Maitiú 13 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)CAIBIDIOL XIII. Parabal ċuradóra an ċogail, agus parabal an tsíl-ṁustáird, ⁊rl. 1 Sa lá san ċuaiḋ Íosa amaċ as an dtiġ, agus ḃí sé n-a ṡuiḋe ar bruaċ na faraige. 2 Agus do ċruinniġ sluaiġte móra, i dtreó go ndeaġaiḋ sé ar bórd na luinge bige agus gur ṡuiḋ sé ínti, agus gur ṡeasaiṁ an tsluaġ go léir ar an dtráiġ. 3 Agus do ḋein sé a lán cainte leó i ḃfuirm soluídí, agus duḃairt sé: Féaċ, do ċuaiḋ síoladóir amaċ ag cur síl. 4 Agus nuair a ḃí sé ag cur an tsíl do ṫuit cuid acu i n-aice an ḃóṫair; agus ṫáinig éanlaiṫe an aeir agus d’iṫeadar iad. 5 Agus do ṫuit cuid eile acu i n-áit i n-a raiḃ cloċa agus iṫir ṡuaraċ; agus d’ḟásadar go luaṫ, toisg gan doiṁneas iṫreaċ a ḃeiṫ acu. 6 Agus d’eiriġ an ġrian agus do ġoill an teas orṫa; agus toisg gan an ṗréaṁ a ḃeiṫ acu d’ḟeóċadar. 7 Agus do ṫuit cuid eile acu ameasg na sgeaċ; agus d’ḟás na sgeaċa agus ṁúċadar iad. 8 Ṫuit cuid eile acu, áṁṫaċ, ar ṫalaṁ ḟóġanta; agus ṫugadar toraḋ, cuid acu fó ċéad, cuid acu fó ṫrí fiċid, cuid acu fó ṫríoċad. 9 An t-é go ḃfuil cluasa air ċun éisteaċta, éisteaḋ sé. 10 Agus ṫáinig na deisgiobuil ċuige agus duḃradar: Cad fá gur i soluídíḃ a laḃrann tú leó? 11 Agus d’ḟreagair sé agus duḃairt: Mar do tugaḋ daoiḃ-se eólus do ċur ar rú nDiaṁraiḃ ríġeaċta na ḃflaṫas; do’n ċuid eile, áṁṫaċ, níor tugaḋ san. 12 Óir an t-é go ḃfuil aige taḃarfar dó, agus beiḋ flúirse aige; agus an t-é ná fuil aige tógfar uaiḋ a ḃfuil aige. 13 Laḃraim leó i soluídíḃ mar tá raḋarc acu agus ní ḟeicid siad, agus tá éisteaċt acu agus ní ċloisid siad, ná ní ṫuigid siad. 14 Agus cóṁlíontar ionta targaireaċt Isáiais, mar a ndeir sé: Le cloisint cloisfiḋ siḃ agus ní ṫuigfiḋ siḃ, agus ag féaċaint ċífiḋ siḃ agus ní feicfiḋ siḃ. 15 Óir tá croiḋe an ṗobuil seo tromaíḋe, agus le n-a gcluasaiḃ cloisid siad go boḋar, agus tá a súile dúnta acu; le h-eagla, luaṫ ná mall, go ḃfeicfidís le n-a súiliḃ, agus go gcloisfidís le n-a gcluasaiḃ, agus go dtuigfidís i n-a gcroiḋe, agus go n-iompóċaidís agus go slánóċainn iad. 16 Aċ is aoiḃinn d’ḃúr súiliḃ-se, óir ċíd; agus d’ḃúr gcluasaiḃ, óir cloisid. 17 Óir go deiṁin adeirim liḃ gur ’mó fáiḋ agus fíoraon gur ṁian leó na neiṫe a d’ḟeisgint a ċíonn siḃ-se, agus ní ḟeacadar iad; agus na neiṫe do ċlos a ċloiseann siḃ-se agus níor ċloiseadar iad. 18 Éistiḋ-se anois le soluíd an tsíoladóra. 19 Gaċ duine a ċloiseann briaṫar na ríġeaċta agus ná tuigeann é, tagann an droċ-spioraid agus tógann sé an síol a cuireaḋ ’n-a ċroíḋe sin. Siné an síol a cuireaḋ i n-aice an ḃóṫair. 20 An t-é a ġlac an síol mar a raiḃ na cloċa, siné an t-é a ċloiseann an briaṫar agus do ġlacann láiṫreaċ é le h-áṫas; 21 Aċ ní’l an ṗréaṁ aige; ní leanann sé aċ tamall; agus nuair a ṫagann an trioblóid agus an ġéarleanṁaint mar ġeall ar an mbriaṫar, glacann sé sgannal. 22 Agus an t-é a ġlac an siól ins na sgeaċaiḃ, siné an t-é a ċloiseann an briaṫar, agus go ndeineann cúram an tsaoġail seo agus meallaḋ saiḋḃris an briaṫar do ṁúċaḋ, agus bíonn sé gan toraḋ. 23 Aċ an t-é a ġlac an síol isteaċ sa talaṁ fóġanta, siné an t-é a ċloiseann an briaṫar agus do ṫuigeann é, agus a ṫugann toraḋ uaiḋ, agus tugann sé cuid de’n toraḋ fó ċéad, agus cuid eile ḋe fó ṫrí fiċid, agus cuid eile ḋe fó ṫríoċad. 24 Ṫug sé soluíd eile ḋóiḃ, agus duḃairt sé: Is cosṁail ríġeaċt na ḃflaṫas le duine a ċuir síol fóġanta ’n-a ċuid tailiṁ; 25 Aċ nuair a ḃí na daoine ’n-a gcodlaḋ ṫáinig an naṁaid agus do ċuir sé cogal i lár na cruiṫneaċtan, agus d’imṫiġ sé. 26 Agus nuair a ḃí an geaṁar ag fás, agus an toraḋ ag teaċt, do ċonacṫas an cogal leis. 27 Ansan ṫáinig na seirḃísiġ ċun fir an tiġe, agus duḃradar leis: A Ṫigearna, náċ síol fóġanta a ċuiris ad’ ċuid tailiṁ? Cá ḃfuair sé an cogal mar sin? 28 Agus duḃairt sé leó: Naṁaid a ḋein an níḋ sin. Agus duḃairt na seirḃísiġ leis: An toil leat sinn do ḋul agus an cogal a ḃaint? 29 Agus duḃairt sé: Ní toil; le h-eagla, ag staṫaḋ an ċogail daoiḃ, go staṫfaḋ siḃ an ċruiṫneaċt leis. 30 Leigtear dóiḃ araon fás go dtagaiḋ an fóġṁar, agus nuair a ṫiocfaiḋ an fóġṁar déarfad leis na buanaiḋṫiḃ: Bailiġiḋ an cogal ar dtúis, agus ceangalaiḋ é ’n-a ṗunanaiḃ le dóġaḋ, aċ deiniḋ an ċruiṫneaċt do ḃailiú isteaċ am’ sgioból. 31 Agus ċuir sé soluíd eile os a gcóṁair, agus duḃairt sé: Is cosṁail ríġeaċt na ḃflaṫas le gráinne de ṡíol mustáird a ṫóg duine le cur ’n-a ġaraiḋe. 32 Ní’l síol ar biṫ is lúġa ’ná é; aċ nuair ḟásann sé ní’l glasra ar biṫ is mó ’ná é, agus ḋeineann crann dé, i dtreó go dtagaid éanlaiṫe an aéir agus go neaduiġid siad ’n-a ġéagaiḃ. 33 Do laḃair sé soluíd eile leó: Is cosṁail ríġeaċt na ḃflaṫas leis an ngiost a ġlac an ḃean agus a ċuir sí i ḃfolaċ i dtrí tóṁasaiḃ plúir, go dtí gur ġlac an plúr go léir an giost. 34 Do laḃair Íosa na neiṫe seo go léir leis na daoine i ḃfuirm soluídí; agus níor laḃair sé leó aċ i soluídíḃ; 35 Ionus go gcóṁlíonfaí an focal a laḃair an fáiḋ nuair aduḃairt sé: Osgalóċad mo ḃéal i soluídíḃ; noċtfad neiṫe atá foluiġṫe ó ċruṫniú an doṁain. 36 Ansan do ċuir sé ċun siuḃail an pobul, agus ṫáinig sé isteaċ sa tiġ, agus ṫáinig a deisgiobuil ċuige agus duḃradar: Míniġ dúinn soluíd an ċogail sa ġort. 37 Agus d’ḟreagair sé agus duḃairt: Isé Mac an Duine a ċuireann an síol fóġanta. 38 Agus isé an doṁan an gort. Agus clann na ríġeaċta, siniad an síol fóġanta. Agus clann an uilc, siniad an cogal. 39 Agus an naṁaid a ċuir an cogal, siné an diaḃal. Agus isé deire an tsaoġail an fóġṁar; agus isiad na h-aingil na buanaiḋṫe. 40 D’á ḃríġ sin, mar a bailiġtear an cogal agus a dóiġtear é sa teine, sin mar a ḃeiḋ i ndeire an tsaoġail. 41 Cuirfiḋ Mac an Duine a aingil amaċ agus baileóċaid siad as a ríġeaċt gaċ sgannal agus luċt déanta an uilc. 42 Agus cuirfid siad sa lasair ṫeine iad. Beiḋ sa n-áit sin gol agus díosgán fiacal. 43 Ansan beid na fíoraoin ag taiṫneaṁ ar nós na gréine i ríġeaċt a n-Aṫar. An t-é go ḃfuil cluasa air ċun éisteaċta, éisteaḋ sé. 44 Is cosṁail ríġeaċt na ḃflaṫas le stór a ḃeaḋ i ḃfolaċ i bpáirc; agus an t-é a ġeiḃeann é coimeádann sé rún air, agus tré ṁéid a áṫais imṫiġeann sé agus díolann sé amaċ a ċuid go léir, agus ceannuiġeann sé an ṗáirc sin. 45 Agus airís, is cosṁail ríġeaċt na ḃflaṫas le ceannaiḋe a ḃeaḋ ag lorg péarlaí fóġanta. 46 Agus nuair a fuair sé aon ṗéarla aṁáin ana-luaċṁar, do ḋíol sé a raiḃ aige, agus do ċeannaiġ sé an péarla san. 47 Airís, is cosṁail ríġeaċt na ḃflaṫas le líon a curfaí amaċ sa ḃfaraige, agus do ḃaileóċ’ an uile ṡaġas éisg; 48 Agus nuair a ḃí sé lán, gur taraingeaḋ amaċ é, agus gur ṡuiḋ na daoine ar an dtráiġ, agus gur ṫógadar na h-iasga maiṫe i n-árṫaíḃ agus gur ċaiṫeadar amaċ na droċ-iasga. 49 Sin mar a ḃeiḋ i ndeire an tsaoġail. Imṫéoċaid na h-aingil amaċ, agus deiġilfid siad na droċ-ḋaoine a’ lár na ḃfíoraon. 50 Agus cuirfid siad sa lasair ṫeine iad. Beiḋ gol agus díosgán fiacal sa n-áit sin. 51 Ar ṫuigeaḃair na neiṫe sin go léir? Do ṫuigeamair, ar siad. 52 Duḃairt sé leó: D’á ḃríġ sin, gaċ sgríḃneóir atá múinte i dtaoḃ ríġeaċta na ḃflaṫas, is cosṁail é le fear tiġe a ṫugann amaċ as a stór neiṫe nua agus sean-neiṫe. 53 Agus do ṫarla, nuair a ḃí na solúidí sin críoċnuiġṫe ag Íosa, gur ḟág sé an áit sin. 54 Agus ṫáinig sé isteaċ ’n-a dúṫaiġ féin, agus ḃí sé ag múineaḋ na ndaoine ins na sinagógaiḃ, i dtreó go mbíoḋ iongnaḋ orṫa, agus go ndeiridís: Cá ḃfuair sé seo an eagna so, agus na cóṁaċta? 55 Náċ é seo mac an ċeardaiḋe? Náċ ar a ṁáṫair a tugtar Muire, agus ar a ḃráiṫriḃ Séamus agus Ióseṗ agus Símón agus Iúdás? 56 Agus ná fuil a ṡiúraċa go léir i n-ár measg? Agus cá ḃfuair sé sin na neiṫe seo go léir? 57 Agus do ġlacadar sgannal d’á ḋruim. Duḃairt Íosa leó, áṁṫaċ: Ní’l fáiḋ gan onóir aċ ’n-a ḋúṫaiġ féin agus ’n-a ṫeaġlaċ féin. 58 Agus níor ḋein sé puínn mírḃuiltí sa n-áit sin, mar ġeall ar ḋíṫċreideaṁ na ndaoine sin. |
historic text maintained by the Bible Society.
British & Foreign Bible Society