Maitiú 23 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)CAIBIDIOL XXIII. Do ċóṁairliġ Críost deaġ-ṫeagasg na Sgríḃneóirí agus na ḃFarisíneaċ do ġlacaḋ agus a ndroċ-ṡampla do ṡeaċnaḋ, fógrann sé ar a Ḋeisgiobulaiḃ gan aiṫris do ḋéanaṁ ar a n-uaillṁian. A lán mairgí aige d’á ḃagairt orṫa mar ġeall ar an gceilg a ḃí ionta agus mar ġeall ar a ndaille. 1 Ansan do laḃair Íosa leis an bpobul agus le n-a ḋeisgiobuil, 2 Agus duḃairt sé: Táid na Sgríḃneóirí agus na Fairisíniġ suiḋte i gcaṫaoir Ṁaoise. 3 D’á ḃríġ sin pé rud a déarfaid siad liḃ a ċoimeád, coimeádaiḋ é agus deiniḋ é; aċ na deiniḋ do réir a n-oibreaċa; óir deirid siad, agus ní ḋeinid siad. 4 Óir ceangalaid siad ualaí troma do-iompuir, agus cuirid siad ar ġuailniḃ na ndaoine iad; aċ ní h-áil leó féin oiread agus méar a ċur ’ġá gcoruiġe. 5 Deinid siad gaċ obair leó, áṁṫaċ, ionus go ḃfeicfeaḋ na daoine iad; leaṫnuiġid siad a ḃfulactéirí agus méaduiġid siad faḃraí a mbrat. 6 Is maiṫ leó ceann cláir ag suiḋe ċun bíḋ dóiḃ, agus na suiḋċáin uaċtaraċa ins na sinagógaiḃ. 7 Agus fáiltiú ḋóiḃ i n-áit an ṁargaiḋ, agus go dtaḃarfaḋ na daoine Rabbí orṫa. 8 Aċ ná tugtar Rabbí oraiḃ-se: óir is aoinne aṁáin atá ’n-a Ṁáiġistir oraiḃ, agus is bráiṫre siḃ go léir. 9 Agus ná tugaiḋ ḃúr n-aṫair ar aoinne ar an dtalaṁ so: óir is aoinne aṁáin is Aṫair agaiḃ, an t-é atá ins na flaṫais. 10 Agus ná tugtar máiġistirí oraiḃ: óir is aoinne aṁáin is Máiġistir agaiḃ, .i. Críosd. 11 An t-é is fearr oraiḃ, beiḋ sé ’n-a ṡeirḃíseaċ agaiḃ. 12 Óir an t-é a ḋ’árdóċaiḋ é féin, ísleófar é; agus an t-é a ḋ’ísleóċaiḋ é féin, árdófar é. 13 Aċ is mairg daoiḃ-se, a Sgríḃneóirí agus a Ḟairisíneaċa, a ċluanaiḋṫe: óir do ḋúnaḃair ríġeaċt na ḃflaṫas i n-aġaiḋ na ndaoine; mar, ní ṫéiġeann siḃ isteaċ, ná ní leigeann siḃ isteaċ na daoine atá ag dul isteaċ. 14 Is mairg daoiḃ a Sgríḃneóirí agus a Ḟairisíneaċa, a ċluanaiḋṫe: óir iṫeann siḃ tiġṫe na mbaintreaċ, ag déanaṁ úrnuiġṫe fada; mar ġeall air sin is truime-de an ḃreiṫ a taḃarfar oraiḃ. 15 Is mairg daoiḃ-se, a Sgríḃneóirí agus a Ḟairisíneaċa, a ċluanaiḋṫe: óir siuḃlann siḃ muir agus tir ċun aoinne aṁáin a ṫaḃairt ċun ḃúr gcreidiṁ; agus nuair a ṫugann siḃ liḃ é déineann siḃ mac-ḟrinn de níosa ḋá ṁeasa ’ná siḃ féin. 16 Is mairg daoiḃ-se, a ġiollaí dalla adeir: Pé duine a ḋearḃóċaiḋ dar an teampal, is neaṁniḋ é; aċ an t-é ḋearḃóċaiḋ dar ór an teampail tá an ceangal air. 17 A ḋaoine dalla gan ċiall: cé’cu is mó le ráḋ, an t-ór, nó an teampal a ḃeannuiġeann an t-ór? 18 Agus: Pé duine ḋearḃóċaiḋ dar an altóir, is neaṁníḋ é; aċ pé duine a ḋearḃóċaiḋ dar an dtaḃarṫas atá ar an altóir, tá an ceangal air. 19 A ḋaoine dalla: Cé’cu is mó, an taḃarṫas nó an altóir a ċuireann an ḃeannuiġṫeaċt ar an dtaḃarṫas? 20 D’á ḃríġ sin, an t-é dearḃuiġeann dar an altóir, dearḃuiġeann sé dar an altóir agus gaċ a ḃfuil uirṫi. 21 Agus an t-é a ḋearḃuiġeann dar an teampal, dearḃuiġeann sé dar an teampal agus dar an t-é atá ’n-a ċóṁnuiḋe ann. 22 Agus an t-é ḋearḃuiġeann dar neaṁ, dearḃuiġeann sé dar caṫaoir ríoga Dé, agus dar an t-é atá ’n-a ṡuiḋe inti. 23 Is mairg daoiḃ-se, a Sgríḃneóirí agus a Ḟairisíneaċa, a ċluanaiḋṫe: óir tugann siḃ deaċṁaḋ as an miontais agus as an ainise agus as an gcuimin, agus d’ḟágaḃair gan cóṁlíonaḋ na neiṫe is truime sa dlíġ, breiṫeaṁantas, agus trócaire, agus creideaṁ; ḃí sé ceart agaiḃ iad-san do ḋéanaṁ agus gan iad-súd do leigint ar lár. 24 A ġiollaí dalla, sgagann siḃ amaċ an ċuil agus sloigeann siḃ an camal. 25 Is mairg daoiḃ-se, a Sgríḃneóirí agus a Ḟairisíneaċa, a ċluanaiḋṫe: óir glanann siḃ an taoḃ amuiġ de’n ċupán agus de’n ṁéis; aċ táṫaoí lán, laistiġ, de ḃraduíol agus de ṡailiġṫeaċt. 26 A Ḟairisíniġ ḋaill, glan ar dtúis an taoḃ istiġ de’n ċupán agus de’n ṁéis, ionus go mbeaḋ an taoḃ amuiġ glan. 27 Is mairg daoiḃ, a Sgriḃneóirí agus a Ḟairisíneaċa, a ċluanaiḋṫe: óir is cuma siḃ nó uaġna aolta, a ḟéaċann go h-áluinn lasmuiġ, sé ṡúiliḃ daoine, aċ laistiġ táid siad lán de ċnáṁaiḃ daoine marḃa, agus de’n uile ṡaġas bréantais. 28 Ar an gcuma gcéadna féaċann siḃ-se fíoraonta ar an dtaoḃ amuiġ, fé ṡúiliḃ daoine; aċ laistiġ táṫaoí lán de’n ḟeall agus de’n ṁalluiġṫeaċt. 29 Is mairg daoiḃ, a Sgríḃneóiri agus a Ḟairisíneaċa an ḟill: a ḋeineann tuamaí do ċur suas do sna fáiḋiḃ; agus a ċuireann na h-órnáidí ar uaġnaiḃ na ḃfíoraon, Agus deireann siḃ: 30 Dá mbeimís-ne beó le linn ár sínsear ní ḃeimís páirteaċ leó i ḃfuil na ḃfáiḋ. 31 D’á ḃríġ sin is fínniṫe siḃ oraiḃ féin gur siḃ slioċt na ndaoine a ṁairḃ na fáiḋe. 32 Líonaiḋ-se suas, mar sin, tóṁas ḃúr sínsear. 33 A aiṫreaċa niṁe, a ṡlioċt na n-aiṫreaċ niṁe, cad é an dul atá agaiḃ-se ó ḃreiṫ ifrinn? 34 D’á ḃríġ sin, féaċ, cuirim-se ċúġaiḃ fáiḋe, agus luċt eagna, agus luċt sgríḃinne; agus marḃóċaiḋ siḃ cuid acu, agus céasfaiḋ siḃ ar ċrosaiḃ cuid acu agus sgiúrsálfaiḋ siḃ cuid acu i nḃúr sinagógaiḃ, agus ruaigfiḋ siḃ iad ó caṫair go caṫair. 35 Ionus go dtiocfaḋ oraiḃ gaċ fuil ḟíoraonta d’ár doirteaḋ ar an dtalaṁ, ó ḟuil an ḟíoraoin Abel go fuil Ṡacariais mic Ḃaraċiais a ṁarḃaḃair idir an teampal agus an altóir. 36 Go deiṁin adeirim liḃ, tiocfaiḋ na neiṫe sin go léir ar an slioċt so. 37 A Ierúsalem, a Ierúsalem, a ṁarḃuiġeann na fáiḋe, agus a ġaḃann do ċloċaiḃ ins na daoine a curtar ċúġat, cad é a ṁiniceaċt dob’ áil liom do ċlann a ḃailiú ċuġam mar a ḃailiġeann an ċearc a h-ál fé n-a sgiaṫánaiḃ, agus níor ḃ’áil leat! 38 Féaċ, fágfar ḃúr dtiġ i n’uaigneas agaiḃ. 39 Óir adeirim liḃ, ní ḟeicfiḋ siḃ mise feasda go n-abraiḋ siḃ: Molaḋ leis an t-é atá ag teaċt i n-ainim an Tiġearna. |
historic text maintained by the Bible Society.
British & Foreign Bible Society