Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Maitiú 10 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)


CAIBIDIOL X. An dá Asbol déag dá gcur amaċ ag Críost agus cóṁaċt acu ċun mírḃúiltí ḋéanaṁ. Teagasg aige á ṫaḃairt dóiḃ.

1 Agus do ġlaoiḋ sé ċuige a ḋáréag deisgiobul, agus ṫug sé ḋóiḃ cóṁaċt ar na h-annspridíḃ, ċun iad do ċur amaċ, agus ċun gaċ galair agus breóiteaċta do leiġeas.

2 Agus sidiad ainimneaċa an dáréag aspol: Símón an ċéad duine, agus Peadar a tugtar air; agus Aindrias a ḋriṫáir.

3 Séamus mac Sebedé, agus Eóin a ḋriṫáir, Pilib agus Parṫolán, Tomás, agus Maitiú an puibliocánaċ, Séamus mac Alṗéis, agus Taddeus,

4 Símón ó Ċanaan, agus Iudás Iscariót, an fear a ḋíol é.

5 Ċuir Íosa uaiḋ an dáréag san, agus ṫug sé órdú ḋóiḃ mar seo: Ná h-imṫiġiḋ i slíġ na ngeinte agus na téiġiḋ isteaċ i gcaṫaraċaiḃ na Samaritánaċ;

6 Ac téiġiḋ fé ḋéin na gcaoraċ de ṫeiġleaċ Israéil atá imṫiġṫe amú’.

7 Imṫíġiḋ, agus deiniḋ craoḃsgaoileaḋ, agus abraiḋ, Tá ríġeaċt na ḃflaṫas tagaiṫe i n-aċmaireaċt.

8 Leiġsiḋ daoine breóite; tógaiḋ na mairḃ ó’n mbás; glanaiḋ na loḃair; cuiriḋ amaċ na deaṁain. Is i n-aisge do fuaraḃair; tugaiḋ uaiḃ i n-aisge.

9 Ná bíoḋ ór ná airgead ná saiḋḃreas i dtaisge agaiḃ i nḃúr gcrios.

10 Ná bíoḋ mála ċun lóin ḃóṫair agaiḃ, ná ḋá ċasóig, ná bróga, ná cleiṫ; óir is fiú an fear oibre é ċoṫú.

11 Agus pé caṫair nó dún n-a raġaiḋ siḃ isteaċ ann, fiafraíġiḋ cé is creideaṁnaċ ann, agus fanaiḋ ansan go dtí go mbeiḋ siḃ ag imṫeaċt.

12 Agus nuair a ḃeiḋ siḃ ag dul isteaċ i dtiġ, beannuiġiḋ do’n tiġ sin agus abraiḋ; Síoṫċáin do’n tiġ seo.

13 Agus má’s fiú an tiġ sin é, tiocfiḋ ḃúr síoṫċáin air; mura fiú, áṁ, fillfiḋ ḃúr síoṫċáin oraiḃ féin.

14 Agus pé duine ná glacfaiḋ siḃ agus ná h-éistfiḋ le nḃúr mbréiṫriḃ, téiġiḋ amaċ as an dtiġ sin, nó as an gcaṫair sin, agus caiṫiḋ an ceó d’ḃúr gcosaiḃ ann.

15 Go deiṁin adeirim liḃ, is saoire a ḃeiḋ an sgéal ag tír Ṡodom nó ag tír Ġomorra lá an ḃreiṫeaṁantais ’ná ag an gcaṫair sin.

16 Féaċ, táim ag ḃúr gcur amaċ ar nós caoraċ ameasg faolċon. Bíḋiḋ, d’á ḃríġ sin, ċóṁ glic leis na h-aiṫreaċaiḃ niṁe agus ċóṁ símplíḋe leis na colúraiḃ.

17 Aċ seaċnaiḋ siḃ féin ar na daoine. Óir, taḃarfid siad ar láiṁ siḃ, ins na cóṁairlíḃ agus sgiúrsálfaid siad siḃ i n-a sinagógaiḃ;

18 Agus béarfaid siad i láṫair ríġṫe agus uaċtarán siḃ mar ġeall orm-sa mar ḟiaḋnaise ḋóiḃ-sin agus dos na geintiḃ.

19 Nuair a ṫaḃarfid siad ar láiṁ siḃ, áṁṫaċ, ná bíḋiḋ ag maċtnaṁ féaċaint cad’ déarfaiḋ siḃ, ná conus; óir taḃarfar daoiḃ an uair sin an níḋ a laḃarfaiḋ siḃ.

20 Óir ní siḃ-se do laḃrann aċ Spioraid ḃur n-Aṫar a laḃrann ionaiḃ.

21 Agus taḃarfaiḋ an driṫáir a ḋriṫáir le cur ċun báis, agus an t-aṫair a ṁac; agus eireóċaid an ċlann i gcoinniḃ a n-aṫar agus a máṫar agus básóċaid siad iad.

22 Agus beiḋ fuaṫ ag gaċ duine ḋaoiḃ-se mar ġeall ar m’ainim-se; Aċ an t-é ṡeasóċaiḋ amaċ go deire isé a slánófar.

23 Aċ nuair a déanfar géarleanṁaint oraiḃ sa ċaṫair sin, imṫiġiḋ go caṫair eile: Go deiṁin adeirim liḃ, ní ḃeiḋ caṫaraċa Israéil siúḃalta agaiḃ sar a dtiocfiḋ Mac an Duine.

24 Ní’l an deisgiobul níos fearr ’ná a ṁáiġistir, agus ní’l an seirḃíseaċ níos fearr ná a ṫiġearna.

25 Is leór do’n deisgiobuil ḃeiṫ mar a ṁáiġistir, agus do’n tseirḃíseaċ ḃeiṫ mar a ṫiġearna. Má ṫugadar Beelsebub ar ḟear an tiġe, náċ mó ’ná san a ṫaḃarfaid siad ar ṁuintir a ṫiġe é?

26 Ná bíoḋ eagla agaiḃ rómpa d’á ḃríġ sin. Óir ní’l aon rud fé ċlúid ná noċtfar, agus ní’l rud i ḃfolaċ na h-aiṫneófar.

27 An rud adeirim liḃ sa doirċeaċt abraiḋ sa tsolus é; agus an rud a ḋ’airiġeann siḃ [mar ċogar] sa ċluais deiniḋ é ċraoḃsgaoileaḋ ar ḃarraíḃ na dtiġṫe.

28 Agus ná bíoḋ eagla agaiḃ roimis an muintir a ṁarḃuiġeann an corp, agus náċ féidir dóiḃ an t-anam a ṁarḃú; aċ bíoḋ eagla agaiḃ roimis an t-é gur féidir dó idir anam agus corp do ċur go h-ifreann.

29 Ná díoltar ḋá ġealḃún ar ḟeóirling? Agus ní féidir do ġealḃún acu tuitim ċun tailiṁ gan ḃúr n-Aṫair.

30 Ní’l ruibe d’ḃúr ngruaig ná fuil cóṁriġṫe.

31 Ná bíoḋ eagla oraiḃ, d’á ḃríġ sin. Is mó le ráḋ siḃ-se ’ná mórán des na gealḃúnaiḃ.

32 Gaċ duine, d’á ḃríġ sin, a ḋ’adṁóċaiḋ mise os cóṁair daoine, adṁóċad-sa eisean os cóṁair m’Aṫar atá ins na flaṫais.

33 Aċ an t-é a ṡéanfaiḋ mise os cóṁair daoine, séanfad-sa eisean os cóṁair m’Aṫar atá ins na flaṫais.

34 Ná measaiḋ gur ċun na síoṫċána ċur ar an dtalaṁ a ṫánag; ní ċun na síoṫċána ċur ann a ṫánag, aċ ċun an ċlaiḋiṁ a ċur ann.

35 Óir do ṫánag ċun an duine ċur i n-earaid le n-a aṫair, agus ċun na h-inġine ċur i n-aġaiḋ a máṫar, agus ċun mná an ṁic do ċur i n-aġaiḋ máṫar a céile.

36 Agus naṁaid duine a luċt aontíġis féin.

37 An t-é gur measa leis a aṫair nó a ṁáṫair ’ná mise, ní’l sé maiṫ a ḋóiṫin dom; agus an t-é gur measa leis a ṁac nó a inġean ’ná mé, ní’l sé maiṫ a ḋóiṫin dom.

38 Agus an t-é ná glacfaiḋ a ċros agus mise do leanṁaint, ní’l sé maiṫ a ḋóiṫin dom.

39 An t-é a ġeoḃaiḋ a anam féin caillfiḋ sé é; agus an t-é a ċaillfiḋ a anam féin ar mo ṡon-sa, ġeoḃaiḋ sé é.

40 An t-é a ġlacann siḃ-se, glacann sé mise; agus an t-é a ġlacann mise, glacann sé an t-é a ċuir uaiḋ me.

41 An t-é a ġlacann fáiḋ i n-ainim fáiḋe, ġeoḃaiḋ sé tuarasdal fáiḋe; agus an t-é a ġlacann fíoraon i n-ainim fíoraoin, ġeoḃaiḋ sé tuarasdal fíoraoin.

42 Agus an t-é a ṫaḃarfaiḋ le n-ól do ḋuine de’n ċuid is suaraíġe ḋíoḃ san fiú cupán uisge ḟuair, i n-ainim deisgiobuil, go deiṁin adeirim liḃ, ní ċaillfiḋ sé a luaċt saoṫair.

historic text maintained by the Bible Society.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan