Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Maitiú 4 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)


CAIBIDIOL IV. Trosgaḋ Ċríost ar feaḋ daċad lá. – Froṁaḋ á ḋéanaṁ air — É ag tosnú ar ṡeanmóiniú; ar a ḋeisgiobuil do ġlaoḋaċ ċuige; agus ar ṁírḃúiltíḃ a ḋéanaṁ.

1 Ansan do ṡeól an Spioraid Íosa isteaċ sa ḃfásaċ ċun go gcurfaí caṫ air ó’n ndiaḃal.

2 Agus nuair a ḃí trosgaḋ déanta aige ar feaḋ daċad lá agus daċad oiḋċe, ansan do ṫáinig ocras air.

3 Agus ṫáinig an t-Áirseóir agus duḃairt sé leis: Má’s tu Mac Dé órduiġ arán a ḋéanaṁ des na cloċaiḃ sin.

4 Agus duḃairt seisean ’ġá ḟreagraḋ: Tá sgríoḃṫa: Ní h-ar arán aṁáin a ṁaireann an duine, aċ ar an uile ḟocal d’á dtagann ó ḃéal Dé.

5 Ansan do ṫóg an t-Áirseóir leis é isteaċ sa ċaṫair naoṁṫa, agus ċuir sé ’n-a ṡeasaṁ ar spuaic an teampuill é. Agus duḃairt sé leis: Má’s tu Mac Dé caiṫ ṫu féin le fánaiḋ. Óir tá sgríoḃṫa:

6 Mar go dtug sé órdú d’á aingealaiḃ ad’ ṫaoḃ, agus glacfaid siad ’n-a láṁaiḃ ṫu sar a mbuailfá do ċos i gcoinniḃ cloiċe.

7 Duḃairt Íosa leis: Tá rud eile sgríoḃṫa, leis: Ná dein froṁaḋ ar do Ṫiġearna Dia.

8 Ansan do rug an t-Áirseóir leis é go mullaċ cnuic a ḃí ana-árd, agus ṫaisbeáin sé ḋó ríġeaċta an doṁain go léir, agus a ngradam;

9 Agus duḃairt sé leis: Taḃarfad iad san go léir duit aċ sléaċtaḋ ḋom agus mé ḋ’aḋraḋ.

10 Ansan duḃairt Íosa leis: Imṫiġ, a Ṡátain; Óir tá sgríoḃṫa: Aḋarfaiḋ tú do Ṫiġearna Dia, agus beiḋ tú uṁal dó san aṁáin.

11 Ansan d’imṫiġ an t-Áirseóir uaiḋ, agus féaċ, ṫáinig na h-aingil agus ḋeineadar friṫálaṁ air.

12 Agus nuair airiġ Íosa Eóin a ḃeiṫ ’n-a ṗríosúnaċ d’imṫiġ sé go Gaililí;

13 Agus d’ḟág sé Nasaret, agus ċuaiḋ sé ċun cóṁnuiġṫe i gCaṗarnaum i n-aice na faraige, i gcríoċ Sabulon agus Neṗtalim.

14 Ionus go gcóṁlíonfaí an níḋ aduḃairt Isáias fáiḋ:

15 Talaṁ Sabulon agus talaṁ Neṗtalim, fan na faraige lastall de Iórdan, Gaililí na ngeinte:

16 Pobul a ḃí suiḋte i ndorċadas, ċonacadar solus mór, agus d’eiriġ solus do’n ṁuintir a ḃí suiḋte sa n-áit ar a raiḃ sgamall an ḃáis.

17 As san amaċ do ṫusnuiġ Íosa ar ṡeanmóin, agus ar a ráḋ: Deiniḋ aiṫriġe, óir tá ríġeaċt na ḃflaṫas buailte liḃ.

18 Agus ḃí Íosa ag siuḃal i n-aice mara Ġaililí, agus ċonaic sé beirt driṫár, Símón, ar a dtugtar Peadar, agus Aindrias, a ḋriṫáir, agus iad ag cur lín amaċ sa ḃfaraige (mar iasgairí ab eaḋ iad),

19 Agus duḃairt sé leó: Tagaiḋ am’ ḋiaiḋ-se, agus déanfad iasgairí ar ḋaoiniḃ ḋíḃ.

20 Agus gan ṁoill d’ḟágadar ansan na líonta, agus do leanadar é.

21 Agus ag imṫeaċt ó’n áit sin dó, do ċonaic sé beirt eile driṫár, Séamus mac Sebedé agus a ḋriṫáir Eóin, agus iad sa ḃád i dteannta a n-aṫar Sebedé, ag deisiú a líonta; agus do ġlaoiḋ sé ċuige iad.

22 Agus gan ṁoill d’ḟágadar ansan na líonta agus a n-aṫair, agus do leanadar é.

23 Agus do ġluais Íosa mór-ṫímpal Ġaililí go léir, ag teagasg ins na sinagógaiḃ, agus ag craoḃsgaoileaḋ soisgéil na ríġeaċta, agus ag leiġeas gaċ galair agus gaċ breóiteaċta d’á raiḃ ar ḋaoine.

24 Agus do leaṫ a ċlú ar fuid Siria go léir, agus do tugaḋ ag triall air na daoine go léir a ḃí as a sláinte, gaḃṫa le galaraiḃ agus le piantaiḃ, agus daoine go raiḃ deaṁain ionta, agus daoine a ḃí as a meaḃair, agus daoine a ḃí gan lúṫ, agus do leiġis sé iad.

25 Agus do lean sluaiġte móra é a Gaililí agus a Decapolis agus a Ierúsalem, agus ó’n dtaoḃ ṫall de Iórdan.

historic text maintained by the Bible Society.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan