu, agus go gcurfaí sa ċarcair ṫu. 26 Go deiṁin adeirim leat, ní ṫiocfair amaċ as san go ndíolair an ḟeóirling ḋeirineaċ. 27 Do ċualaḃair conus mar aduḃraḋ leis an muintir fadó: Ná dein aḋaltranas. 28 Aċ deirim-se liḃ, an t-é ḟéaċfaiḋ ar ṁnaoí le dúil sa droċ-ġníoṁ, go ḃfuil peacaḋ an aḋaltranais déanta ċeana aige léi i n-a ċroiḋe féin. 29 D’á ḃríġ sin, má’s trúig ṗeacṫa ḋuit do ṡúil ḋeas, strac amaċ í agus caiṫ uait í; óir is fearra ḋuit ball de d’ḃallaiḃ do ċailleaṁaint ’ná do ċolann go léir a ċur go h-ifreann. 30 Agus ma’s trúig ṗeacṫa ḋuit do láṁ ḋeas, gearr anuas díot í agus caiṫ uait í; óir is fearra ḋuit ball ded’ ḃallaiḃ do ċailleaṁaint ’ná do ċorp go léir a ḋul go h-ifreann. 31 Agus duḃraḋ, An t-é a ċuirfiḋ uaiḋ a ḃean ṗósta, tugaḋ sé sgríḃinn a díbearṫa ḋi. 32 Aċ de rim-se liḃ, aoinne a ċuirfiḋ uaiḋ a ḃean ṗósta, aċ mar ġeall ar aḋaltranas aṁáin, go gcuireann se i dtreó í ċun aḋaltranais a ḋéanaṁ, agus an t-é a ġlacfaiḋ mar ċéile an ḃean díbearṫa deineann sé aḋaltranas. 33 Airís, do ċualaḃair conus mar a duḃraḋ leis an muintir fad ó. Ná taḃair leaḃar éiṫiġ, agus an níḋ a ḋearḃuiġis cóṁlíon do’n Tiġearna é. 34 Aċ deirim-se liḃ gan dearḃú i n-aon ċor; gan dearḃú dar neaṁ, mar isé sin caṫaoir ríoga Dé; 35 Ná dar talaṁ, mar isé stól a ċos é; ná dar Ierúsalem, mar isí caṫair an rí ṁóir í. 36 Ná dearḃuiġ dar do ċeann féin mar ní’l ar do ċumas ruibe ann a ḋéanaṁ geal ná duḃ. 37 Aċ abraiḋ, Seaḋ, ’seaḋ; Ní h-eaḋ, ní h-eaḋ. An rud a ṫéiġeann ṫairis sin is ó’n olc é. 38 Do ċualaḃair conus mar aduḃraḋ, Súil ar ṡúil, agus fiacal ar ḟiacail. 39 Aċ deirim-se liḃ-se gan cur i n-aġaiḋ uilc; aċ má ḃuaileann duine ṫú ar an leacain ndeis, iompuiġ an leaca eile ċuige, leis. 40 Agus má’s mian le duine an dlíġ ċur ort agus do ċasóg do ḃreiṫ leis sgaoil leis do ḃrat ’n-a teannta. 41 Agus an t-é ċuirfiḋ ḟiaċaiḃ ort dul leis míle ’ṡlíġ do t’aiṁḋeóin, eiriġ ḋá ṁíle eile leis dod’ ḋeóin. 42 An t-é a ḋ’iarrfaiḋ rud ort, taḃair dó é; agus má’s mian le duine iasaċt do lorg ort ná h-iompuiġ uaiḋ. 43 Do ċualaḃair conus mar a duḃraḋ: Bíoḋ gráḋ agat do d’ċaraid agus fuaṫ dod’naṁaid. 44 Aċ deirim-se liḃ-se: Bíoḋ gráḋ agaiḃ d’ḃúr naṁdaiḃ; deiniḋ maiṫ do’n ṁuintir a ṫugann fuaṫ ḋaoiḃ; agus deiniḋ guiḋe ar son na muintire a ḋeineann cráḋ agus tromaiḋeaċt oraiḃ. 45 Ionus go mbeaḋ siḃ i nḃúr macaiḃ ag ḃúr n-Aṫair atá ins na flaṫais, an t-é ċuireann a ġrian ag eiriġe ar ḋaoine, idir olc agus maiṫ, agus ċuireann an ḟearṫainn ag tuitim orṫa, idir ċeart agus ainċeart. 46 Óir má ṫugann siḃ gráḋ do’n ṁuintir a ṫugann gráḋ ḋaoiḃ cad é an tuarasdal a ḃeiḋ agaiḃ? Ná deinid na puibliocánaiġ féin an méid sin? 47 Agus mura ndeiniḋ siḃ-se aċ beannú d’ḃúr ndriṫáraċaiḃ cad í an ḃreis a ḋeineann siḃ? Ná deinid na págánaiġ féin an méid sin? 48 Bíḋiḋ-se, d’á ḃríġ sin, fíor-ṁaiṫ, fé mar atá ḃúr n-Aṫair ins na flaṫais fíor-ṁaiṫ. |
historic text maintained by the Bible Society.
British & Foreign Bible Society