Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Maitiú 15 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)


CAIBIDIOL XV. Na Sgríḃneóirí d’á n-imḋeargaḋ ag Críost. Inġean na mná ó Ċanaan, agus a lán eile d’á leiġeas aige agus bia aige ’á ṫaḃairt do ċeiṫre ṁíle duine le seaċt mbológaiḃ.

1 Ansan do ṫáinig Sgríḃneóirí agus Fairisíniġ ag triall air ó Ierúsalem, agus duḃradar:

2 Cad ċuige go mbrisid do ḋeisgioḃuil-se nósa na sean? Óir ní níġid siad a láṁa nuair a ċaiṫid siad bia.

3 Agus d’ḟreagair sé iad, agus duḃairt: Cad ċuige go mbriseann siḃ-se dlíġ Dé ar son ḃúr sean-nós? Óir deir Dia:

4 Taḃair do t’ aṫair agus do d’ ṁáṫair onóir; agus, An t-é déanfaiḋ easgaine ar a aṫair nó ar a ṁáṫair curtar ċun báis é.

5 Deir siḃ-se, áṁṫaċ, Pé duine adeir le n-a aṫair nó le n-a ṁáṫair, Gaċ taḃarṫas d’á dtugaim-se uaim, beiḋ a ṫairḃe agat-sa;

6 Agus ní onórfaiḋ sé a aṫair ná a ṁáṫair; agus tá aiṫne Dé curṫa agaiḃ ar neaṁníḋ ar son ḃur sean-nós.

7 A ċluanaiḋṫe, is maiṫ a ṫargair Isáias i nḃúr dtaoḃ nuair aduḃairt sé:

8 Onóraid na daoine seo mé le n-a mbéal, aċ is fada uaim atá a gcroiḋe.

9 Agus is onóir gan ḃunús a ṫugaid siad dom, ag múineaḋ teagaisg agus aiṫeanta daoine.

10 Agus do ġlaoiḋ sé ċuige an pobul, agus duḃairt sé leó: Cloisiḋ agus tuigiḋ:

11 Ní h-é an rud a ṫéiġeann isteaċ sa ḃéal a ṡailiġeann an duine, aċ an rud a ṫagann amaċ as an mbéal, siné a ṡailiġeann an duine.

12 Ansan do ṫáinig a ḋeisgiobuil ċuige, agus duḃradar leis. An eol duit go ḃfuil sgannal glacaiṫe ag na Fairisíniġ ó airiġeadar an focal san?

13 Aċ d’ḟreagair seisean: Gaċ curadóireaċt nár ċuir m’Aṫair neaṁḋa-sa, stracfar as a ṗréacaiḃ é.

14 Sgaoiliḋ leó san; giollaí dalla ag dallaiḃ iseaḋ iad; agus má ḋeineann dall giollaċt ar ḋall, tuitfid siad araon sa díg.

15 Agus d’ḟreagair Peadar agus duḃairt: Mínig dúinn an tsoluíd úd.

16 Agus duḃairt seisean: Agus an ḃfuil siḃ-se féin gan tuisgint fós?

17 Ná tuigeann siḃ, gaċ níḋ a ṫéiġeann isteaċ sa ḃéal, go dtéiġeann sé síos sa ḃolg, agus go n-imṫiġeann sé sa ḃfiailteaċ?

18 Aċ na neiṫe a ṫagann as an mbéal, is ó’n gcroiḋe a ṫagaid siad; agus isiad a ṡailiġeann an duine.

19 Óir is amaċ as an gcroiḋe a ṫagaid droċ-smuínte, dúnṁarḃaḋ, aḋaltranas, striapaċas, gadaiḋeaċt, leaḃair éiṫiġ, diaṁasla;

20 Siniad a ṡailiġeann an duine; Agus ní bia a ḋ’iṫe gan láṁa do níġe a ṡailiġeann an duine.

21 Agus d’imṫiġ Íosa as an áit sin, agus ċuaiḋ sé go críoċaiḃ Tuíre agus Sídóin.

22 Agus féaċ, ṫáinig bean ó Ċanaan amaċ as na críoċaiḃ sin, agus do ġlaoiḋ sí: A Ṫiġearna, a Ṁic Dáiḃid, fóir orm! ar sisi; Tá m’inġean d’á ciapaḋ go cruaiḋ ag deaṁan.

23 Agus níor ṫug sé aon ḟreagra uirṫi. Agus ṫáinig a ḋeisgiobuil ċuige, agus d’iarradar air í leigint ċun siúḃail. Leig ċun siúḃail í, ar siad; tá sí ag glaoḋaċ i n-ár ndiaiḋ.

24 Ansan duḃairt sé léi: Níor cuireaḋ mé aċ ċun na gcaoraċ a cailleaḋ ó teaġlaċ Israéil.

25 Aċ do ṫáinig sisi agus do ṡléaċt sí ḋó, agus, Fóir orm, a Ṫiġearna, ar sisi.

26 Agus d’ḟreagair sé: Ní maiṫ an rud bia na leanḃ a ṫaḃairt dos na coileánaiḃ.

27 Aċ, a Ṫiġearna, ar sisi, iṫid na coileáin an brúscar a ṫuiteann ó ḃórd a dtiġearnaí.

28 Ansan d’ḟreagair Íosa agus duḃairt sé léi: A ḃean, is mór é do ċreideaṁ. Deintear duit mar is mian leat. Agus do slánuiġeaḋ a h-inġean ó’n uair sin.

29 Agus d’imṫiġ Íosa ó’n áit, agus ṫáinig sé go bpuaċ mara Ġaililí; agus ċuaiḋ sé suas ar ċnoc, agus ṡuiḋ sé ann.

30 Agus ṫáinig sluaiġte móra ċuige, agus daoine balḃa acu, agus daill, agus bacaiġ, agus daoine leicṫe, agus mórán eile; agus ċaiṫeadar agá ċosaiḃ iad, agus do leiġis sé iad;

31 I dtreó go raiḃ iongnaḋ ar na sluaiġte nuair a ċonacadar na daoine a ḃí balḃ ag caint, agus na daoine a ḃí bacaċ ag siúḃal, agus raḋarc ag na dallaiḃ; agus do ṁoladar Dia Israéil.

32 Ansan do ġlaoiḋ Íosa ċuige a ḋeisgiobuil agus duḃairt sé: Tá truaġ agam do’n tsluaġ, óir táid siad tar éis fanṁaint trí lá am’ ḟoċair agus ní’l aon níḋ le n-iṫe acu; agus ní maiṫ liom iad do ċur uaim ’n-a dtrosgaḋ, le h-eagla go dtuitfidís ar an slíġ.

33 Agus duḃairt a ḋeisgiobuil leis: Aċ cá ḃfaiġmíd-ne, i ḃfásaċ, oiread aráin agus ṡásóċaiḋ a leiṫéid de ṡluaġ?

34 Agus duḃairt Íosa leó: An ’mó bulóg agaiḃ? Agus duḃradar-san, Seaċt mbulóga, agus raint d’ iasgaiḃ beaga.

35 Agus d’órduiġ sé do’n tsluaġ suiḋe ar an dtalaṁ.

36 Agus ṫóg sé na seaċt mbulóga agus na h-iasga, agus ġaiḃ sé buiḋeaċas, agus do ḃris sé iad, agus ṫug sé dos na deisgiobuil iad, agus ṫugadar-san do’n tsluaġ iad.

37 Agus d’iṫeadar go léir, agus ḃí a ndóiṫin acu; Agus an bia briste do fágaḋ, do ṫógadar é i seaċt gciseánaiḃ lána.

38 Agus isé méid daoine a ċaiṫ bia ann ná ċeiṫre ṁíle duine, lasmuiġ de ṁiondaoiniḃ agus de ṁnáiḃ.

39 Ansan do ċuir sé uaiḋ an tsluaġ, agus ċuaiḋ sé ar bórd na luinge bige, agus ṫáinig sé i gcríoċaiḃ Magedan.

historic text maintained by the Bible Society.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan