Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Maitiú 12 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)


CAIBIDIOL XII. Daille na ḃFairisíneaċ dá cáineaḋ ag Críost, ⁊ iad á mbréagnú aige nuair a deirid siad gur le cóṁaċt Ṡátain a ḋeineann sé na mírḃuiltí.

1 Sa n-am san do ġluais Íosa tré ġortaiḃ arḃair, lá na sabbóide; agus ḃí ocras ar a ḋeisgiobuil, agus ċromadar ar na diasaiḃ do staṫaḋ agus d’iṫe.

2 Agus ċonaic na Fairisíniġ iad, agus duḃradar: Féaċ, táid do ḋeisgiobuil ag déanaṁ ruda naċ dleaġṫaċ a ḋéanaṁ lá na sabbóide.

3 Aċ duḃairt seisean leó: An aṁlaiḋ nár léiġeaḃair cad a ḋein Dáiḃid nuair a ḃí ocras air féin agus ar an muintir a ḃí i n-aonḟeaċt leis?

4 Conus mar a ċuaiḋ sé isteaċ i dtiġ Dé agus d’iṫ sé na bulóga a ḃí curṫa i láṫair Dé, níḋ nár, ċeaduiġṫe ḋó a ḋ’iṫe, ná do’n ṁuintir a ḃí le n-a ċois, ná d’aoinne aċ dos na sagairt aṁáin?

5 Nó an aṁlaiḋ nár léiġeaḃair sa dlíġ conus mar, a ḋeinid na sagairt sa teampall an tsabbóid do ḃriseaḋ agus ná ḋeinid siad peacaḋ?

6 Aċ deirim-se liḃ go ḃfuil anso aon is mó ’ná an teampall.

7 Aċ dá dtuigeaḋ siḃ cad é an níḋ, Trócaire is áil liom, agus ní h-íḋbirt, ní ḋaorfaḋ siḃ ċoíḋċe na neaṁċiontaċa.

8 Óir isé Tíġearna na sabbóide féin Mac an Duine.

9 Ansan d’ḟág sé an áit sin, agus ṫáinig sé isteaċ i n-a sinagóig ċúċa.

10 Agus féaċ, ḃí duine ann agus a láṁ gan tapaḋ. Agus d’ḟiafraiġeadar de, An dleaġṫaċ leiġeas a ḋéanaṁ sa tsabbóid? ionus go ḃféadfaidís rud a ċur ’n-a leiṫ.

11 Agus duḃairt seisean leo: Cé h-é an duine agaiḃ-se, dá mbeaḋ aon ċaora aṁáin aige, agus go dtuitfeaḋ sí i bpoll lá sabbóide, na béarfaḋ uirṫi agus í ṫarang amaċ?

12 Naċ mó le ráḋ go mór duine ’ná caora? D’á ḃríġ sin is dleaġṫaċ tairḃe déanaṁ sa tsabbóid.

13 Ansan duḃairt sé leis an nduine: Sin amaċ do láṁ. Agus do ṡín; agus ḃí sí ċóṁ slán leis an láiṁ eile.

14 D’imṫiġ na Fairisíniġ amaċ, áṁṫaċ, agus ċuadar i gcóṁairle ’n-a ċoinniḃ ċun a ṁairḃṫe.

15 Aċ ḃí a ḟios san ag Íosa, agus d’imṫiġ sé as an áit sin; agus do lean mórán daoine é, agus do leiġis sé iad go léir.

16 Agus d’órduiġ sé dóiḃ gan é ċur i n-iúil.

17 Ionus go gcóṁlíonfaí an níḋ aduḃraḋ tré Isáias fáiḋ mar a ndeir sé:

18 Féaċ, mo ṡeirḃíseaċ, an t-é a ṫoġas, an t-é is ionṁuin liom, an t-é ar a ḃfuil greann ó m’anam. Cuirfead mo spioraid air, agus fógróċaiḋ sé breiṫeaṁantas dos na geintiḃ.

19 Ní ḋéanfaiḋ sé aiġneas, agus ní ḋéanfaiḋ sé collóid; agus ní cloisfar a guṫ ins na sráidiḃ.

20 Ní ḃrisfiḋ sé an cuaile leóinte, agus ní ṁúċfaiḋ sé an líon go ḃfuil an deataċ as, go dtí go gcuirfiḋ sé amaċ breiṫeaṁantas ċun buaiḋte.

21 Agus is as a ainim a ḃeiḋ a mainiġin ag na geintiḃ.

22 Ansan do tugaḋ ċuige duine go raiḃ deaṁan ann, agus ḃí sé dall agus balḃ; agus do leiġis sé é, i dtreó go raiḃ raḋarc agus urlaḃra aige.

23 Agus ṫáinig uaṫḃás ar na sluaiġtiḃ go léir, agus deiridís: An féidir gur b’é seo mac Dáiḃid?

24 D’airiġ na Fairisíniġ an ċaint sin, agus duḃradar: Ní ċuireann sé seo na deaṁain amaċ aċ le cóṁaċt Ḃeelsebub, rí na ndeaṁan.

25 Aċ do ċonaic Íosa a smuínte, agus duḃairt sé leó: Gaċ riġeaċt a ḃeiḋ deiġilte ’n-a ċoinniḃ féin déanfaiḋ fásaċ dé; agus gaċ caṫair, nó gaċ teiġleaċ, a ḃeiḋ deigilte i gcoinniḃ a ċéile, ní ṡeasóċaiḋ sé;

26 Agus má ’sé Sátan a ċuireann amaċ Sátan, siné deigilte ’n-a ċoinniḃ féin é; agus d’á ḃríġ sin conus a ṡeasócaiḋ a ríġeaċt?

27 Agus má’s le cóṁaċt Ḃeelsebub a ċuirim-se amaċ na deaṁain, cad leis go gcuirid ḃúr gclann féin amaċ iad? Fágaim, d’á ḃríġ sin, fé ḃreiṫ ḃur gclainne féin siḃ.

28 Aċ má’s le Spioraid Dé a ċuirim-se na deaṁain amaċ, siné ríġeaċt Dé tagaiṫe i nḃúr measg.

29 Nó conus is féidir do ḋuine dul isteaċ i dtiġ an ḟir láidir agus a ṡeóide ḋ’ḟuadaċ, mura ndeiniḋ sé an fear láidir do ċeangal ar dtúis? Ansan sgartálfaiḋ sé a ṫiġ.

30 An t-é ná fuil liom, tá sé am’ aġaiḋ; agus an t-é ná cnuasaiġeann a’ ṫeannta, sgaipeann sé.

31 Deirim liḃ, d’á ḃríġ sin: Maiṫfar do ḋaoine gaċ peacaḋ agus gaċ diaṁasla, aċ diaṁasla i n-aġaiḋ an Spioraid ní maiṫfar do ḋaoine é.

32 Agus an t-é a ḋéarfaiḋ focal i n-aġaiḋ Ṁic an Duine, maiṫfar dó é; aċ an t-é a ḋéarfaiḋ i n-aġaiḋ an Spioraid Naoiṁ é, ní maiṫfar dó é, ar an saoġal so ná ar an saoġal atá le teaċt.

33 Deiniḋ an crann a ḃeiṫ go maiṫ agus a ṫoraḋ fóġanta air; nó deiniḋ an crann go h-olc agus an toraḋ go h-olc air; óir is as a ṫoraḋ do h-aiṫniġtear an crann.

34 A ṡlioċt na naiṫreaċ niṁe, conus is féidir daoíḃ-se neiṫe fóġanta do laḃairt agus siḃ go h-olc? óir is á líonṁaireaċt an ċroiḋe do laḃrann an béal.

35 Tugann an fear fóġanta neiṫe fóġanta uaiḋ, amaċ a’ stór fóġanta; agus tugann an droċ-ḋuine droċ-neiṫe uaiḋ amaċ a’ droċ-stór.

36 Agus deirim liḃ, an uile ḟocal díoṁaoin d’á laḃraid daoine, go dtaḃarfaid siad cúntas ann lá an ḃreiṫeaṁantais.

37 Óir is de ḃárr do ḃréiṫre féin a saorfar ṫu, agus is de ḃárr do ḃréiṫre féin a daorfar ṫu.

38 Ansan d’ḟreagair cuid des na Sgríḃneóiríḃ agus des na Fairisíniġ agus duḃradar: A Ṁáiġistir, is mian linn cóṁarṫa ḋ’ḟeisgint uait.

39 Agus d’ḟreagair sé iad: Tá droċ-ṡlioċt aḋaltranaċ ag lorg cóṁarṫa; agus ní taḃarfar de ċóṁarṫa ḋóiḃ aċ cóṁarṫa Iónais an fáiḋ.

40 Óir, fé mar a ḃí Iónas trí lá agus trí oiḋċe i mbolg an ṁíolṁóir, beiḋ Mac an Duine trí lá agus trí oiḋċe i gcroiḋe na talṁan.

41 Eireóċaid muintir Nineḃe i mbreiṫeaṁantas i n-aġaiḋ an tsleaċta so, agus daorfaid siad iad; óir do ḋeineadar-san aiṫriġe nuair a ṫeagaisg Iónas iad. Agus féaċ duine is mó ’ná Iónas anso.

42 Eireóċaiḋ banríġin na tíre ṫeas i mbreiṫeaṁantas i n-aġaiḋ an tsleaċta so, agus daorfaiḋ sí iad; óir do ṫáinig sí ó imeall an tsaoġail ċun éisteaċt le h-eagna Ṡalomóin. Agus féaċ duine is mó ’ná Salomón anso.

43 Agus nuair a ṫéiġeann an spioraid neaṁġlan amaċ as an nduine, siúḃlann sé tré áiteana feóċta ag lorg suaiṁnis, agus ní ḟaġann sé é.

44 Agus deir sé, Raġad tar n-ais ċun mo ṫiġe féin as a dtánag amaċ. Agus tagann sé agus ġeiḃeann sé an tiġ folaṁ agus é sguabṫa, glan, órnáideaċ.

45 Ansan imṫiġeann sé, agus tugann sé leis seaċt spioraidí eile is measa ’ná é féin, agus téiġid siad isteaċ, agus cóṁnuiġid siad sa tiġ sin. Agus is measa an cor atá ar an nduine sin sa deire ’ná mar a ḃí ar dtúis air. Sin mar a ḃeiḋ an sgéal ag an slioċt so atá ċóṁ fíor-olc.

46 An ḟaiḋ a ḃí sé ag caint leis an bpobul, ṫáinig a ṁáṫair agus a ḃráiṫre amuiġ agus iad a d’iarraiḋ laḃairt leis.

47 Agus duḃairt duine leis, Féaċ, tá do ṁáṫair agus do ḃráiṫre amuiġ, agus iad a d’iarraiḋ laḃarṫa leat.

48 Aċ d’ḟreagair seisean agus duḃairt: Cia h-í mo ṁáṫair, agus cé h-iad mo ḃráiṫre?

49 Agus do ṡín sé a láṁ ċun a ḋeisgiobul agus duḃairt sé: Féaċ, siniad mo ṁáṫair-se agus mo ḃráiṫre.

50 Óir pé duine a ḋéanfaiḋ toil m’Aṫar-sa atá ins na flaṫais, siné is bráṫair agus siúr agus máṫair agam-sa.

historic text maintained by the Bible Society.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan