Maitiú 3 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)CAIBIDIOL III. Seanmóineaċt Eóin. Críost d’á ḃaiste. 1 Ins na laeṫanta san, áṁṫaċ, do ṫáinig Eóin Baiste ag seanmóin i ḃfásaċ Iúdéa, 2 Agus deireaḋ sé: Deiniḋ aiṫriġe, óir tá ríġeaċt na ḃflaṫas buailte liḃ 3 Óir sin é an t-é ar ar laḃair Isáias Fáiḋ nuair aduḃairt sé: Guṫ duine ag glaoḋaċ sa ḃfásaċ, Ollaṁuiġiḋ an tslíġ do’n Tiġearna; deiniḋ a ḃóiṫre do ḋíriú ḋó. 4 Agus isé éadaċ a ḃí ar Eóin ná éadaċ déanta de ruainneaċ camal, agus crios leaṫair ar a ċom; agus isé bia a ḃí aige ’ná lócuistí agus mil ḟiain. 5 Agus ḃí Ierúsalem ag dul amaċ ag triall air an uair sin, agus Iúdaéa go léir, agus an dúṫaiġ go léir tímpal ar an Iórdan. 6 Agus ḃí sé ’ġá mbaiste sa n-Iórdan agus iad ag déanaṁ faoísdine i n-a bpeacaíḃ. 7 Agus ċonaic sé mórán des na Fairisíniġ agus des na Sadducíneaċaiḃ ag teaċt ċun an ḃaiste ċuige, agus duḃairt sé leó: A ṡlioċt na n-aiṫreaċ niṁe, cé ċuir ar ḃúr súiliḃ daoíḃ-se an ḟearg atá ċúġaiḃ do ṡeaċnaḋ? 8 Má’s eaḋ tugaiḋ toraḋ uaiḃ a ḃeiḋ do réir na h-aiṫriġe. 9 Ná h-abraiḋ i n-ḃúr n-aigne: Tá Ábraham i n-a aṫair againn; óir deirim-se liḃ gur féidir do Ḋia clann a ḋéanaṁ d’Ábraham des na cloċaiḃ sin. 10 Tá an tuaġ ċeana féin ar ṗréiṁ na gcrann. Agus gaċ crann ná taḃarfaiḋ toraḋ fóġanta uaiḋ leagfar é agus curfar sa teine é. 11 Táim-se ag ḃúr mbaiste le h-uisge ċun aiṫriġe, aċ an t-é atá ag teaċt am’ ḋiaiḋ is cóṁaċtaíġe é ’ná mise, agus ní fiú me go ndéanfainn a ḃróga d’iompar; baistfiḋ sé sin siḃ leis an Spioraid Naoṁ agus le teine. 12 Tá a ġléas cáiṫte i n-a láiṁ aige, agus glanfaiḋ sé a úrlár buailte, agus cruinneóċaiḋ sé a ċuid cruiṫneaċtan isteaċ sa sgioból, agus loisgfiḋ sé an lóċán le teine naċ féidir a ṁúċaḋ. 13 Ansan do ṫáinig Íosa ó Ġaililí go dtí an Iórdan, ag triall ar Eóin, ċun go mbaistfeaḋ Eóin é. 14 Aċ ḃí Eóin ’ġá ċosg, agus deireaḋ sé: Is dóṁ-sa is gáḋ baiste ḋ’ḟáġail uait-se; agus tusa ag teaċt ag triall orm-sa? 15 Agus d’ḟreagair Íosa é agus duḃairt sé leis: Leig liom anois, óir is mar seo is cóir dúinn gaċ fíoraontaċt do ċóṁlíonaḋ. Ansan do ġéill sé ḋó. 16 Agus nuair a ḃí Íosa baistiṫe ṫáinig sé aníos as an uisge láiṫreaċ; agus féaċ, do h-osgalaḋ na flaṫais dó, agus ċonaic sé Spioraid Dé ag teaċt anuas i rioċt colúir agus ag túirliocan air. 17 Agus féaċ, guṫ as na flaṫais aduḃairt: Isé seo mo ṁac dílis ar a ḃfuil mo ġreann. |
historic text maintained by the Bible Society.
British & Foreign Bible Society