Maitiú 27 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)CAIBIDIOL XXVII. Tuairisg páise Ċríost ar leanṁaint. A ḃás agus a aḋlacaḋ. 1 Agus nuair a ṫáinig an ṁaidion, ċuaiḋ uaċtaráin na sagart go léir agus seanóirí an ṗobuil i gcóṁairle i n-aġaiḋ Íosa, ċun go gcurfidís ċun báis é. 2 Agus ṫugadar leó é gaḃṫa, agus ṫugadar suas é do Ṗontius Pílát, an riaġaltóir. 3 Ansan nuair a ċonaic Iúdás, a ḋíol é, go raiḃ sé daor ċun báis, ṫáinig aiṫreaċas air, agus ṫug sé an tríoċad píosa airgid ṫar n-ais ag triall ar uaċtaránaiḃ na sagart agus ar na seanóiriḃ. 4 Agus duḃairt sé: Ḋeineas peacaḋ, mar do ḋíolas fuil neaṁċiontaċ. Aċ duḃradar san: Cad é sin dúinne sin? Bíoḋ ort féin. 5 Ansan do ċaiṫ sé na píosaí airgid isteaċ sa teampul, agus d’ḟág sé an áit, agus d’imṫiġ sé agus do ċroċ sé é féin le téid. 6 Agus do ṫóg uaċtaráin na sagart na píosaí airgid agus duḃradar: Ní ceart iad do ċur sa ċorbóna, mar is airgead fola iad. 7 Aċ ḋeineadar cóṁairle, agus ċeannuiġeadar leó páirc an ṗotadóra, ċun daoine iasaċta d’aḋlacaḋ ann. 8 Mar ġeall air sin do tugaḋ ar an bpáirc sin Haceldama, ’sé sin, Páirc na fola, go dtí an lá so. 9 Ansan iseaḋ do cóṁlíonaḋ an ċaint aduḃairt Ieremias fáiḋ, mar a nduḃairt sé: Agus do ġlacadar tríoċad píosa airgid, luaċ an t-é a luaḋaḋ, an t-é a luaḋdar a’ clannaiḃ Israéil, 10 Agus ṫugadar iad ar ṗáirc an ṗotadóra, fé mar a ċeap an Tiġearna dom. 11 Agus ḃí Íosa ’n-a ṡeasaṁ os cóṁair an riaġaltóra agus do ċeistiġ an riaġaltóir é, agus duḃairt sé: An tusa rí na nIúdaċ? Duḃairt Íosa leis: Deir tú é. 12 Agus nuair a ċuir uaċtaráin na sagart agus na seanóirí neiṫe ’n-a leiṫ, níos ṫug sé aon ḟreagra orṫa. 13 Ansan duḃairt Pílát leis: Ná h-airiġeann tú na neiṫe móra a ċuirid na fínniṫe ad’ leiṫ? 14 Agus níor ṫug sé freagra air do ḟocal ar biṫ; i dtreó go raiḃ árd-iongnaḋ ar an riaġaltóir. 15 An lá solmanta san, áṁṫaċ, ba ġnáṫ leis an riaġaltóir aon ċime aṁáin do leigint saor ċun na ndaoine, pé cime ba ṁaiṫ leó. 16 Ḃí aige an uair sin árd-ċime, agus Barabbas ab ainim dó. 17 Do ċruinniġ Pílát iad, agus duḃairt sé: Cé is toil liḃ a leigfinn saor ċúġaiḃ, Barabbas nó Íosa ar a dtugtar Críost? 18 Mar ḃí ḟios aige gur le formad a ḋeineadar é ṫaḃairt ċun láṁa. 19 Agus ḃí sé ’n-a ṡuiḋe ’n-a ċaṫaoir ḃreiṫeaṁantais, agus ċuir a ḃean teaċtaireaċt ċuige, agus duḃairt sí: Ná ḃíoḋ aon ḃaint agat leis an nduine fíoraonta san; óir tá a lán fuilingṫe agam indiu mar ġeall air, tré aisling. 20 Aċ do ċuir uaċtaráin na sagart agus na seanóirí na daoine suas ċun Barabbais do ṫoġaḋ, agus Íosa do ḋíṫiú. 21 Agus d’ḟreagair an riaġaltóir agus duḃairt sé leó: Cé’cu de’n ḃeirt is maiṫ liḃ a leigfinn saor? Agus duḃradar san: Barabbas. 22 Duḃairt Pílát leó: Agus cad a ḋéanfad i dtaoḃ Íosa, ar a dtugtar Críost? 23 Duḃradar go léir: Céasdar é. Duḃairt an riaġaltóir leó: Aċ cad é an t-olc atá déanta aige? Aċ do liúġadar níb’ aoirde: Céasdar é. 24 Nuair a ċonaic Pílát ná raiḃ ag eiriġe leis, aċ gur toirmeasg a ḃí ag teaċt, fuair sé uisge, agus do niġ sé a láṁa os cóṁair na ndaoine, agus duḃairt sé: Táim-se saor ar ḟuil an ḟíoraoin seo; oraiḃ-se bíoḋ. 25 Agus d’ḟreagair na daoine go léir: A ċuid fola orainne agus ar ár slioċt. 26 Ansan do leig sé saor ċúċa Barabbas, agus ṫug sé Íosa suas dóiḃ le céasaḋ, tar éis a sgiúrsála. 27 Ansan do ṫóg saiġdiúirí an riaġaltóra Íosa leó amaċ sa halla, agus ċruinniġeadar ċuige an ḃuiḋean go léir. 28 Agus ḃaineadar de a ċuid éadaiġ, agus ċuireadar clóca dearg uime. 29 Agus d’ḟíġeadar coróinn ḋeilgneaċ, agus ċuireadar ar a ċeann í, agus ċuireadar cleiṫ ’n-a láiṁ. Agus do leigidís iad féin ar a leaṫ-ġlúin ar a aġaiḋ amaċ ag magaḋ faoi, agus deiridís, Slán duit, a Rí na n-Iúdaċ! 30 Agus ċaiṫidís seile air, agus ṫógaidís an ċleiṫ agus ḃuailidís buille ḋi sa ċeann air. 31 Agus nuair a ḃí a gcuid magaiḋ déanta acu ḃaineadar de an clóca, agus ċuireadar a ċuid éadaiġ féin uime, agus do rugadar leó é cun é ċéasaḋ. 32 Agus nuair a ċuadar amaċ fuaradar duine ó Ċíréné, dár ḃ’ainim Símón; agus ċuireadar ḟéaċaint ar an nduine sin dul leó agus a ċros d’iompur. 33 Agus ṫánadar ċun áite ar a dtugtar Golgota, ’sé sin, áit Ċalḃarí. 34 Agus ṫugadar le n-ól dó fíon gur cuireaḋ domblas tríd; agus nuair a ḃlais sé é ní ólfaḋ sé é. 35 Agus nuair a ḋeineadar é ċéasaḋ, do rainneadar a ḃaill éadaiġ eatarṫa, ’ġá gcur ar ċrannaiḃ; ionus go gcóṁlíonfaí an níḋ atá ráiḋte ag an ḃfáiḋ: Do rainneadar eatarṫa mo ḃaill éadaiġ agus ċuireadar as ċrannaiḃ mo ċuid éadaiġ. 36 Ansan do ṡuiḋeadar ag faire air. 37 Agus ċuireadar os cionn a ċinn a ċúis sgríoḃṫa: ÍOSA, RÍ NA N-IÚDAĊ, É SEO. 38 Ansan do céasaḋ, mar aon leis, beirt ḃiṫeaṁnaċ, duine acu ar a láiṁ ḋeis, agus duine acu ar a láiṁ ċlé. 39 Agus an ṁuintir a ġaḃaḋ ṫairis ṫugaidís masla ḋó, ag croṫaḋ a gcinn, 40 Agus deiridís, Ḃah, do leagfá teampal Dé agus ċurfá suas airís é i gceann trí lá; dein tu féin do ṡaoraḋ. Ma’s tu Mac Dé tar anuas ó’n gcrois. 41 Agus ar an gcuma gcéadna uaċtaráin na sagart, ag déanaṁ magaiḋ, mar aon leis na Sgríḃneóiriḃ agus leis na seanóiriḃ, deiridís: 42 Do ṡáḃáil sé daoine eile; ní’l ar a ċumas é féin do ṡáḃáil. Má’sé Rí Israéil e, tagaḋ sé anuas anois ó’n gcrois agus creidfimíd ann. 43 Bí a ṁainġín as Dia, saoraḋ Dia anois é, má’s áil leis é: Óir duḃairt sé, Is mé Mac Dé. 44 Agus na biṫeaṁnaiġ a ḃí céasda i n-aice leis, ṫugadar an ṁasla ċéadna ḋó. 45 Agus ó’n séṁaḋ h-uair ṫáinig doirċeaċt ar an ndoṁan go léir go dtí an naoṁaḋ h-uair. 46 Agus tímpal an naoṁaḋ h-uair do laḃair Íosa do ġuṫ ana árd, agus duḃairt sé: Élí, Élí, lamá sabactání? ’sé sin, A Ḋia, a Ḋia, cad uime gur ṫréigis mé? 47 Agus ḃí daoine ’n-a seasaṁ ann agus d’airiġeadar é, agus duḃradar: Tá sé sin ag glaoḋaċ ar Élias. 