Maitiú 19 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)CAIBIDIOL XIX. Críost ġá ḋeiṁniú go ḃfuil an pósaḋ do-sgaoílte: agus ġá ċóṁaírliú ḋúinn sgaraṁaint le gaċ níḋ ar a ṡon féin. An ċontaḃairt a leanann saiḋḃreas á ṫaisbeáint aige, agus an tuarastal atá as gaċ níḋ do ṫréigean ar a ṡon féin. 1 Agus do ṫárla, nuair a ḃí na cóṁráiḋte sin críoċnuiġṫe ag Íosa, gur ḟág sé Gaililí agus go dtáinig sé i gcríoċaiḃ Iúdaéa lastall de’n Iórdan. 2 Agus do lean sluaġ ṁór é; agus do leiġis sé iad sa n-áit sin. 3 Agus ṫáinig na Fairisíniġ ċuige ’ġá ṫriail, agus duḃradar: An dleaġṫaċ do ḋuine a ḃean do ċur uaiḋ ar gaċ aon tsaġas cúise? 4 Agus do ḟreagair sé iad, agus duḃairt: Nár léiġeaḃair, an t-é ċruṫuiġ an duine ar dtúis, gur ċruṫuiġ sé iad firean agus bainean, agus duḃairt sé: 5 Mar ġeall air sin, fágfaiḋ duine a aṫair agus a ṁáṫair, agus claoiḋfiḋ sé le n-a ṁnaoi, agus beid siad ’n-a mbeirt i n-aon feóil. 6 D’á ḃríġ sin, ní ḋá ḟeóil iad feasda, aċ aon ḟeóil aṁáin. Uime sin, an níḋ a ċeangail Dia ná sgaoileaḋ duine é. 7 Duḃradar san leis: Cad ċuige, má ’seaḋ, gur órduiġ Maois leitir a díbearṫa ṫaḃairt di agus í ċur ċun siuḃail? 8 Duḃairt sé leó: Do ċeaduiġ Maois daoiḃ-se, toisg an ċroiḋe cruaiḋ a ḃeiṫ agaiḃ, ḃúr mná do ċur uaiḃ; ní raiḃ an sgéal mar sin, áṁṫaċ, ó ṫusaċ. 9 Aċ deirim-se liḃ, aoinne ċuirfiḋ uaiḋ a ḃean, aċ aṁáin mar ġeall ar ḋrúis, agus do ṗósfaiḋ bean eile, go ndeineann sé aḋaltranas; agus an t-é a ṗósfaiḋ an bean a díbreaḋ, go ndeineann sé aḋaltranas. 10 Duḃairt a ḋeisgiobuil leis: Má’s mar sin atá an sgéal ag duine i dtaoḃ a ṁná, ní maiṫ an rud pósaḋ. 11 Agus duḃairt sé leó: Ní h-é gaċ aoinne a ġlacann an ċaint sin, aċ an ṁuíntir gur tugaḋ san dóiḃ. 12 Óir táid coillteáin do rugaḋ mar sin ó ḃroinn a máṫar; agus tá coillteáin gur ṫug daoine an cor san orṫa; agus tá coillteáin a ḋein iad féin do ċoillt ar son ríġeaċta na ḃflaṫas. An t-é go dtig leis a ġaḃáil, gaḃaḋ. 13 Ansan do tugaḋ ċuige aos óg, go ndéanfaḋ sé a láṁ do ċur orṫa agus guiḋe; agus ḃí na deisgiobuil ġá gcosg. 14 Aċ duḃairt Íosa leó: Leigiḋ ċúġam an ṁuintir ḃeag, agus ná coisgiḋ iad; óir is le n-a leiṫéidí sin ríġeaċt na ḃflaṫas. 15 Agus nuair a ċuir sé a láṁa orṫa, d’ḟág sé an áit sin. 16 Agus féaċ, ṫáinig; duine ċuige agus duḃairt sé: A Ṁaiġístir ṁaiṫ, cad í an ṁaiṫ a ḋéanfad ionus go mbeaḋ agam beaṫa ṡíoruiḋe? 17 Agus duḃairt sé leis: Cad é an tráċt so agat ar ṁaiṫ? Ní’l aċ Aon is maiṫ, ’sé sin Dia. Aċ má’s maiṫ leat dul isteaċ sa ḃeaṫa, coimeád na n-aiṫeanta. 18 Deir seisean leis: Cad iad na h-aiṫeanta? Agus duḃairt Íosa: Ná dein marḃaḋ; Ná dein drúis; Na dein guid; Ná dein fiaḋnaise ḃréige; 19 Taḃair onóir do t’aṫair agus dod’ ṁáṫair; agus, gráḋuiġ do ċóṁarsa mar ṫu féin. 20 Duḃairt an t-óigḟear leis: Ċoimeádas iad san go léir ó m’óige; cad eile is riaċtanaċ dom? 21 Duḃairt Íosa leis: Má’s maiṫ leat ḃeiṫ beaċt, imṫiġ agus díol amaċ a ḃfuil agat, agus taḃair dos na boċtaiḃ, agus beiḋ stór ar neaṁ agat; agus tar agus lean mise. 22 Nuair airiġ an t-ógánaċ an ċaint sin, áṁṫaċ, d’imṫiġ sé agus é go buarṫa; mar fear ab eaḋ é go raiḃ mórán saiḋḃir aige. 23 Agus duḃairt Íosa le n-a ḋeisgiobuil: Go deiṁin adeirim liḃ, is deacair do’n duine saiḋḃir dul isteaċ i ríġeaċt na ḃflaṫas. 24 Agus deirim airís liḃ é: Is usa do ċamal gaḃáil tré ċró snáṫaide ’ná do’n duine saiḋḃir dul isteaċ i ríġeaċt na ḃflaṫas. 25 Nuair airiġ na deisgiobuil an méid sin ṫáinig árd-iongnaḋ orṫa, agus duḃradar: Má ’seaḋ, cé ḟéadfaiḋ dul saor? 26 D’ḟéaċ Íosa orṫa agus duḃairt sé: Ní féidir so do ḋaoine; aċ is féidir le Dia gaċ níḋ. 27 Ansan d’ḟreagair Peadar agus duḃairt sé: Féaċ, d’ḟágamairne gaċ níḋ, agus do leanamair tusa: Agus cad a ḃeiḋ d’á ḃárr againn? 28 Agus duḃairt Íosa leó: Go deiṁin adeirim liḃ, siḃ-se do lean mé, sa n-aiṫġeineaṁaint, nuair a ṡuiḋfiḋ Mac an Duine i gcaṫaoir a ġradaim, súiḋfiḋ siḃ ar ḋá ċaṫaoir déag ag taḃairt breiṫe ar ḋá ṫreiḃ déag Israéil. 29 Agus gaċ duine a ḋ’ḟágfaiḋ a ṫiġ, nó a ḋriṫáraċa, nó a ḋriféaraċa, nó a aṫair, nó a ṁáṫair, nó a ḃean, nó á ċlann, nó a ċuid tailiṁ, ar son m’ainime-se, ġeoḃaiḋ sé fó ċéad, agus beiḋ an ḃeaṫa ṡíoruiḋe aige. 30 Aċ beiḋ a lán d’á ḃfuil ar tusaċ ar deire, agus d’á ḃfuil ar deire ar tusaċ. |
historic text maintained by the Bible Society.
British & Foreign Bible Society