Maitiú 16 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)CAIBIDIOL XVI. Críost ġá ḋiúltú cóṁarṫa ó neaṁ a ṫaisḃeáint dos na Fairisíniġ. Adṁáil Ṗeadair agus a ṫoraḋ ḋó; a imḋeargaḋ mar ġeall ar ċur i n-aġaiḋ páise Ċríost. Ní foláir do ċualaċt Ċríost uile iad féin do ṡéanaḋ. 1 Ansan do ṫáinig ċuige na Fairisíniġ agus na Sadducíniġ ċun triail a ḃaint as; agus d’iarradar air cóṁarṫa ó neaṁ do ṫaisbeáint dóiḃ. 2 Aċ d’ḟreagair seisean agus duḃairt sé leó: Deirṫí-se um ṫráṫnóna, Beiḋ soinean ann, mar tá an spéir dearg; 3 Agus ar maidin, Beiḋ stoirm ann, mar tá an spéir ag deargaḋ go dorċa. 4 Tá ḟios agaiḃ conus gnúis na spéire do ḃreiṫniú; agus náċ féidir liḃ cóṁarṫaí na h-aimsire ḋ’aiṫint? Tá slioċt an uilc agus an aḋaltranais ag lorg cóṁarṫa; aċ ní taḃarfar de ċóṁarṫa ḋóiḃ aċ cóṁarṫa Iónais Fáiḋ. Agus d’ḟág sé ansan iad agus d’imṫiġ sé. 5 Agus nuair a ṫáinig a ḋeisgiobuil treasna na faraige, ḋearṁadadar arán a ṫaḃairt leó. 6 Agus duḃairt sé leó: Féaċaiḋ agus seaċnaiḋ giost na ḃFairisíneaċ agus na Sadducíneaċ. 7 Agus ḋeineadar-san maċtnaṁ ’n-a n-aigne, ’ġá ráḋ, Níor ṫugamar arán linn. 8 Agus ḃí a ḟios san ag Íosa, agus duḃairt sé: A ḋaoine gan puínn creidiṁ, cad é an maċtnaṁ so oraiḃ toisg gan arán a ḃeiṫ agaiḃ? 9 Ná fuil tuisgint agaiḃ fós, nó náċ cuiṁin liḃ na seaċt mbulóga do’n ċúig ṁíle duine, agus an ’mó ciseán a ṫógaḃair? 10 Ná na seaċt mbulóga do’n ceiṫre ṁíle duine, agus an ’mó ciseán a ṫógaḃair? 11 Cad ’n-a ṫaoḃ ná tuigeann siḃ náċ i dtaoḃ aráin aduḃart, Seaċnaiḋ giost na ḃFairisíneaċ agus na Sadducíneaċ? 12 Ansan do ṫuigeadar ná duḃairt sé gur ḃ’é giost an aráin a ḃí le seaċaint, aċ teagasg na ḃFairisíneaċ agus na Sadducíneaċ. 13 Agus ṫáinig Íosa isteaċ i gcríoċaiḃ Ċaesaréa Ṗilippí; agus do ċeistiġ sé a ḋeisgiobuil, agus duḃairt: Cé h-é, dar le daoine, Mac an Duine? 14 Agus duḃradar: Deir cuid acu gur b’é Eóin Baiste é; agus deir cuid acu gur b’é Elias é; agus deir cuid acu gur b’é Ieremias é, nó duine des na fáiḋiḃ. 15 Agus duḃairt Íosa leó: Aċ dar liḃ-se cé h-é mé? 16 Agus d’ḟreagair Símón Peadar agus duḃairt: Is tú Críost Mac Dé Ḃí. 17 Agus d’ḟreagair Íosa agus duḃairt sé leis: Is aoiḃinn duit, a Ṡímóin ṁic Ióna, óir ní feóil agus fuil a ḋ’ḟoillsiġ duit-se sin, aċ m’Aṫair-se atá ins na flaṫais. 18 Agus deirim-se leat-sa gur Peadar tú, agus is ar an gcaraig seo a ċuirfead-sa suas m’eaglais, agus ní ḃuaḋfaid geataí ifrinn uirṫi. 19 Agus taḃarfad duit eoċraċa ríġeaċta na ḃflaṫas; agus pé rud a ċeangalóċair ar talaṁ, beiḋ sé ceangailte ins na flaṫais; agus pé rud a sgaoilfir ar talaṁ, beiḋ sé sgaoilte ins na flaṫais. 20 Ansan d’órduiġ sé d’á ḋeisgiobulaiḃ gan a ḋ’innsint d’aoinne gur ḃ’é féin Íosa Críost. 21 Ansan do ṫosnuiġ Íosa ar a ṫaisbeáint d’á ḋeisgiobuil nár ḃfoláir é féin a ḋul go Ierúsalem agus mórán d’ḟulang ós na sínsearaiḃ agus ós na Sgníḃ-neóiríḃ agus ó uaċtaránaiḃ na sagart, agus a ċur ċun báis, agus a aiseiriġe an tríṁaḋ lá. 22 Agus do ṫóg Peadar é, agus ċrom sé ar aiġneas leis, agus duḃairt sé: Aḃfad uait-se sin, a Ṫiġearna. Ní ṫiocfaiḋ san ort-sa. 23 Agus d’iompuiġ seisean agus duḃairt sé le Peadar: Imṫiġ lastiar díom a Ṡátain; cuireann tu seirḃṫean orm; mar ní h-iad na neiṫe a ḃaineann le Dia a ṫaiṫneann leat-sa aċ na neiṫe a ḃaineann le daoine. 24 Ansan duḃairt Íosa le n-a ḋeisgiobuil: Ma’s áil le h-aoinne teaċt am’ ḋiaiḋ-se, séanaḋ sé é féin, agus tógaḋ sé a ċros, agus leanaḋ sé mé. 25 Mar, an t-é gur mian leis a anam do ṡáḃáil, caillfiḋ sé é; aċ an t-é a ċaillfiḋ a anam ar mo ṡon-sa, ġeóḃaiḋ sé é. 26 Mar, cad é an tairḃe do ḋuine an doṁan go léir a ḃuaċtaint, má ḋeineann sé a anam féin a ċailleaṁaint? nó cad í an ṁalairt a ḋéanfaiḋ duine ar a anam féin? 27 Óir tá Mac an Duine ċun teaċt i nglóire a Aṫar mar aon le n-a aingealaiḃ; agus ansan taḃarfaiḋ sé do gaċ duine do réir a ġníoṁarṫa. 28 Go deiṁin adeirim liḃ, tá cuid d’á ḃfuil ’n-a seasaṁ anso agus ní ḃlaisfid siad bás go ḃfeicfid siad Mac an Duine ag teaċt ’n-a ríġeaċt. |
historic text maintained by the Bible Society.
British & Foreign Bible Society