Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Maitiú 17 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)


CAIBIDIOL XVII. An t-Aṫarú gné ar Ċríost. An leanḃ a ḃí n-a ġeilt d’á leiġeas aige. D’innis sé a ṗáis a ḃeiṫ ag teaċt, agus ḋíol sé an didraċma.

1 Agus sé lá ’n-a ḋiaiḋ san do ṫóg Íosa leis Peadar agus Séamus agus Eóin, a ḋriṫáir-sin, agus do rug sé suas iad go bárr cnuic aoírd, fé leiṫ,

2 Agus ṫáinig aṫrúġaḋ cló air ós a gcóṁair. Agus ṫáinig taiṫneaṁ ’n-a ġnúis ar nós na gréine, agus d’iompuiġ a ċuid éadaiġ ċóṁ geal le sneaċta.

3 Agus féaċ, do ċonacadar Maois agus Elias agus iad ag caint leis.

4 Agus d’ḟreagair Peadar agus duḃairt sé le h-Íosa: A Ṫiġearna, is maiṫ an ḃail orainne ḃeiṫ anso; má’s áil leat deinimís anso trí puible, pubal duit-se, agus pubal do Ṁaois, agus pubal d’Elias.

5 Le linn na cainte sin do ráḋ ḋó, féaċ, do ċlúdaiġ sgamall soillseaċ iad; agus féaċ, guṫ as an sgamall, agus duḃairt: Sidé mo Ṁac dílis ar a ḃfuil mo ġreann: éistiḋ leis.

6 Agus nuair airiġ na deisgiobuil an guṫ, do ṫuiteadar ar a n-aġaiḋ, agus eagla mór orṫa.

7 Agus ṫáinig Íosa agus ċuir sé a láṁ orṫa, agus duḃairt sé leó: Eiríġiḋ, agus ná bíoḋ eagal oraiḃ.

8 Agus d’ḟéaċadar suas, agus ní ḟeacadar aoinne aċ Íosa féin.

9 Agus ag teaċt anuas ó’n gcnoc dóiḃ duḃairt Íosa leo: Ná h-innsiḋ d’aoinne an raḋarc go n-eiriġiḋ Mac an Duine ós na mairḃ.

10 Agus d’ḟiafraiġ na deisgiobuil dé: Agus cad ċuige go ndeir na Sgríḃneóirí náċ foláir Elias do ṫeaċt ar dtúis?

11 Agus duḃairt sé leó ’ġá ḃfreagra: Tiocfaiḋ Elias, agus ceartóċaiḋ sé gaċ níḋ.

12 Aċ deirim-se liḃ go dtáinig Elias ċeana, agus níor aiṫniġeadar é, aċ d’imireadar a dtoil air. Agus sin mar atá le fulang ag Mac an Duine uaṫa.

13 Ansan do ṫuig na deisgiobuil gur ar Eóin Baiste a ḃí sé ag tráċt leó.

14 Agus nuair a ṫánadar go dtí an sluaġ, do ṫáinig ċuige duine agus ċaiṫ sé é féin ar a ġlúiniḃ ’n-a láṫair: A Ṫiġearna, ar seisean, dein trócaire ar mo ṁac; mar tá sé ’n-a ġeilt, agus tá mórán pionóis air; agus tuiteann sé sa teine go minic, agus sa n-uisge go minic.

15 Agus ṫugas ċun do ḋeisgiobul é, agus níor ḟéadadar é leiġeas.

16 Agus d’ḟreagair Íosa agus duḃairt: Ó, a ṡlioċt ḋíṫ-ċreidiṁ ḋo-ṫeagasgṫa, an fada a ḃeiḋ mé i n-ḃúr measg? an fada a ċuirfead suas liḃ? Tugaiḋ ċúġam anso é.

17 Agus do smaċtuiġ Íosa an deaṁan, agus d’imṫiġ sé as, agus ḃí an mac leiġiste as san amaċ.

18 Ansan ṫáinig na deisgiobuil ag triall ar Íosa, a gan ḟios, agus duḃradar, Cad ’n-a ṫaoḃ nár ḟéadamairne é ċur amaċ?

19 Agus duḃairt Íosa leó: Mar ġeall ar ḃúr n-easba creidiṁ. Go deiṁin adeirim liḃ, má ḃíonn fiú oiread gráinne de ṡíol mustáird de ċreideaṁ agaiḃ, déarfaiḋ siḃ leis an gcnoc so, Aistiriġ as so ansúd anonn, agus aistireóċaiḋ sé; agus ní ḃeiḋ aon rud ná beiḋ ar ḃúr gcumas a ḋéanaṁ.

20 Aċ ní curtar amaċ an sórd so aċ le h-úrnuiġṫe agus le trosgaḋ.

21 Agus nuair a ḃíodar ’n-a gcóṁnuiḋe i nGaililí, duḃairt Íosa leó: Tá Mac an duine le taḃairt i láṁaiḃ daoine;

22 Agus cuirfid siad ċun báis é, agus aiseireóċaiḋ sé an tríṁaḋ lá. Agus ṫáinig buairt ana ṁór orṫa.

23 Agus nuair a ṫánadar go Caṗarnaum ṫáinig luċt na ndidraċma do ġlacaḋ ag triall ar Ṗeadar, agus duḃradar leis: Ná díolann ḃúr máiġistir-se an didraċma? Duḃairt seisean: Díolann.

24 Agus nuair a ċuadar isteaċ sa tiġ do laḃair Íosa leis ar dtúis agus duḃairt: Cad a ċítear duit-se, a Ṡímóin? riġṫe na talṁan, cé uaṫa go nglacaid siad cíos nó cáin? an ó n-a gclainn féin, nó ó ḋaoiniḃ iasaċta?

25 Agus duḃairt seisean: Ó ḋaoiniḃ iasaċta. Duḃairt Íosa leis: D’á ḃríġ sin tá an ċlann saor.

26 Aċ i dtreó ná taḃarfaimís sgannal dóiḃ, imṫiġ ċun na faraige agus caiṫ duḃán; agus an céad iasg a ṫiocfaiḋ aníos, tóg é; agus osgail a ḃéal, agus ġeoḃair statér ann; tóg é sin agus taḃair dóiḃ sin é asam-sa agus asat féin.

historic text maintained by the Bible Society.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan