Maitiú 25 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)CAIBIDIOL XXV. Parabal an deiċniúḃar maiġdean, agus na dtalant, agus tuairisg, ar an mbreiṫeaṁantas déanaċ. 1 Ansan beiḋ ríġeaċt na ḃflaṫas cosṁail le deiċniúḃar maiġdean a ṫóg a lóċranna agus a ċuaiḋ amaċ i gcoinniḃ an ċéile agus na céile. 2 Agus ḃí cúigear acu ciallṁar, agus an cúigear eile gan ċiall. 3 Agus an cúigear a ḃí gan ċiall nuair a ṫógadar na lóċranna, níor ṫugadar oíle leó. 4 Aċ do ṫug an cúigear a ḃí ciallṁar oíle leó i n-a n-árṫaíḃ i dteannta na lóċrann. 5 Agus do ḋein an céile moill, agus ṫáinig múisiún orṫa go léir, agus do ṫuiteadar ’n-a gcodlaḋ. 6 I lár na h-oiḋċe, áṁṫaċ, do deineaḋ guṫ árd: Féaċ, tá an céile ag teaċt; téiġiḋ amaċ ’n-a ċoinniḃ. 7 Ansan d’eiriġeadar na maiġdeana san go léir agus ċuireadar a lóċranna i dtreó. 8 Agus duḃairt an ċuid a ḃí gan ċiall leis an gcuid a ḃí ciallṁar: Tugaiḋ dúinne cuid de’n oíle atá agaiḃ-se, mar tá ár loċranna ag dul i n-éag. 9 D’ḟreagair an ṁuintir ċiallṁar agus duḃradar: Ar eagla ná beaḋ ár ndóiṫin ann dúinne agus daoíḃ-se, is fearr siḃ a ḋ’imṫeaċt ċun na gceannaiḋṫe agus oíle ċeannaċ daoiḃ féin. 10 Agus an ḟaid a ḃíodar ag dul ’ġá ceannaċ, ṫainig an céile; agus an ṁuintir a ḃí ollaṁ ċuadar isteaċ i n-aonḟeaċt leis ċun na bainise, agus do dúnaḋ an dorus. 11 Ar ball ṫáinig na maiġdeana eile agus duḃradar: A Ṫiġearna, a ṫiġearna, osgail dúinne. 12 Aċ d’ḟreagair seisean agus duḃairt: Go deiṁin adeirim liḃ, ní’l aon aiṫne agam oraiḃ. 13 Deiniḋ faire, d’á ḃríġ sin, mar ní h-eól daoiḃ an lá ná an uair. 14 Mar, ar nós an ḟir a ḃí ag dul aḃfad ó ḃaile, agus do ġlaoiḋ ċuige a ṡeirḃísiġ, agus ṫug a ċuid dóiḃ, 15 Agus ṫug ċúig talanta do ḋuine acu agus ḋá ṫalant do ḋuine eile, agus talant do ḋuine eile; do gaċ duine do réir a ċumais oibre; agus d’imṫiġ láiṫreaċ. 16 Agus d’imṫiġ an t-é a fuair na ċúig talanta, agus d’oibriġ sé iad, agus ḋein sé ċúig talanta eile. 17 Mar an gcéadna an t-é a fuair an dá ṫalant ḋein sé ḋá ċeann eile. 18 Aċ an t-é a fuair an t-aon talant aṁáin d’imṫiġ sé agus ḋein sé poll sa talaṁ, agus ċuir sé airgead a ṫiġearna i ḃfolaċ. 19 Tar éis mórán aimsire, áṁṫaċ, ṫáinig tiġearna na seirḃíseaċ san, agus ṡocaruiġ sé cúntas leó. 20 Agus ṫáinig an t-é a fuair na ċúig talanta agus ṫug sé leis na ċúig talanta eile, agus duḃairt: A Ṫiġearna, ṫugais ċúig talanta ḋom. Féaċ, sin ċúig cinn eile curṫa leó agam. 21 Duḃairt a ṫiġearna leis: Is maiṫ é sin, a ṡeirḃísiġ ḟóġanta, dílis; ó ḃís dílis os cionn an ḃeagáin cuirfead ṫu os cionn an ṁóráin; eiriġ isteaċ i n-aoiḃneas do ṫiġearna. 22 Agus ṫáinig an fear a fuair an dá ṫalant agus duḃairt: A Ṫiġearna, ṫugais dom ḋá ṫalant; féaċ, sin ḋá ċeann eile curṫa leó agam. 23 Duḃairt a ṫiġearna leis: Is maiṫ é sin, a ṡeirḃísiġ ḟóganta, ḋílis; ó ḃís dílis os cionn an ḃeagáin cuirfead ṫu os cionn an ṁóráin; eiriġ isteaċ i n-aoiḃneas do ṫiġearna. 24 Ansan do ṫáinig an fear a fuair an t-aon talant aṁáin, agus duḃairt: A Ṫiġearna, is eól dom gur duine cruaiḋ tu; ḃaineann tú sa n-áit nár ċuiris, agus cruinniġeann tú sa n-áit nár sgaipis. 25 Agus le h-eagla róṁat ċuireas do ṫalant i ḃfolaċ sa talaṁ; seo, siné do ċuid féin agat. 26 Agus d’ḟreagair a ṫiġearna é, agus duḃairt leis: A ḋroċ-ṡeirḃísiġ ḋíoṁaoin, dob’ eól duit go mbainim sa n-áit ná cuirim, agus go gcnuasuiġim sa n-áit nár ḋeineas sgaipeaḋ ann. 27 Ḃí sé ceart agat, d’á ḃríġ sin, mo ċuid airgid a ṫaḃairt dos na bancairíḃ, i dtreó, nuair a ṫiocfainn, go ḃfaiġinn mo ċuid féin agus an t-úncumas. 28 Tógaiḋ uaiḋ mar sin, an talant agus tugaiḋ é do’n t-é go ḃfuil na deiċ dtalanta aige. 29 Óir an t-é go ḃfuil aige, taḃarfar dó, agus beiḋ flúirse aige; agus an t-é ná fuil aige, togfar uaiḋ an rud a saṁluiġtear a ḃeiṫ aige. 30 Agus an seirḃíseaċ neaṁṫairḃeaċ, caiṫiḋ amaċ é sa doirċeaċt atá amuiġ; ansan iseaḋ ḃeiḋ gol agus díoscán fiacal. 31 Aċ nuair a ṫiocfaiḋ Mac an Duine ’n-a ġradam, agus a aingil go léir i n-aonḟeaċt leis, suiḋfiḋ sé gncaṫaoir a ġradaim; 32 Agus cruinneófar ’n-a láṫair i a geinte go léir; agus deiġilfiḋ sé ó n-a ċéile iad, mar ḋeiġileann an t-aoḋaire na caoire ós na gaḃair; 33 Agus cuirfiḋ sé na caoire ar a láiṁ ḋeis, agus na gaḃair an a láiṁ ċlé. 34 Ansan déarfaiḋ an Rí leis an muintir a ḃeiḋ ar a láiṁ ḋeis: Téanaiḋ, a ḋaoine beannuiġṫe le m’Aṫair, agus sealḃuiġiḋ an ríġeaċt atá ollaṁ daoiḃ ó ċruiṫniú an doṁain: 35 Mar, ḃí ocras orm, agus ṫugaḃair rud le n-iṫe ḋom; ḃí tart orm, agus ṫugaḃair le n-ól dom; ḃíos ar fán, agus ṫugaḃair ḃeiṫ istiġ dom; 36 Ḃios noċt, agus ċlúdaḃair mé; ḃíos breóite agus ṫánaḃair am’ ḟéaċaint; ḃíos sa ṗríosún agus ṫánaḃair ċúġam. 37 Ansan freagaróċaid na fíoraoin é, agus déarfaid siad: A Ṫiġearna, caṫain a ċonacamair-ne ocras ort, agus gur ṫugamair bia ḋuit? Nó tart ort, agus gur ṫugamair deoċ duit? 38 Nó caṫain a ċonacamair ar fán tu, agus gur ṫugamair ḃeiṫ istiġ duit? nó noċt, agus gur ċlúduiġeamair ṫu? 39 Nó caṫain a ċonacamair ṫu breóite, nó i bpríosún, agus gur ṫánamair ċúġat? 40 Agus déarfaiḋ an Rí ’ġá ḃfreagra: Go deiṁin adeirim liḃ, an ḟaid a ḋeineaḃair é do ḋuine de’n ċuid is suaraíġe de m’bráiṫriḃ anso, do ḋeineaḃair dóṁ-sa é. 41 Ansan déarfaiḋ sé leis an muintir a ḃeiḋ ar a láiṁ ċlé: Imṫiġiḋ uaim, a ḋream ṁallaiġṫe, isteaċ sa teine ṡióruiḋe do h-ollaṁuiġeaḋ do’n diaḃal agus d’á aingealaiḃ; 42 Mar, ḃí ocras orm, agus níor ṫugaḃair rud le n-iṫe ḋom; ḃí tart orm, agus níor ṫugaḃair deoċ dom. 43 Ḃíos ar fán, agus níor ṫugaḃair ḃeiṫ istiġ dom; ḃios noċt, agus níor ċlúdaḃair mé; ḃíos breóite, agus sa ṗríosún, agus níor ṫánaḃair am’ féaċaint. 44 Ansan déarfaid siad-san leis, ’ġá ḟreagra: A Ṫiġearna caṫain a ċonacamair-ne ṫu fé ocras ’ná fé ṫart, ná ar fán, ná noċt, ’ná breóite, ná i bpríosún, agus nár ḋéineamair furtaċt ort? 45 Ansan déarfaiḋ sé ’ġá ḃfreagra: Go deiṁin adeirim liḃ, an ḟaid nár ḋeineaḃair d’aoinne de’n ṁuintir suaraċ so é ’níor ḋeineaḃair dóṁ-sa é. 46 Agus imṫeóċaid siad san isteaċ i bpiantaiḃ síoruíḋe; agus na fíoraoin isteaċ i mbeaṫa ṡíoruiḋe. |
historic text maintained by the Bible Society.
British & Foreign Bible Society