Maitiú 11 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)CAIBIDIOL XI. A ḋeisgiobuil ag Eóin ḋá gcur ag triall ar Ċríost. Na Iúdaiġ ḋ’á gcáineaḋ ag Críost mar ġeall ar na creidfidís, agus na daoine d’á nglaoḋaċ ċuige a ṁoṫuiġid ualaí troma ḃeiṫ orṫa. 1 Agus do ṫárla, nuair a ḃí na h-órduiġṫe taḃarṫa ag Íosa d’á ḋáréag deisgiobul, gur imṫiġ sé as an áit sin ċun teagasg agus craoḃsgaoileaḋ ḋéanaṁ i n-a mbailtiḃ-sin. 2 Agus nuair a ḋ’airiġ Eóin, agus é gaḃṫa, oibreaċa Ċríost, ċuir sé beirt d’á ḋeisgiobulaiḃ féin ag triall air, agus duḃairt sé leis: 3 An tusa an t-é atá le teaċt, nó an ḃfuil orainn feiṫeaṁ le duine eile? 4 Agus duḃairt Íosa leó ’ġá ḃfreagraḋ: Imṫíġiḋ agus ínnsiḋ d’Eóin na neiṫe d’aireaḃair agus do ċonacaḃair; 5 Tá raḋarc ag daill; tá siúḃal ag bacaiġ; glantar na loḃair; tá éisteaċt ag daoine a ḃí boḋar; Eiriġid na mairḃ; Tá an Soisgéal d’á ṫeagasg dos na boċtaiḃ. 6 Agus is aoiḃinn do’n t-é ná glacfaiḋ sganall umam-sa. 7 Agus nuair a ḃí an ḃeirt imṫiġṫe do ċrom Íosa ar laḃairt leis na daoine i dtaoḃ Eóin: Cad a ḃí uaiḃ le feisgint nuair a ṫánaḃair amaċ sa ḃfásaċ? Slat d’a suaṫaḋ le gaoiṫ? 8 Aċ cad a ḃí uaiḃ le feisgint nuair a ṫánaḃair amaċ? Fear i n-éadaiġiḃ míne? Féaċ, i dtiġṫiḃ na rí atá luċt an éadaiġ ṁín. 9 Aċ cad a ḃí uaiḃ le feisgint nuair a ṫánaḃair amaċ? Fáiḋ, an eaḋ? Aċ deirim-se liḃ gur duine é is mó ’ná fáiḋ. 10 Óir is air seo atá sgríoḃṫa: Féaċ, táim-se ag cur m’aingil róṁat amaċ ċun na slíġe d’ollaṁú róṁat. 11 Go deiṁin adeirim liḃ, níor eiriġ, ar an rugaḋ ó ṁnáiḃ, duine ba ṁó ’ná Eóin Baiste; aċ an t-é is lúġa i ríġeaċt na ḃflaṫas is mó é ’ná eisean. 12 Aċ ó aimsir Eóin Baiste go dtí anois tá éigean ’á déanaṁ ar ríġeaċt na ḃflaṫas, agus isiad luċt an éigin a ḃeireann leó é. 13 Óir targaireaċt iseaḋ ḋein na fáiḋe go léir agus an dlíġ, go dtí Eóin. 14 Agus má’s áil liḃ a ġlacaḋ, isé Elias é atá le teaċt. 15 An t-é ar a ḃfuil cluasa ċun éisteaċta, éisteaḋ sé. 16 Aċ cé leis go saṁlóċad an tslioċt so? Is cosṁail iad le h-aos óg ’n-a suiḋe ar an maċa ag glaoḋaċ ar a gcomrádaiṫiḃ: Agus ’ġá ráḋ: 17 Ḋeineamair ceól daoiḃ ar ṗíbiḃ, agus níor ḋeineaḃair rinnce; do ċaoineamair, agus níor ḋeineaḃair gol. 18 Óir do ṫáinig Eóin gan iṫe gan ól, agus deirid siad: Tá deaṁan ann. 19 Ṫáinig Mac an Duine ag iṫe agus ag ól, agus deirid siad: Féaċ, an duine craosaċ agus an fear fíona d’ól, cara na bpuibliocánaċ agus na bpeacaċ. Agus ġeiḃeann an eagna a ceart ó n-a clainn féin. 20 Ansan do ċrom sé ar ṁilleán do ċur ar na caṫraċaiḃ ionar h-oibriġeaḋ an ċuid ba ṁó d’á ċóṁaċtaiḃ, toisg nár ḋeineadar aiṫriġe: 21 Mairg duit, a Ċorosain mairg duit, a Ḃetsáida! óir dá ndeintí i dTuíre agus i Sídón na fearta atá déanta ionaiḃ-se, is fadó a ḋéanfaidís aiṫriġe fé éadaċ ġarḃ agus fé luaiṫriġ. 22 Aċ deirim liḃ, áṁṫaċ, Beiḋ an sgéal níos saoire lá an ḃreiṫeaṁantais ag Tuíre agus ag Sídón ’na agaiḃ-se. 23 Agus tusa, a Ċaṗarnaum, an suas go flaṫas Dé a tógfar tú? Síos go h-ifreann iseaḋ a curfar ṫú; óir dá mba i Sodomaiḃ a déanfaí na fearta a deineaḋ ionat-sa, b’ḟéidir go mbeaḋ an ċaṫair sin ann do dtí an lá so. 24 Aċ deirim liḃ, áṁṫaċ, go mbeiḋ an sgéal níos saoire lá an ḃreiṫeaṁantais ag muintir Ṡodom ’ná agat-sa. 25 Sa n-am san d’ḟreagair Íosa agus duḃairt: Adṁuiġim ad’ láṫair-se, a Aṫair, a Ṫiġearna neiṁe agus talṁan, mar gur ċeilis na neiṫe seo ar luċt eagna agus tuisgiona, agus gur noċtais iad do naoiḋeanaiḃ. 26 Iseaḋ, a Aṫair; óir sin mar a ḃi taiṫneaṁaċ ad’ láṫair-se. 27 Tá gaċ uile níḋ taḃarṫa dóṁ-sa ag m’Aṫair. Agus ní’l aiṫne ag aoinne ar an Mac aċ ag an Aṫair; ná ar an Aṫair aċ ag an Mac, agus ag an t-é gur toil leis an Mac a ḋ’ḟoillsiú ḋó. 28 Tagaiḋ go léir ag triall orm-sa, gaċ duine go ḃfuil cruaḋtan agus tromualaċ air, agus taḃarfad-sa faoiseaṁ oraiḃ. 29 Tógaiḋ mo ċuing-se oraiḃ, agus foġlumaiḋ uaim, óir táim ceannsa agus úṁal ó ċroiḋe; agus ġeoḃaiḋ siḃ suaiṁneas d’ḃúr gcroiḋṫiḃ. 30 Óir is suairc mo ċuing-se agus is éadtrom m’ualaċ. |
historic text maintained by the Bible Society.
British & Foreign Bible Society