Maitiú 26 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)CAIBIDIOL XXVI. Na h-Iúdaiġ ag déanaṁ ceilge i n-aġaiḋ Ċríost. Máire ’ġá ungaḋ. Feall Iúdáis. An suipéar deirineaċ. An ġuiḋe sa ġáirdín. Gaḃáil ár dTiġearnia. An cor do tugaḋ air i dtiġ Ċaiphas. 1 Agus do ṫarla, nuair a ċríoċnuiġ Íosa na briaṫra san go léir, go nduḃairt sé le n-a ḋeisgiobulaiḃ: 2 Is eól daoiḃ go mbeiḋ an Ċáisg ann tar éis ḋá lá, agus taḃarfar Mac an Duine suas ċun a ċéasda. 3 Ansan do ṫáinig i ḃfoċair a ċéile uaċtaráin na sagart agus seanóirí an ṗobuil i halla an árd-ṡagairt, dár, ḃ’ainim Caiṗas; 4 Agus ḋeineadar cóṁairle ċun go ndéanfaidís Íosa do ġaḃáil le ceilg, agus é ċur ċun ḃáis. 5 Duḃradar, áṁṫaċ, Ná deintear é lá na féile, le h-eagla go mbeaḋ toirmeasg sa ṗobul. 6 Aċ nuair a ḃí Íosa i mBetánia, i dtiġ Ṡímóin, an loḃar, 7 Ṫáinig ḃean ċuige agus árṫaċ alabastair aici a ḃí lán d’ungaḋ ana-ḋaor, agus do ḋoirt sí ar a ċeann é, agus é ’n-a luiġe. 8 Agus nuair a ċonaic na deisgiobuil san, ḃí díombáḋ orṫa, agus duḃradar: Cad ċuige an ḃásta so? 9 D’ḟéadfaí é sin do ḋíol ar ṁórán, agus é ṫaḃairt dos na boċtaiḃ. 10 Do ṫuig Íosa, áṁṫaċ, agus duḃairt leó: Cad ċuige ḋaoiḃ ḃeiṫ ag iomaiġ leis an mnaoi seo? Is gníoṁ maiṫ atá déanta aici orm-sa. 11 Óir táid na boiċt i gcóṁnuiġe agaiḃ i nḃúr ḃfoċair, aċ ní’lim se i gcóṁnuiġe agaiḃ. 12 Mar, nuair a ċuir sí seo an ungaḋ so ar mo ċorp-sa, is ċun m’aḋlacṫa a ḋein sí é. 13 Go deiṁin adeirim liḃ, pé áit ar fuid an doṁain go léir go gcraoḃsgaoílfar an Soisgéal so ann, ’neósfar, leis, mar ċuiṁne uirṫi seo, an gníoṁ so atá déanta aici. 14 Ansan d’imṫiġ duine de’n daréag, dár ḃ’ainim Iúdás Iscariot, ag triall ar uaċtaránaiḃ na sagart, 15 Agus duḃairt sé leó: Cad is toil liḃ a ṫaḃairt dóṁ-sa agus taḃarfad suas daoiḃ é? Agus ṡocaruiġeadar-san leis ar ṫríoċad píosa airgid. 16 Agus as san amaċ ḃí sé ag faire ar ċaoi ċun é ṫaḃairt suas. 17 An ċéad lá, áṁṫaċ, de laeṫantaiḃ féile an aráin gan giost ṫáinig a ḋeisgiobuil ċun Íosa, agus duḃradar: Cár ṁaiṫ leat go ndéanfaimís an ċáisg d’ollaṁú ḋuit le caiṫeaṁ? 18 Agus duḃairt Íosa: Téiġiḋ as ċaṫair ċun duine áiriṫe, agus abraiḋ leis: Deir an Máiġistir: Tá m’aimsir i ngoireaċt dom; déanfad féin agus mo ḋeisgiobuil an Ċáisg agat-sa. 19 Agus ḋein na deisgiobuil mar a ḋ’órduiġ Íosa ḋóiḃ, agus d’ollaṁuiġeadar an Ċáisg. 20 Agus nuair a ḃí an tráṫnóna ann, do ṡuiḋ sé i ḃfoċair a ḋáréag deisgiobul. 21 Agus nuair a ḃíodar ag iṫe, duḃairt sé: Go deiṁin adeirim liḃ go ḃfuil duine agaiḃ atá ċun mé ḋíol. 22 Agus ṫáinig ana-ḃuairt orṫa, agus ċromadar, gaċ duine, ar a ráḋ, An mise é, a Ṫiġearna? 23 Agus duḃairt seisean ’ġá ḃfreagra: An t-é a ċuir a lám sa ṁéis am’ ċuíḃreann, díolfaiḋ sé mé. 24 Tá Mac an Duine ag imṫeaċt, fé mar atá sgríoḃṫa ’n-a ṫaoḃ; aċ is mairg do’n ḟear san tré a ndéanfar Mac an Duine do ḋíol. Ba ṁaiṫ an rud do’n ḟear san gan é teaċt riaṁ ar an saoġal. 25 Ansan, do ḟreagair Iúdás, an fear a ḋíol é, agus duḃairt: An mise é, a Máiġistir? Duḃairt sé leis: Duḃraís é. 26 An ḟaid a ḃíodar ag iṫe, do ṫóg Íosa arán, agus ḃeannuiġ é, agus ḃris é, agus ṫug d’a ḋeisgiobulaiḃ é; agus duḃairt: Glacaiḋ agus iṫiḋ: Is é mo ċorp é seo. 27 Ansan do ṫóg sé an ċailís agus ġaiḃ sé buiḋeaċas: agus ṫug sé ḋóiḃ, agus duḃairt: Ólaiḋ go léir as so. 28 Óir is í mo ċuiḋ fola, fuil an tiomna nua, í seo a doirtfar ar son a lán ċun peacaí do ṁaiṫeam. 29 Deirim liḃ, áṁṫaċ: Ní ólfad airís de’n toraḋ so na fíneaṁna go dtí an lá san ’n-a n-ólfad é go nua mar aon liḃ-se i ríġeaċt m’Aṫar. 30 Agus tar éis himna do ráḋ ḋóiḃ, ċuadar amaċ go cnoc Oliḃet. 31 Ansan duḃairt Íosa leó: Glacfaiḋ siḃ go léir sgannal umam-sa anoċt. Óir tá sgríoḃṫa: Buailfad an t-aoḋaire agus sgaipfar caoire an tréada. 32 Aċ tar éis aiseiriġṫe ḋom raġad róṁaiḃ sa nGaililí. 33 Agus duḃairt Peadar ’ġá ḟreagra: Bíoḋ go nglacfaiḋ an uile ḋuine sgannal umat, ní ġlacfad-sa sgannal umat ċoíḋċe. 34 Duḃairt Íosa leis: Go deiṁin adeirim leat, anoċt féin, sar a nglaoiḋfiḋ an coileaċ, séanfair-se mise trí h-uaire. 35 Duḃairt Peadar leis: Bíoḋ go mḃeaḋ orm ḃas d’ ḟáġail i n-aonḟeaċt leat ní ṡéanfad ṫu. Duḃairt na deisgiobuil go léir an ċaint ċéadna. 36 Ansan do ṫáinig Íosa agus iad fein ċun an ḃaile ar a dtugtar Getsemaní; agus duḃairt sé le n-a ḋeisgiobuil: Suiḋiḋ-se anso go dtéiġead-sa ansúd anonn ċun úrnuiġṫe ḋéanaṁ. 37 Agus ṫóg sé leis Peadar agus beirt ṁac Sebedé agus ṫusnuiġ sé ar ḃeiṫ go buarṫa agus go brónaċ. 38 Ansan duḃairt sé leó: Tá brón an ḃáis ar m’anam: Fanaiḋ anso agus deiniḋ faire am’ ṫeannta. 