Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Maitiú 2 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)


CAIBIDIOL II. Ofrálaċa na suaḋ. An teiṫe ċun na h-Éigipte. Marḃaḋ na leanḃ.

1 Ansan, nuair a rugaḋ Íosa i mBetlehem Iúda, i laeṫiḃ an rí Héróid, ṫáinig draoiṫe ó’n ndoṁan toir go Ierúsalam, agus duḃradar:

2 Cá ḃfuil an rí seo na n-Iúdaċ atá beirṫe? Mar do ċonacamairne a réalt sa doṁan toir agus ṫánamair ċun é ḋ’aḋraḋ.

3 Nuair airiġ Héród, an rí, an méid sin ṫáinig buaireaṁ air, agus ar Ierúsalem go léir ċóṁ maiṫ.

4 Agus ċruinniġ sé uaċtaráin na sagart agus sgríḃneóirí an ṗobuil, agus d’ḟiafraiġ sé ḋíoḃ cá mbéarfaí Críost.

5 Agus duḃradar-san leis: I mBetlehem Iúda, óir sin mar atá sgríoḃṫa ag an ḃfáiḋ:

6 Agus tusa, a Ḃetlehem, a ṫalaṁ Iúda, ní tu is lúġa i n-aon ċor ar ṫaoiseaċaiḃ Iúda, óir is asat-sa a ṫiocfaiḋ an taoiseaċ a ḋéanfaiḋ mo ṗobul Israél do riaraḋ.

7 Ansan do ġlaoiḋ Héród na draoiṫe ċuige, a gan ḟios, agus fuair sé amaċ uaṫa go cruinn an t-am i n-ar taisbeánaḋ an réalt dóiḃ.

8 Agus do stiúruiġ sé go Betlehem iad, agus duḃairt sé: Cuarduiġiḋ go maiṫ an mac so; agus nuair a ġeoḃaiḋ siḃ tuairisg air tagaiḋ agus innsiḋ dóṁ-sa é, go dtéiġead agus go n-aḋrad é, leis.

9 Tar éis na cainte sin ó’n rí d’imṫiġeadar. Agus féaċ, an réalt a ċonacadar sa doṁan toir do ġluais sé rómpa go dtáinig sé agus gur stad sé os cionn na h-áite i n-a raiḃ an leanḃ.

10 Nuair a ċonacadar an réalt do ṫáinig árd-áṫas orṫa.

11 Agus ċuadar isteaċ sa tiġ, agus fuaradar an leanḃ agus a ṁáṫair, Muire, agus ṡléaċtadar dó agus d’aḋradar é; agus d’osgaladar a gcuid stóir, agus ṫugadar bronn-tanas dó, ór agus túis agus mirr.

12 Agus do tugaḋ foláraṁ dóiḃ i dtaiḃreaṁ gan dul ṫar n-ais go dtí Héród, agus ċuadar bóṫar eile ṫar n-ais ċun a dtíre féin.

13 Nuair a ḃíodar-san imṫiġṫe do ṫaisbeáin aingeal an Tiġearna é féin do Ióseṗ, ’n-a ċodla, agus duḃairt sé. Eiriġ, agus tóg leat an leanḃ agus a ṁáṫair agus imṫiġ go h-Éigipt, agus fan ann go n-innsead duit, mar beiḋ Héród ag lorg an leinḃ ċun a ṁairḃṫe.

14 D’eiriġ seisean, agus ṫóg sé leis an leanḃ agus a ṁáṫair, agus ċuaiḋ sé sa n-Éigipt;

15 agus ḃí sé sa n-áit sin ċun go ḃfuair Héród bás; Ionus go gcóṁlíonfaí an focal aduḃairt an Tiġearna tré ḃéal an ḟáiḋ, nuair aduḃairt sé: As an Éigipt do ġlaoḋas mo ṁac.

16 Ansan, nuair a ċonaic Héród gur ṁeall na draoiṫe é, ṫáinig fearg ana-ṁór air agus ċuir sé amaċ a luċt airm agus ṁairḃ sé a raiḃ de ṁacaiḃ dá ḃlian, nó fé n-a ḃun, i mBetlehem agus ins na triúċaiḃ go léir a ḃain léi, do réir an méid aimsire a fuair sé amaċ ó ċaint na ndraoiṫe.

17 Ansan iseaḋ do cóṁlíonaḋ an ċaint aduḃairt Ieremias fáiḋ nuair aduḃairt sé:

18 Do h-airiġeaḋ guṫ i Ráma, árd-ġol agus iomad ologón, Ráchel ag caoine a clainne, agus ná glacfaḋ sí sólás toisg gan iad a ḃeiṫ ann.

19 Tar éis ḃáis Héróid, áṁṫaċ, féaċ, do ṫaisbeáin aingeal an Tiġearna é féin do Ióseṗ i dtaiḃreaṁ, sa n-Éigipt.

20 Agus duḃairt: Eiriġ, agus tóg leat an leanḃ agus a ṁáṫair, agus imṫiġ go tír Israéil, óir an ṁuíntir a ḃí ar tí an leinḃ do ċur ċun ḃáis táid siad tar éis ḃáis.

21 Agus d’eiriġ seisean agus ṫóg sé leis an leanḃ ⁊ a ṁáṫair, agus ṫáinig sé go tír Israéil.

22 Aċ d’airiġ sé Archelaus a ḃeiṫ ’n-a rí ar Iúdéa i n-inead a aṫar, Héród, agus níor leig eagla ḋó dul ansan; agus do tugaḋ foláraṁ dó i n-a ċodla, agus ċuaiḋ sé i gcríoċaiḃ Ġaililí.

23 Agus ṫáinig sé ċun cóṁnuiġṫe sa ḃaile ar a dtugtar Nasaret, ionus go gcóṁlíonfaí an níḋ aduḃairt na fáiḋe: Óir taḃarfar Nasarénaċ air.

historic text maintained by the Bible Society.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan