Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Maitiú 21 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)


CAIBIDIOL XXI. Críost ag dul isteaċ i gcaṫair Ierúsalem ar muin an asail. An luċt ceannaíḋeaċta agus díoluíġeaċta dá ndíbirt amaċ as an dteampal aige. An ṁallaċt aige dá ċur ar an gcrann fíge. Cuireann sé féaċaint ar na sagairt agus ar na Sgríḃneóiriḃ éisteaċt.

1 Agus nuair a ḃíodar ag teaċt i ngar d’Ierúsalem, agus ḃíodar tagaiṫe go Betṗagé i n-aice ċnuic Oliḃet, ansan do ċuir Íosa uaiḋ beirt deisgiobul,

2 Agus duḃairt sé leó: Téiġiḋ isteaċ sa ḃaile sin os ḃúr gcóṁair, agus ġeoḃaiḋ siḃ ann gan ṁoill láir asail agus í ceangailte, agus searraċ ’n-a teannta; sgaoiliḋ í agus tugaiḋ ċuġam iad.

3 Agus má deir aoinne aon rud liḃ abraiḋ: Tá gnó ag an dTiġearna díoḃ so; agus sgaoilfiḋ sé liḃ iad láiṫreaċ.

4 Agus do deineaḋ an méid sin go léir, ionas go gcóṁlíonfaí caint an ḟáiḋ mar a ndeir sé:

5 Abraiḋ le h-inġín Ṡióin: Féaċ do Rí ag teaċt go ceannsa ċúġat ’n-a ṡuiḋe ar láir asail, agus ar ṡearraċ, mac an asail ċneasda.

6 Agus d’imṫiġ na deisgiobuil, agus ḋeineadar mar a ḋ’órduiġ Íosa dóiḃ.

7 Agus ṫugadar leó an láir asail agus an searraċ; agus ċuireadar a mbrait féin anuas orṫa, agus ċuireadar eisean ’n-a ṡuiḋe orṫa.

8 Agus do leaṫ mórán de’n tsluaġ a mbrait ar an slíġ; agus ḃain tuille acu géaga des na crainn agus do leaṫadar iad ar an slíġ;

9 Agus an tsluaġ a ḃí lasmuiġ agus lastiar ḃíodar ag liúiriġ, agus deiridís: Hósanna do Ṁac Dáiḃid; Molaḋ do’n t-é atá ag teaċt i n-ainim an Tiġearna; Hósanna go lán árd.

10 Agus nuair a ċuaiḋ sé isteaċ i n-Ierúsalem ḃí an ċaṫair go léir ar suaṫaḋ, ’ġá ráḋ: Cé h-é seo?

11 Agus deireaḋ na daoine: Sidé Íosa an fáiḋ ó Nasaret Ġaililí.

12 Agus ċuaiḋ Íosa isteaċ i dteampul Dé agus ċomáin sé amaċ as gaċ a raiḃ de ḋaoine ann ag díol agus ag ceannaċ, agus do leag sé búird luċt airgid do ṡóinseáil agus caṫaoireaċa luċt colúr a ḋíol.

13 Agus duḃairt sé leó: Tá sgríoḃṫa, Tiġ ċun úrnuiġṫe a taḃarfar ar mo ṫiġ: aċ tá pluais biṫeaṁnaċ déanta agaiḃ-se ḋe.

14 Agus ṫáinig na daill agus na bacaiġ ċuige sa teampul, agus do leiġis sé iad.

15 Agus nuair a ċonaic uaċtaráin na sagart, agus na Sgríḃneóirí, na h-iongnaí a ḋein sé, agus an t-aos óg sa teampul ag liúiriġ, Hósanna do Ṁac Dáiḃid; ṫáinig fearg orṫa.

16 Agus duḃradar leis: An airiġeann tú cad ’deir siad san? Agus duḃairt Íosa leó: Airiġim; an aṁlaiḋ nár léiġeaḃair riaṁ: A’ béal leanḃ agus naoiḋean ar cíoċaiḃ do ḃeaċtuiġis molaḋ?

17 Agus d’ḟág sé iad, agus d’imṫiġ sé amaċ lasmuiġ de’n ċaṫair go Betánia; agus d’ḟan sé ansan.

18 Agus ar maidin, agus é ag teaċt ċun na caṫaraċ, bí ocras air;

19 Agus ċonaic sé crann fíge i n-aice an ḃóṫair, agus ṫáinig sé ċuige, agus ní ḃfuair sé aon níḋ air aċ duilleaḃar, agus duḃairt sé leis: Nár ḟásaiḋ toraḋ ar so amaċ go bráṫ ort-sa. Agus d’ḟeóċ an crann fíge láiṫreaċ.

20 Agus ċonaic na deisgiobuil san, agus ḃí iongnaḋ orṫa, agus deiridís: Conus a d’ḟeóċ sé ċóṁ tapaiḋ?

21 Agus d’ḟreagair Íosa agus duḃairt sé leó: Go deiṁin adeirim liḃ, má ḃíonn creideaṁ agaiḃ, agus ná staonfaiḋ siḃ, déanfaiḋ siḃ, ní h-aṁáin an níḋ seo an ċrainn fíge, aċ má deireann siḃ leis an gcnoc so, Tóg agus caiṫ ṫu féin isteaċ sa ḃfaraige, déanfar é.

22 Agus gaċ níḋ ar biṫ a ḋ’iarrfaiḋ siḃ i n-úrnuiġṫe, má ḃíonn creideaṁ agaiḃ, ġeoḃaiḋ siḃ é.

23 Agus nuair a ṫáinig sé isteaċ sa teampul, agus ḃí sé ag teagasg, ṫáinig ċuige uaċtaráin na sagart agus seanóirí na ndaoine, agus duḃradar: Cad é an t-úġdarás atá agat-sa ċun na neiṫe seo a ḋéanaṁ? agus cé ṫug duit an t-úġdarás?

24 D’ḟreagair Íosa agus duḃairt sé leó: Cuirfad-sa, leis, aon ċeist aṁáin ċuġaiḃ-se, agus má réiḋtiġeann siḃ dom í, neósfad-sa ḋaoiḃ-se, leis, cad é an t-úġdarás atá agam ċun na neiṫe seo ḋéanaṁ.

25 Cá dtáinig an baiste a ḋein Eóin? an ó neaṁ a ṫáinig sé, nó an ó ḋaoiniḃ? Agus ḋeineadar-san maċtnaṁ eatarṫa féin, agus duḃradar:

26 Má abraimíd gur ó neaṁ é, déarfaiḋ sé, Má ’seaḋ, cad ’n-a ṫaoḃ nár ċreideaḃair é? Aċ má abraimíd gur ó ḋaoiniḃ, is baoġal dúinn na daoine; mar fáiḋ ab eaḋ Eóin acu.

27 Agus d’ḟreagradar Íosa agus duḃradar, Ní ḟeadramair. Agus duḃairt seisean leó: Ní lúġa ’ná mar a neósfad-sa ḋaoiḃ-se cad é an t-úġdarás atá agam ċun na neiṫe seo ḋéanaṁ.

28 Aċ cad é ḃúr dtuairim? Ḃí beirt ṁac ag fear áiriṫe, agus ṫáinig sé ċun an ċéad ṁic, agus duḃairt sé leis: A ṁic, imṫiġ indiu agus dein obair am’ ḟíonġort.

29 Agus d’ḟreagair seisean agus duḃairt: Ní h-áil liom. I n-a ḋiaiḋ san áṁ, ṫáinig aiṫreaċas air, agus do ċuaiḋ sé.

30 Ansan ṫáinig sé ċun an ṁic eile, agus duḃairt sé an rud céadna. Agus d’ḟreagair seisean agus duḃairt: Raġad; agus níor ċuaiḋ. Cia ’cu de’n ḃeirt a ḋein toil a aṫar?