48 Agus do riṫ duine acu láiṫreaċ, agus d’aimsiġ sé spúinse, agus ṫúm sé i ḃfínéigir é, agus ċuir sé ar ċleiṫ é, agus ṫug sé le n-ól dó. 49 Agus duḃairt an ċuid eile: leig dó; feiceam an dtiocfaiḋ Élias ’ġá ṡaoraḋ. 50 Agus d’éiġiṁ Íosa airís do ġuṫ árd, agus ṫug sé a anam uaiḋ. 51 Agus féaċ, do stracaḋ ’n-a ḋá ċuid ó ḃárr go bun brat an teampail; agus do luaisg an talaṁ, agus do sgoilt na caraigreaċa; 52 Agus do h-osgalaḋ na h-uaġna agus d’eiriġ a lán de ċorpaiḃ na naoṁ a ċodail, 53 Agus tar éis aiséiriġṫe ḋó ṫánadar amaċ as na h-uaġnaiḃ, agus ṫánadar isteaċ sa ċaṫair naoṁṫa, agus ċonaic a lán iad. 54 An taoiseaċ céad, áṁṫaċ, agus an ḃuiḋean a ḃí ’n-a ṫeannta ag faire Íosa, nuair a ċonacadar an luasgaḋ talṁan agus na neiṫe do ṫuit amaċ, ṫáinig eagla ana-ṁór, orṫa agus duḃradar: Go fíor dob’ é Mac Dé é sin. 55 Agus ḃí a lán ban ann aḃfad amaċ, do lean Íosa ó Ġaililí ag frioṫálaṁ air: 56 Ar a raiḃ Máire Magdalén, agus Máire, máṫair Ṡéamuis agus Ióseṗ, agus máṫair clainne Sebedé. 57 Agus nuair a ḃí an tráṫnóna ann ṫáinig duine saiḋḃir, ó Arimatéa, dár ḃ’ ainim Ióseṗ, agus duine de ḋeisgiobulaiḃ Íosa dob’ eaḋ é: 58 Ċuaiḋ an duine sin ag triall ar Ṗílát, agus d’iarr sé corp Íosa air. Ansan d’órduiġ Pílát an corp a ṫaḃairt dó. 59 Do fuair Ióseṗ an corp, agus d’ḟill sé i línéadaċ glan é, 60 Agus ċuir sé ’n-a ṫuama nua féin é, a ḃí gearrṫa aige i gcaraig; agus ċuir sé cloċ ṁór ċun ḃéil na h-uaġa, agus d’imṫiġ sé. 61 Ḃí ann, áṁṫaċ, Máire Ṁagdalén agus an Máire eile agus iad ’n-a suiḋe ar aġaiḋ na h-uaġa amaċ. 62 Agus an lá ’n-a ḋiaiḋ san, an lá i ndiaiḋ lae an ollaṁuiġṫe, ṫáinig uaċtaráin na sagart agus na Fairisíniġ i n-aonḟeaċt ag triall ar Pílát, 63 Agus duḃradar: A Uasail, is cuiṁin linn go nduḃairt an feallaire úd nuair a ḃí sé ḃeó: I gceann trí lá eireóċad airís. 64 Órduiġ-se, d’á ḃríġ sin, gárda ċur ar an uaiġ go dtí an tríṁaḋ lá: le h-eagla go dtiocfaḋ a ḋeisgiobuil agus go ngoidfidís é, agus go ndéarfaidís leis na daoine: D’eiriġ sé ós na mairḃ: agus beiḋ an feall deirineaċ níos measa ’ná an ċéad ḟeall. 65 Duḃairt Pílát leó: Tá gárda agaiḃ. Imṫiġiḋ, agus déiniḋ an ġárdáil mar is eól daoiḃ. 66 D’imṫiġeadar, agus ḋaingniġeadar an tuama, ag cur séala ar an gcloiċ, agus ag ceapaḋ luċt faire. |
historic text maintained by the Bible Society.
British & Foreign Bible Society