39 Ansan do ḋruid sé tamall uaṫa, agus do ṫuit sé ar a aġaiḋ, ag guiḋe, agus duḃairt sé: A Aṫair, má’s féidir é, gaḃaḋ an ċailís seo ṫaram; aċ sa n-am gcéadna, ná deintear mar is toil liom-sa, aċ mar is toil leat-sa. 40 Agus a ṫáinig sé ċun a ḋeisgiobul, agus fuair sé ’n-a gcodlaḋ iad, agus duḃairt sé le Peadar: An aṁlaiḋ nár ḟéadaḃair faire ḋéanaṁ aon uair a’ ċluig aṁáin liom? 41 Deiniḋ faire agus úrnuiġṫe, ionus ná raġaḋ siḃ i gcaṫaíḃ. Tá an spioraid tugṫa, aċ tá an ḟeóil lag. 42 Ċuaiḋ sé i leiṫ taoiḃ airís ag guiḋe, agus duḃairt: A Aṫair, mura féidir an ċailís seo do ḋul ṫarm gan me ’ġá h-ól, do ṫoil-se go ndeintear. 43 Agus ṫainig sé airís agus fuair sé ’n-a gcodlaḋ iad; óir do ḃí mairḃitíġe ar a súiliḃ. 44 Agus d’ḟág sé iad, agus d’imṫiġ sé airís, agus ḋein sé guiḋe an tríṁaḋ h-uair, ag ráḋ na cainte céadna. 45 Ansan ṫáinig sé ċun na ndeisgiobul, agus duḃairt leó: Deinid codlaḋ anois, agus glacaiḋ suaiṁneas: féaċ, tá an uair buailte linn agus taḃarfar Mac an Duine i láṁaiḃ na bpeacaċ. 46 Eiriġiḋ, gluaisimís: Féaċ, tá an fear a ḃraṫfaiḋ mé ag teaċt. 47 Agus é ag ráḋ na ḃfocal san, féaċ, ṫáinig Iúdás, duine de’n dáréag, agus sluaġ le n-a ċois a ċuir uaċtaráin na sagart agus seanóirí an ṗobuil leis, agus claiḋṁte acu agus bataí. 48 An fear a ḃraṫ é, áṁṫaċ, ṫug sé cóṁarṫa ḋóiḃ; duḃairt sé leó: An t-é go dtaḃarfad-sa póg dó, siné é; gaḃaiḋ greim air. 49 Agus láiṫreaċ ṫáinig sé ċun Íosa, agus duḃairt: Go mbeannuiġṫear duit a Ṁáiġistir. Agus ṫug sé póg dó. 50 Agus duḃairt Íosa leis: A ċara, cad ċuige go dtánaís? Ansan ṫánadar agus ċuireadar a láṁa ar Íosa agus ċoimeádadar greim air. 51 Agus féaċ, duine de’n ṁuintir a ḃí i ḃfoċair Íosa do ṡín sé a láṁ, agus ṫaraing sé a ċlaiḋeaṁ; agus ḃuail sé seirḃíseaċ an árd-ṡagairt, agus ḃain sé an ċluas de. 52 Ansan duḃairt Íosa leis: Cuir do ċlaiḋeaṁ ṫar n-ais i n-a inead féin. Óir, gaċ duine a ṫógfaiḋ claiḋeaṁ, is le claiḋeaṁ a ṫuitfiḋ sé. 53 An aṁlaiḋ is dóiġ leat náċ féidir dóṁ-sa a iarraiḋ ar m’Aṫair, agus cuirfiḋ sé ċúġam láiṫreaċ níos mó ’ná ḋá legión déag aingeal? 54 Conus, d’á ḃríġ sin, a cóṁlíonfar an scriptiúir, óir ní foláir a ṫuitim amaċ mar seo. 55 An uair sin duḃairt Íosa leis an sluaġ: Ṫánaḃair amaċ ċun beirṫe orm, agus claiḋṁte agus bataí agaiḃ, mar a ṫiocfaḋ siḃ ċun beirṫe ar ḃiṫeaṁnaċ. Ḃíos am’ ṡuiḋe sa teampall gaċ lá ag teagasg i nḃúr measg, agus níor rugaḃair orm. 56 Aċ tá so go léir déanta ċun go gcóṁlíonfaí scriptiúirí na ḃfáiḋ. Ansan d’ḟág a ḋeisgiobuil go léir é, agus do ṫeiṫeadar. 57 Aċ do ċoimeád an ṁuintir eile greim ar Íosa, agus do rugadar leó é i láṫair an árd-ṡagairt, Caiṗas, mar a raiḃ na Sgríḃneóirí agus na Fairisíniġ cruinniġṫe. 58 Do lean Peadar é, áṁṫaċ, aḃfad siar, go dtí teaġlaċ an árd-ṡagairt; agus ċuaiḋ sé isteaċ agus ṡuid sé ameasg na seirḃíseaċ, go ḃfeicfeaḋ sé deire na h-oibre. 59 Agus ḃí uaċtaráin na sagart agus an ċóṁairle go léir ag lorg fiaḋnaise bréige i n-aġaiḋ Íosa, ċun go ndaorfaidís ċun ḃáis é; 60 Agus do ṫeip orṫa, bíoḋ go dtáinig a lán fínniṫe bréige suas. Fé ḋeire ṫáinig beirt ḟínniṫe bréige, 61 Agus duḃradar: Deir sé seo: Tá ar mo ċumas-sa teampal Dé do leagaḋ, agus é ċur suas airís i gceann trí lá. 62 Ansan d’eiriġ an t-árdṡagart ’n-a ṡeasaṁ, agus duḃairt sé leis: Ná h-abrann tú focal leis na neiṫiḃ atá acu so ḋ’á ḋearḃúġaḋ ort? 63 Aċ níor laḃair Íosa. Agus duḃairt an t-árdṡagart leis: Iarraim ort i n-ainim Dé atá ḃeó go neósfá ḋúinn an tu an Críost, Mac Dé. Duḃairt Íosa leis: Duḃraís é. 64 Aċ ní lúġa adeirim-se liḃ-se, Ċífiḋ siḃ ’n-a ḋiaiḋ so Mac an Duine ’n-a ṡuiḋe ar deasláiṁ nirt Dé, agus ag teaċt i néallaiḃ neiṁe. 65 Ansan do strac an t-árdṡagart a cuid éadaiġ, agus duḃairt: Tá diaṁasla déanta aige; cad is gáḋ ḋúinn a ṫuille fínniṫe? Féaċ, anois do ċloiseaḃair an diaṁasla: 66 Cad a ċítear daoiḃ? Agus duḃradar san ’ġá ḟreagra: Tá ḃás tuillte aige. 67 Ansan do ċaiṫeadar seilí sa n-aġaiḋ air, agus ḃuaileadar le dóirniḃ é; agus ḃuail cuid eile acu le n-a mḃasaiḃ sa n-aġaiḋ é, Agus deiridís: 68 Targair dúinn, a Ċríost, cé h-é a ḃuail tu? 69 Aċ ḃí Peadar ’n-a ṡuiḋe amuiġ sa ríġṫeaġlaċ; agus ṫáinig duine de sna cailíníḃ ċuige, agus duḃairt sí: Ḃís-se, leis, i ḃfoċair Íosa, an Gaililíaċ. 70 Agus do ṡéan seisean os a gcóṁair go léir, agus duḃairt sé: Ní ḟeadar cad ’tá agat d’á ráḋ. 71 Agus ḃí sé ag gaḃáil an dorus amaċ, agus ċonaic cailín eile é, agus duḃairt sí leis na daoine a ḃí láiṫreaċ: Ḃí sé seo, leis, i ḃfoċair Íosa, an Nasarénaċ. 72 Agus do ṡéan seisean airís agus do ḋearḃuiġ sé: Ní’l aon aiṫne agam ar an nduine. 73 Agus tar éis tamaill ḃig ṫáinig na daoine a ḃí láiṫreaċ agus duḃradar le Peadar: Go deiṁin is díoḃ súd tusa, mar noċtann do ċaint tú. 74 Ansan do ċrom sé ar a ḋeiṁniú agus ar a ḋearḃú ná raiḃ aon aiṫne aige ar an nduine. Agus le n-a linn sin do ġlaoiḋ an coileaċ. 75 Agus do ċuíṁniġ Peadar ar an ḃfocal úd aduḃairt Íosa; Sar a nglaolḋ-fiḋ an coileaċ séanfair-se mise trí h-uaire. Agus d’imṫiġ sé amaċ, agus do ġoil sé go dúḃaċ. |
historic text maintained by the Bible Society.
British & Foreign Bible Society