31 Duḃradar-san: An ċéad ḟear. Duḃairt Íosa leó: Go deiṁin adeirim-se liḃ-se, raġaid na puibliocánaiġ agus na striapaċa isteaċ i ḃflaṫas Dé róṁaiḃ-se.

32 Óir ṫaínig Eóin ċuġaiḃ i slíġ na fíoraontaċta, agus níor ċreideaḃair é; aċ do ċreid na puibliocánaiġ agus na striapaċa é; aċ do ċonacaḃair-se, agus níor ḋeineaḃair aiṫriġe ’n-a ḋiaiḋ san ionus go gcreidfeaḋ siḃ é.

33 Éistiḋ le soluíd eile. Ḃí fear tiġe ann agus ċuir sé fíonġort, agus ċuir fé fál tímpal air, agus ḋéin sé fásgadóir ann, agus ċuir sé suas túr ann, agus ċuir sé ċun luċt saoṫruiġṫe é, agus d’imṫiġ sé go dúṫaiġ iasaċta.

34 Agus nuair a ḃí aimsir na dtorṫaí ag teaċt, ċuir sé a ṡeirḃísiġ ag triall ar an luċt saoṫruiġṫe go nglacfaidís an toraḋ ḋó.

35 Ac do rug an luċt saoṫruiġṫe ar na seirḃísiġ, agus ġaḃadar ar ḋuine acu, agus ṁarḃuiġeadar duine acu, agus ġaḃadar do ċloċaiḃ i nduine acu.

36 Ansan do ċuir sé seirḃísiġ eile ag triall orṫa airís, níba ṁó ’ná an ċéad ċuid agus ṫugadar an cor céadna orṫa.

37 Fé ḋeire, áṁṫaċ, do ċuir sé a ṁac féin ag triall orṫa, agus duḃairt sé: Beiḋ uraim acu do m’ ṁac.

38 Nuair a ċonaic an luċt saoṫruiġṫe an mac, duḃradar eatarṫa féin: Sidé an t-oiġre; téanam agus marḃuiġmís é, agus beiḋ an oiġreaċt againn.

39 Agus do rugadar air, agus ċuireadar amaċ as an ḃfíonġort é, agus ṁarḃuiġeadar é.

40 D’á ḃríġ sin, nuair a ṫiocfaiḋ tiġearna an ḟíonġuirt, cad a ḋéanfaiḋ sé leis an luċt saoṫruiġṫe sin?

41 Deirid siad leis: Taḃarfaiḋ sé droċ-íde ar na cuirpṫeaċaiḃ sin, agus cuirfiḋ sé a ḟíonġort ċun luċt saoṫruiġṫe eile, a ṫaḃarfaiḋ toraḋ ḋó i n-aimsir na dtorṫaí.

42 Duḃairt Íosa leó: Nár léiġeaḃair riaṁ sa sgríḃinn: An ċloċ d’ár ḋiúltuiġ na saoir, isí atá ’n-a cloiċ cinn ċúinne: Isé an Tiġearna do ḋein é sin, agus is iongantaċ é i n-ár súiliḃ-ne.

43 D’á ḃríġ sin adeirim liḃ go dtógfar uaiḃ-se ríġeaċt Dé, agus go dtaḃarfar í do ċine a ṫaḃarfaiḋ toraḋ uaṫa uirṫi.

44 Agus an t-é a ṫuitfiḋ ar an gcloiċ sin, brisfar é; aċ an t-é go dtuitfiḋ sí air, meilfiḋ sí é.

45 Agus nuair airiġ uaċtaráin na sagart agus na Fairisíniġ na soluídí uaiḋ, ṫuigeadar gur ḃ’ orṫa féin a ḃí sé ag caint.

46 Agus ba ṁian leó é ġaḃáil, aċ ḃí eagla acu roimis na daoine, mar fáiḋ ab eaḋ é acu.

historic text maintained by the Bible Society.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan