Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Maitiú 24 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)


CAIBIDIOL XXIV. An íde a ḃí le teaċt ar an dteampul; agus na cóṁarṫaí a ḃí le teaċt roimis; agus roime lá an ḃreiṫeaṁantais. Ní foláir dúinn ḃeiṫ ag faire i gcóṁnuíġe.

1 Agus do ċuaiḋ Íosa amaċ as an dteampul, agus ḃí sé ag imṫeaċt; agus ṫáinig a ḋeisgiobuil ċuige ag taisbeáint oibreaċa an teampail dó.

2 Agus duḃairt seisean leó ’ġá ḃfreagra: An ḃfeiceann siḃ na neiṫe sin go léir? Go deiṁin adeirim liḃ, ní fágfar anso cloċ ar muin cloiċe gan raobaḋ.

3 Agus do ṡuid sé ar ċnoc Oliḃet, agus ṫáinig a ḋeisgiobuil ċuige a gan ḟios, agus duḃradar: Innis dúinn caṫain a ṫuitfid na neiṫe seo amaċ, agus cad a ḃeiḋ mar ċóṁarṫa ar do ṫeaċt-sa, agus ar ḋeire an tsaoġail.

4 Agus duḃairt Íosa leó ’ġá ḃfreagra: Seaċnaiḋ agus ná cuireaḋ aoinne amú’ siḃ.

5 Óir tiocfaid a lán am’ ainim-se agus déarfaid siad, Is mise Críost; agus meallfaid siad a lán.

6 Agus aireóċaiḋ siḃ cogaí agus ráflaí ar ċogaíḃ. Seaċnaiḋ agus ná bíoḋ buaireaṁ oraiḃ; mar ní foláir na neiṫe sin do ṫeaċt, aċ ní h-é an deire fós é.

7 Óir eireóċaiḋ cine i n-aġaiḋ cine, agus ríġeaċt i n-aġaiḋ ríġeaċta; agus beiḋ galair, agus gorta, agus luasgaḋ talṁan, ar fuid áiteana.

8 Tosaċ na dtrioblóidí, áṁṫaċ, iad san go léir.

9 Ansan cuirfid siad siḃ-se i gcruaḋtan, agus cuirfid siad ċun báis siḃ; agus beiḋ fuaṫ ag na geintiḃ go léir daoiḃ mar ġeall ar m’ainim-se.

10 Ansan glacfaiḋ a lán daoine sgannal, agus déanfaid siad feall ar a ċéile, agus beiḋ fuaṫ acu d’á ċéile.

11 Agus eireóċaid a lán fáiḋí fallsa, agus meallfaid siad a lán.

12 Agus toisg an ṁalluiġṫeaċt a ḃeiṫ iomarcaċ fuarfaiḋ an ċarṫanaċt i n-a lán.

13 Aċ an t-é a ḃeiḋ seasaṁaċ amaċ go deire, raġaiḋ sé saor.

14 Agus craoḃsgaoilfar an soisgéal so na ríġeaċta tríd an ndoṁan go léir mar ḟiaḋnaise do sna geintiḃ go léir; agus ansan tiocfaiḋ an críoċnú.

15 D’á ḃríġ sin, nuair a ċífiḋ siḃ gráin an léirsgriosa, ar ar laḃair Daniel fáiḋ, ’n-a seasaṁ sa n-áit naoṁṫa: an t-é a léiġfiḋ, tuigeaḋ:

16 Ansan an ṁuintir atá i n-Iúdéa teiṫidís ċun na gcnoc;

17 Agus an duine ar ḃuaic an tiġe, ná téiġeaḋ sé síos ċun aon rud a ḃreiṫ as a ṫiġ leis;

18 Agus an duine sa ṗáirc ná filleaḋ sé a d’iarraiḋ a ḃrait.

19 Is mairg do luċt clainne d’iompar, áṁṫaċ, agus do luċt oileaṁna, ins na laeṫiḃ sin.

20 Aċ guíḋiḋ gan ḃúr dteiṫe ḃeiṫ sa ġeiṁreaḋ ná ar an sabbóid.

21 Óir beiḋ buaireaṁ mór an uair sin, ná raiḃ a leiṫéid ó ṫosaċ an doṁain go dtí so, agus ná beiḋ.

22 Agus mura gciorruiġtí na laeṫanta san ní ḃeaḋ dul as ag feóil ar biṫ; Aċ ciorrófar na laeṫanta san ar son na ḃfíoraon.

23 An uair sin má deir aoinne liḃ: Féaċ, tá Críost anso, nó ansúd; ná creidiḋ.

24 Mar, eireóċaid Críostana fallsa agus fáiḋí fallsa, agus taḃarfaid siad cóṁarṫaí móra uaṫa agus iongnaí, i dtreó go seólfaí amú’ na fíoraoin féin (dá mb’ ḟéidir é).

25 Féaċ, ta innste agam daoiḃ roim sé.

26 D’á ḃríġ sin má deirid siad liḃ: Féaċ, tá sé sa ḃfásaċ: ná téiġiḋ amaċ; Féaċ, tá sé ins ná seómraíḃ: ná creidiḋ.

27 Óir, mar an splanc a ṫagann as an dtaoḃ toir agus a ċítear go dtí an taoḃ ṫiar, sin mar a ḃeiḋ teaċt Ṁic an Duine.

28 Pé áit ’n-a mbeiḋ an corp, is ann a ċruinneóċaid na fiolair.

29 Agus láiṫreaċ tar éis trioblóide na laeṫanta san doirċeófar an ġrian, agus ní taḃarfaiḋ an ġealaċ a solus, agus tuitfid na réalta as an spéir, agus beid cóṁaċta na ḃflaṫas d’á suaṫaḋ;

30 Agus ansan ċífar cóṁarṫa Ṁic an Duine sa spéir; agus ansan caoifid treaḃa an doṁain go léir, agus ċífid siad Mac an Duine ag teaċt i sgamallaiḃ neiṁe le mór-ċóṁaċt agus le gradam.

31 Agus cuirfiḋ sé a aingil amaċ, le trúmpa agus le guṫ árd: agus cruinneóċaid siad a ḟíoraoin ós na ċeiṫre gaoiṫiḃ, ó uaċtar na ḃflaṫas go dtí a n-íoċtar.

32 Foġlumuiġiḋ soluíd ó’n gcrann fíge. Nuair a ḃíonn a ġéag bog, agus a ḋuilleaḃar tagaiṫe amaċ, tá ḟios agaiḃ an saṁraḋ ḃeiṫ i n-aċmaireaċt.

33 Mar sin daoiḃ-se, nuair a ċífiḋ siḃ na neiṫe seo uile, bíoḋ a ḟios agaiḃ go ḃfuil sé i n-aice liḃ, ins na dóirsiḃ.

34 Go deiṁin adeirim liḃ, ní imṫeóċaiḋ an tslioċt so go dtiocfaid na neiṫe seo go léir cun cinn.

35 Raġaiḋ an spéir agus an talaṁ ar neaṁníḋ, aċ ní raġaid mo ḃréiṫre-se ar neaṁníḋ.

36 I dtaoḃ an lae sin, áṁṫaċ, agus na h-uaire sin, ní’l fios ag aoinne, dá mb’iad aingil na ḃflaṫas féin iad, aċ ag an Aṫair aṁáin.

37 Óir mar a ḃí i laeṫiḃ Nóe iseaḋ ḃeiḋ teaċt Ṁic an Duine.

38 Mar a ḃíodar ins na laeṫanta roimis an ndílinn ag iṫe agus ag ól, ag pósaḋ agus ag taḃairt le pósaḋ, díreaċ go dtí an lá ’na ndeaġaiḋ Nóe isteaċ sa n-arc,

39 Agus ní raiḃ ḟios acu go dtí go dtáinig an díle, agus gur rug sí ċun siúḃail iad go léir; sin mar a ḃeiḋ teaċt Ṁic an Duine.

40 Ansan beiḋ beirt i bpáirc: Tógfar duine agus fágfar duine.

41 Beiḋ beirt ḃan ag meilt le muileann: Tógfar bean agus fágfar bean.

42 Deiniḋ faire, d’á ḃríġ sin; mar ní fios daoiḃ cad é an uair a ṫiocfaiḋ ḃúr dTiġearna.

43 Aċ bíoḋ ḟios an méid seo agaiḃ, dá mbeaḋ ḟios ag fear an tiġe cad é an uair a ḃeaḋ an biṫeaṁnaċ le teaċt, go deiṁin do ḋéanfaḋ sé faire, agus ní leigfeaḋ sé a ṫiġ do ḃriseaḋ isteaċ.

44 D’á ḃríġ sin, bíḋiḋ-se, leis, ollaṁ, mar an uair náċ eól daoiḃ iseaḋ atá Mac an Duine le teaċt.

45 Cé h-é, is dóiġ leat, an seirḃíseaċ dílis, ciallṁar, a ċuir a ṫiġearna os cionn a ṁuintire, ċun bíḋ a ṫaḃairt dóiḃ do réir aimsire?

46 Is aoiḃinn do’n tseirḃíseaċ san, nuair a ṫiocfaiḋ a ṫiġearna, má ġeiḃeann sé é ag déanaṁ na h-oibre sin.

47 Go deiṁin adeirim liḃ, cuirfiḋ sé os cionn a ċoda go léir é.

48 Aċ má deir an droċ-ṡeirḃíseaċ san ’n-a ċroiḋe féin: Tá mo ṫiġearna ag déanaṁ ríġnis de teaċt;

49 Agus má ḋírí-ġeann sé ar a ċóṁ-ṡeirḃíseaċa do ḃualaḋ, agus ar ḃeiṫ ag iṫe agus ag ól i ḃfoċair luċt meisge;

50 Tiocfaiḋ tiġearna an tseirḃísiġ sin an lá náċ dóiġ leis, agus an uair naċ eól dó;

51 Agus deiġilfiḋ sé é, agus ceapfaiḋ sé a ċuid ameasg luċt fill: beiḋ sa n-áit sin gol agus díoscán fiacal.

historic text maintained by the Bible Society.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan