Maitiú 28 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)CAIBIDIOL XXVIII. Aiseiríġe Ċríost. An gnó a ṫug sé le déanaṁ d’á ḋeisgiobulaiḃ. 1 Agus i ndeire na sabbóide, nuair a ḃí an ċéad lá de’n tseaċtṁain ag soillsiú ṫáinig Máire Ṁagdalén agus an Máire eile ag féaċaint na h-uaġa. 2 Agus féaċ, ṫáinig luasgaḋ mór talṁan. Mar ṫáinig aingeal an Tiġearna anuas ó neaṁ, agus ċuaiḋ sé agus d’iompuiġ sé siar an ċloċ agus ṡuiḋ sé uirṫi; 3 Agus ḃí a ġnúis mar lasair ṫeintriġe, agus a ċuid éadaiġ mar an sneaċta. 4 Agus le h-eagla roimis ṫáinig sgannra ár an luċt coimeádta, agus ba ċuma iad nó daoine a ḃéaḋ marḃ. 5 Agus d’ḟreagair an t-aingeal agus duḃairt sé leis na mnáiḃ: Ná bíoḋ aon eagla oraiḃ-se; mar tá ḟios agam gur ḃ’é Íosa, do céasaḋ, atá uaiḃ. 6 Ní’l sé anso: Mar d’aiseiriġ sé, fé mar a ġeall sé: tagaiḋ agus féaċaiḋ ar an áit ’n-ar cuireaḋ an Tiġearna. 7 Imṫiġiḋ anois go luaṫ, agus innsiḋ d’á ḋeisgiobulaiḃ gur aiseiriġ sé; agus féaċ, tá sé ag dul róṁaiḃ go Gaililí: ċífiḋ siḃ sa n-áit sin é; féaċ tá innste agam daoiḃ roim ré. 8 Agus d’imṫiġeadar amaċ go tapaiḋ ó’n uaiġ, agus ḃi eagla mór orṫa agus áṫas mór, agus iad ag ruiṫ ċun an sgéil a ḋ’innsint dos na deisgiobuil. 9 Agus féaċ, do ḃuail Íosa úmpa, agus duḃairt sé: Slán daoiḃ. Agus do ṫánadar agus do rugadar ar ċosaiḃ air, agus d’aḋradar é. 10 Ansan duḃairt Íosa leó: Ná ḃioḋ eagla oraiḃ; imṫiġiḋ, agus innsiḋ dom’ bráiṫriḃ, ionus go raġaidís go Gaililí; Ċífid siad sa n-áit sin mé. 11 Agus nuair a ḃíodar imṫiġṫe, ṫáinig cuid de’n luċt coimeádta isteaċ sa ċaṫair, agus d’innseadar d’uaċtaránaiḃ na sagart cad a ḃí tuitiṫe amaċ. 12 Agus ṫánadar-san i ḃfoċair a ċéile, mar aon leis na seanóiríḃ, agus ċuadar i gcóṁairle, agus ṫugadar cuid ṁór airgid dos na saiġdiúiríḃ, 13 Agus duḃradar leó: Abraiḋ, táinig a ḋeisgiobuil sa n-oiḋċe, agus ġoideadar é agus sinne i n-ár gcodlaḋ, 14 Agus má airiġeann an riaġaltóir an sgéal laḃarfaimíd-ne leis, agus cuirfimíd siḃ-se ó ḃaoġal. 15 Agus do ġlacadar-san an t-airgead, agus ḋeineadar mar a duḃraḋ leó. Agus tá an sgéal san leaṫta a measg na n-Iúdaċ go dtí an lá indiu. 16 Agus d’imṫiġ an t-aoinnedéag deisgiobul go Gaililí, go dtí an cnoc mar a raiḃ ceapaiṫe ag Íosa ḋóiḃ. 17 Agus nuair a ċonacadar é d’aḋradar é; aċ ḃí cuid acu lag-ċreideaṁac. 18 Agus ṫáinig Íosa agus do laḃair sé leó, agus duḃairt: Do tugaḋ dóṁ-sa gaċ cóṁaċt ar neaṁ agus ar talaṁ. 19 Imṫiġiḋ, d’á ḃríġ sin, agus múiniḋ na geinte go léir, agus baistiḋ iad i n-ainim an Aṫar, agus an Ṁic, agus an Spioraid Naoiṁ. 20 Agus teagaisgiḋ iad ċun gaċ ar órduiġeas-sa ḋaoiḃ do ċoimeád: agus féaċ, táim-se i nḃúr ḃfoċair tríd na laeṫanta go léir, go dtí críoċnú an tsaoġail. |
historic text maintained by the Bible Society.
British & Foreign Bible Society