Maitiú 22 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)CAIBIDIOL XXII. Parabal na bainise. D’órduiġ Críost cáin do ḋíol le Caesar. Do ċlaoiḋ sé na Sadducíniġ. Do ṫaisbeáin se cad í an ċéad aiṫne sa dlíġ. Do ċuir sé measgán mearaíḋe ar na Fairisíneaċaiḃ. 1 Agus d’ḟreagair Íosa agus do laḃair sé airís i soluídiḃ, agus duḃairt sé: 2 Is cosṁail ríġeaċt neiṁe le fear a ḃí ’n-a rí, agus do ḋein bainis d’á ṁac. 3 Agus ċuir sé a ṡeirḃísiġ ag glaoḋaċ ar na daoine a fuair cuireaḋ ċun na bainise; agus níor ḃ’áil leó teaċt. 4 Agus ċuir sé seirḃísiġ eile uaiḋ airís. Abraiḋ, ar seisean, leis an muintir a fuair cuireaḋ, Féaċ, tá an féasda ollaṁ agam; táid mo ṁairt marḃ agus m’ealta raṁara, agus gaċ níḋ ollaṁ: Tagaiḋ ċun na bainise. 5 Aċ ḋeineadar-san neaṁṡuím de, agus d’imṫíġeadar, duine acu ċun a ḟeirime, agus duine acu ċun a ċeannaiḋeaċta. 6 Agus do rug an ċuid eile acu ar a ṡeirḃísiġ, agus ṫugadar tarcuisne ḋóiḃ, agus ṁarḃuiġeadar iad. 7 Nuair airiġ an rí an níḋ sin ṫáinig fearg air, agus ċuir sé a ṡluaiġte armṫa uaiḋ, agus d’ídiġ sé na marḃṫóirí sin, agus do loisg sé a gcaṫair. 8 Ansan duḃairt sé le n-a ṡeirḃíseaċaiḃ: Tá an ḃainḟeis ollaṁ; aċ an ṁuintir a fuair cuireaḋ, níor ḃfiú iad é. 9 Imṫiġiḋ amaċ, d’á ḃríġ sin, ar na bóiṫriḃ agus pé daoine a ġeoḃaiḋ siḃ, glaoiḋiḋ isteaċ orṫa ċun na bainise. 10 Agus d’imṫiġ na seirḃísiġ amaċ ar na bóiṫriḃ, agus ḃailiġeadar isteaċ gaċ a ḃfuaradar de daoine, idir olc agus maiṫ, agus ḃí an ḃainis lán de ḋaoine ’n-a suiḋe ċun bíḋ. 11 Ansan do ṫáinig an rí isteaċ go ḃfeicfeaḋ sé an ċuideaċta, agus ċonaic sé ann duine ná raiḃ culaiṫ na bainise uime. 12 Agus duḃairt sé leis: A ċara, conus a ṫánaís-se anso isteaċ gan culaiṫ na bainise umat? Aċ níor laḃair seisean focal. 13 Ansan duḃairt an rí leis an luċt frioṫálṁa, Deiniḋ a láṁa agus a ċosa do ċeangal, agus caiṫiḋ amaċ é sa doirċeaċt atá amuiġ, áit ’n-a mbeiḋ gol agus díoscán fiacal. 14 Óir tá glaoiḋte ar ṁórán, agus ní’l toġṫa aċ beagán. 15 Ansan d’imṫiġ na Fairisíniġ, agus ċuadar i gcóṁairle go ndéanfaidís búntáiste ḃreiṫ air ’n-a ċaint. 16 Agus ċuireadar ċuige deisgiobuil leó féin i n-aonḟeaċt le muintir Héróid, ċun a ráḋ leis: A Ṁáiġistir, is eól dúinn gur duine fírinneaċ tu, agus go múineann tú slíġ Dé sa ḃfírinne, agus ná fuil beann agat ar aoinne; óir ní ḟéaċann tú ċun pearsan aon duine. 17 Innis dúinn, d’á ḃríġ sin, cad is dóiġ leat? An ceart cáin do ḋíol le Caesar nó gan a ḋíol? 18 Aċ ḃí fios a ndroċ-aigne ag Íosa agus duḃairt sé: A ċluan-uiḋṫe, cad ċuige ḋaoiḃ ḃeiṫ a’m braṫ? 19 Taisbeánaiḋ dom píosa d’airgead na cána. Agus ṫugadar dó pingin. 20 Agus duḃairt Íosa leó: Cé leis an íoṁáiġ seo agus an sgríḃinn seo? 21 Le Caesar, ar siad. Ansan duḃairt seisean leo: D’á ḃríġ sin tugaiḋ do Ċaesar na neiṫe is le Caesar; agus tugaiḋ do Ḋia na neiṫe is le Dia. 22 Nuair airiġeadar an méid sin ṫáinig iongnaḋ orṫa, agus d’ḟágadar ansan é, agus d’imṫiġeadar. 23 An lá san ṫáinig na Sadducíniġ ċuige, daoine adeir ná fuil aiseiriġe ann, agus ċeistiġeadar é, agus duḃradar. 24 A Ṁáiġistir, duḃairt Maois, Má ġeiḃeann duine bás gan slioċt, pósaḋ a ḋriṫáir a ḃean, ionus go dtógfaḋ sé slioċt d’á ḋriṫáir. 25 Ḃí i n-ár measg-ne mórṡeisear driṫár, agus do ṗós an ċéad duine acu bean, agus fuair sé bás, agus toisg gan slioċt a ḃeiṫ air, d’ḟág sé a ḃean agá ḋriṫáir; 26 Mar an gcéadna an tarna duine acu, agus an tríṁaḋ duine, gur ráinig an seaċtṁaḋ duine. 27 I n-a ndiaiḋ go léir fuair an ḃean bás. 28 Sa n-aireiriġe, áṁṫaċ, cé’cu de’n ṁórṡeisear gur leis í? mar, ḃí sí acu go léir. 29 D’ḟreagair Íosa, agus duḃairt sé leó: Táṫaoi ag dul amú’ toisg gan eólus a ḃeiṫ agaiḃ ar an Scriptiúir ná ar ċóṁaċtaiḃ Dé. 30 Óir sa n-aireiriġe ní pósfar ná ní taḃarfar le pósaḋ, aċ beid siad cosṁail le h-aingealaiḃ Dé ar neaṁ. 31 Aċ, i dtaoḃ aiseiriġe na marḃ, nár léiġeaḃair an rud aduḃairt Dia, mar a ndeir sé liḃ: 32 Is mise Dia Ábrahaim, agus Dia Ísaaic agus Dia Iácóib? Ní Dia do ḋaoiniḃ marḃa Dia, aċ do ḋaoiniḃ beó. 33 Agus nuair a ḋ’airiġ na daoine é ḃíodar ag déanaṁ iongna d’á ṫeagasg. 34 Nuair airiġ na Fairisíniġ nár ḟág sé focal le ráḋ ag na Sadducíniġ, ṫánadar i ḃfoċair a ċéile; 35 Agus ċeistiġ duine acu é, ollaṁ sa dlíġ, ag baint trialaċ as, agus duḃairt: 36 A Ṁaiġistir, cad í an aiṫne ṁór sa dlíġ? 37 Duḃairt Íosa leis: Gráḋfaiḋ tú do Ṫiġearna Dia ó d’ċroiḋe go h-iomlán, agus ó d’anam go h-iomlán, agus ó d’aigne go h-iomlán. 38 Siní an aiṫne is mó, agus isí an ċéad aiṫne í. 39 Agus tá an tarna h-aiṫne cosṁail léi: Gráḋfaiḋ tú do ċóṁarsa mar ṫu féin. 40 Tá an dlíġ go léir agus na fáiḋe ag seasaṁ ar an dá aiṫne sin. 41 Ḃí na Fairisíniġ cruinniġṫe i ḃfoċair a ċéile, agus do ċeisdiġ Íosa iad, 42 Agus duḃairt sé: Cad a ṫuigeann siḃ-se i dtaoḃ Ċríost? Cé ’ro mac é? Agus duḃradar leis: Mac Dáiḃid. 43 Duḃairt sé leó: Ma ’seaḋ, cad uime go dtugann Dáiḃid, sa spioraid, a Ṫiġearna air, mar a ndeir sé: 44 Duḃairt an Tiġearna le m’ Ṫiġearna, Suiḋ ar mo ḋeis, go gcuiread do naṁaid mar fuairmín fé d’ċosaiḃ? 45 D’á ḃríġ sin, má ṫugann Dáiḃid a Ṫigearna air, conus atá sé ’n-a ṁac aige? 46 Agus ní raiḃ oiread agus focal ag aoinne le ráḋ ’ġá ḟreagra; agus ó’n lá san amaċ níor leóṁaiḋ aoinne é ċeisdiú a ṫuille. |
historic text maintained by the Bible Society.
British & Foreign Bible Society