Maitiú 20 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)CAIBIDIOL XX. Parabal an luċt oibre sa ḃfíonġort. Árd-aiḋm ċlainne Sebedé. A raḋarc á ṫaḃairt ag Críost do ḃeirt dall. 1 Is cosṁail ríġeaċt na ḃflaṫas le fear tiġe a ċuaiḋ amaċ go moċ ar maidin ag réiḋteaċ le luċt oibre d’á ḟíonġort. 2 Agus do réiḋtiġ sé leis an luċt oibre ar ṗingin sa ló, agus ċuir sé ag obair iad sa ḃfíonġort. 3 Agus ċuaiḋ sé amaċ airís tímpal an tríṁaḋ h-uair, agus fuair sé tuille ’n-a seasaṁ díoṁaoin ag áit an ṁargaiḋ; 4 Agus duḃairt sé leó: Téiġiḋ-se, leis, isteaċ am’ ḟíonġort-sa, agus taḃarfad daoiḃ fé mar a ḃeiḋ ceart. 5 Agus d’imṫiġeadar san. Agus ċuaiḋ sé amaċ airís ar an séṁaḋ h-uair, agus ar an naoṁaḋ h-uair, agus ḋein sé mar an gcéadna. 6 Aċ do ċuaiḋ sé amaċ tímpal an t-aon uair ḋéag, agus fuair sé tuille ’n-a seasaṁ, agus duḃairt sé leó: Cad ċuige ḋaoiḃ ḃeiṫ anso i nḃúr seasaṁ díoṁaoin an lá go léir? 7 Duḃradar leis: Mar níor réiḋtiġ aoinne linn. Duḃairt sé leó: Téiġiḋ-se, leis, isteaċ am’ ḟíonġort-sa. 8 Nuair a ḃí an tráṫnóna ann, duḃairt tiġearna an ḟiónġuirt le n-a stíḃard: Glaoiḋ ar an luċt oibre, agus taḃair a dtuarasdal dóiḃ, agus turnuiġ leis an muintir is déanaiġe a ṫáinig, go dtí an ṁuintir is luaṫa a ṫáinig. 9 Ṫáinig an ṁuintir a ṫusnuiġ an obair ar uair a h-aondéag, agus do tugaḋ pingin an duine dóiḃ. 10 Ansan do ṫáinig an ċéad ṁuíntir agus ṁeasadar go ḃfaġdís breis; aċ do fuaradar san, leis, pingin an duine. 11 Nuair a fuaradar é ċromadar ar ċeisneaṁ i n-aġaiḋ an ḟir ṫiġe, 12 Agus duḃradar: Níos ḋeineadar so a ṫáinig go déanaċ aċ uair oibre, agus ċuiris ar aon dul leó san sinne a ḋ’ḟuiling cruaḋtan agus broṫall an lae. 13 Do laḃair seisean le duine acu, agus duḃairt; a ḋuine ṁuintearṫa, ní’l aon éagcóir agam ’á ḋéanaṁ ort. Náċ ar ṗingin a réiḋtiġis liom? 14 Seo, tóg leat do ċuid agus imṫiġ; aċ is toil liom oiread a ṫaḃairt do’n ḟear so is déanaiġe a ṫáinig agus atá agam ’á ṫaḃairt duit-se. 15 An aṁlaiḋ náċ dleaġṫaċ dom an níḋ is toil liom a ḋéanaṁ? An droċ-ṡúil atá agat, óir is duine fóġanta mise? 16 Sin mar a ḃeiḋ an ṁuintir ḋéanaċ ar tosaċ, agus an ṁuintir ṫosaiġ ar deire. Óir tá glaoiḋte ar ṁórán agus níl toġṫa aċ beagán. 17 Ḃí Íosa ag dul suas go Ierúsalem, agus ar an slíġ ḋó ṫóg sé i leiṫ taoiḃ an dáréag deisgiobul, agus duḃairt sé leó: 18 Féaċ, táimíd ag dul suas go Ierúsalem, agus taḃarfar Mac an Duine suas d’uaċtaránaiḃ na sagart agus dos na Sgríḃneóiríḃ, agus daorfaid siad ċun báis é. 19 Agus taḃarfaid siad dos na geintiḃ é le tarcaisniú, agus le sgiúrsáil, agus le céasaḋ ar ċrois; agus eireóċaiḋ sé airís an tríṁaḋ lá. 20 Ansan ṫáinig ċuige máṫair clainne Sebedé i n-aonḟeaċt le n-a macaiḃ, agus do ṡléaċt sí ḋó, ag lorg ruda éigin air. 21 Agus duḃairt sé léi: Cad ’tá uait? Duḃairt sí leis: Abair go suiḋfid an ḃeirt ṁac so liom-sa, duine acu ar do ḋeis, agus duine acu ar do ċlí ad’ ríġeaċt. 22 Aċ d’ḟreagair Íosa, agus duḃairt: Ní h-eól daoiḃ cad ’tá agaiḃ ’á iarraiḋ. An ḃfuil siḃ ábalta ar an gcailís a ḋ’ólfad-sa d’ól? Deirid siad leis, Táimíd. 23 Duḃairt sé leó: Is fíor go n-ólfaiḋ siḃ mo ċailís; aċ suiḋe ar mo ḋeis nó ar mo ċlí, ní h-agam-sa atá san a ṫaḃairt daoiḃ-se aċ do’n ṁuintir go ḃfuil sé ceapaiṫe ag m’Aṫair dóiḃ. 24 Agus nuair airiġ an deiċniuḃar é, ḃí fearg acu ċun na beirte driṫár. 25 Agus do ġlaoiḋ Íosa ċuige iad agus duḃairt: Is eól daoiḃ conus mar a ḋeinid tiġearnaí na ngeinte iad do smaċtú, agus go ndeinid a ndaoine móra a gcóṁaċt do ċur i ḃfeiḋm orṫa. 26 Ní mar sin a ḃeiḋ eadraiḃ-se; aċ an t-é gur maiṫ leis ḃeiṫ mór eadraiḃ, bíoḋ sé ’n-a ḟear ḟrioṫáilte agaiḃ; 27 Agus an t-é gur maiṫ leis ḃeiṫ i n’ḟear ṫosaiġ eadraiḃ, bíoḋ sé ’n-a ṡeirḃíseaċ agaiḃ. 28 Fé mar nár ṫáinig Mac an Duine ċun seirḃíse ḋ’ḟáġail, aċ ċun seirḃíse ṫaḃairt uaiḋ, agus ċun a anama ṫaḃairt uaiḋ mar ċeannaċ ar a lán. 29 Agus nuair a ḃíodar ag dul amaċ a’ Ieriċó do lean sluaġ ṁór éisean. 30 Agus féaċ, ḃí beirt dall ’n-a suiḋe i n-aice an ḃóṫair, agus d’airiġeadar gur ḃ’é Íosa a ḃí ag gaḃáil ann, agus do liúġadar: A Ṫiġearna, ar siad; déin trócaire orainn, a Ṁic Dáiḃid. 31 Agus ḃí an tsluaġ ’ġá gcosg, go n-éistfidís. Aċ sin mar a b’aoirde do liúġadar-san: A Ṫiġearna, ar siad; déin trócaire orainn, a Ṁic Dáiḃid. 32 Agus do stad Íosa, agus ġlaoiḋ sé orṫa, agus duḃairt sé: Cad is maiṫ liḃ a ḋéanfainn daoiḃ? 33 Go n-osgalófaí ár súile, a Ṫiġearna, ar siad. 34 Agus ṫáinig truaġ ag Íosa ḋóiḃ, agus ċuir sé a láṁ ar a súiliḃ: agus ṫáinig a raḋarc dóiḃ láiṫreaċ, agus do leanadar é. |
historic text maintained by the Bible Society.
British & Foreign Bible Society